Úsáid CORE

CORE

Ligeann CORE, Timpeallacht Cláraithe Cuideachtaí Ar Líne, duit, mar chustaiméir de chuid CRO, amharc ar an bhfaisnéis is déanaí faoi chuideachtaí a ndéanann tú comhdú i dtimpeallacht phríobháideach shlán.

Cuireann CORE ar do chumas:-

  • Stádas do chuideachtaí a sheiceáil i liostaí ar féidir iad a shórtáil in oird éagsúla
  • Fógraí a fháil maidir le comhdú i leith cuideachtaí i do phunann agus le hathruithe ar stádas na ndoiciméad sin.
  • Súil a choimeád ar do chuideachtaí
  • Comhdaigh doiciméid ar líne
  • Faigh iarmhéid do Chuntais, idirbhearta agus ráitis CRO

Tá Clárú le CORE Saor in Aisce

Ní mór duit tú féin a chlárú ar líne le CORE chun gur féidir leat comhdú ar líne. Ní gá ach clárú uair amháin, ina dhiaidh sin is féidir leat foirmeacha a chomhdú do chúpla cuideachta ag úsáid do logála isteach féin. Leanfaidh míniú ar na Cineálacha Láithreoirí, roghnaigh an ceann atá fóirsteanach duit.

Nasc: CORE (Láithreán Comhdaithe Ar Líne)Links to external website.

Riarachán

Nuair a chláraíonn duine le CORE is riarthóir fearainn é ansin. Is féidir leo comhaltaí eile an ghnólachta a chlárú mar úsáideoirí trí Cuir Leis a chliceáil i riarachán úsáideora. Is féidir cuid de na leibhéil rochtana nó gach ceann acu a shannadh do na húsáideoirí seo, faire ar chuideachta, faire ar chuntas nó riarthóir.

Is féidir leis an riarthóir ansin cuideachtaí ina bpunann a shannadh d’úsáideoirí laistigh den fhearann. Mar shampla, is féidir le go bhfuil céadta cuideachta curtha le punann láithreora móra agus is féidir gur mian leis iad seo a shannadh do na daoine siúd laistigh den ghnólacht atá freagrach as an gcuideachta sin. Ina mhalairt de chás ina n-imíonn fostóir as an ngnólacht, is féidir a gcuideachtaí a shannadh d'úsáideoir eile.

Is Saoire Comhdú Ar Líne ná Cúr Isteach ar Fhoirm Pháipéir

Is €20 táille chun Ainm Gnó a Chomhdú ar líne i gcomparáid le €40 ar chóip den fhoirm ar pháipéar. Iontráil na sonraí éagsúla agus déan an leathanach a phriontáil agus a sheoladh chuig CRO in éineacht leis an táille chomhdaithe.

Tá €20 ar Chomhdú Tuairisceáin Bhliantúil. Is saor in aisce comhdú B2 chun oifig chláraithe a athrú ar líne mar go bhfuil sé ag nuashonrú faisnéise oifige do chuideachta (Foirm B10). Nasc le Leathanach na dTáillí.

Fadhbanna le CORE

Má bhíonn fadhbanna agat le húsáid CORE, tá cnaipí cabhair ar fáil ar gach leathanach. Is féidir leat amharc ar liosta na gCCanna a bhaineann le r-chomhdú. Féadann tú teagmháil a dhéanamh leis an rannóg Ríomhchomhdaithe ag (01) 804 5355/5374 nó r-phost a sheoladh chuig Ríomhchomhdú. Má bhíonn fadhbanna agat le foirm B1 í féin a chomhlánú in áit CORE a úsáid, déan teagmháil - (01) 8045394 nó seol r-phost chuig Deasc Chabhrach na dTuairisceán Bliantúil.