Sealbhóir Cuntais

Chomh maith le hamharc ar agus le hiarraidh ar fhaisnéis faoi chuideachta, is féidir le sealbhóirí chuntas custaiméara CRO amharc ar a gcomhardú agus ar a 20 ciseán roimhe agus taiscí a chur ina gcuntas custaiméara ag baint úsáide as cárta creidmheasa/léasair.

Logáil isteach mar Shealbhóir Cuntais

Chun amharc ar do chomhardú, ar chiseáin roimhe nó chun taisc a chur i gcuntas, ní mór duit logáil isteach tríd an nasc Logáil isteach a chliceáil agus ID agus PIN do chuntais a iontráil.

Amharc ar do Chomhardú

A luaithe a dhéanfaidh tú logáil isteach is ea a thaispeánfar do chomhardú.

Amharc ar Chiseáin Roimhe

Cliceáil ar ‘20 ciseán roimhe’. Déanfar na ciseáin a chuir tú isteach ón am do ráitis deiridh a liostú. Is féidir leat athbhreithniú a dhéanamh ar inneachar do chiseáin agus ar staid reatha do cheisteanna atá á bpróiseáil. Is féidir leat míreanna an chiseáin, míreanna nach bhfuair tú ach a próiseáladh, a chur isteach arís.

Athraigh seoladh an r-phoist

Cliceáil ar ‘Sonraí’ agus taispeánfar scáileáin a ligfidh tú do sheoladh r-phoist réamhshocraithe do do chuntas custaiméara a athrú.

Cur taisce i gcuntas

Cliceáil ar ‘Cuir taisce’. Iarrfar ort ansin do PIN a iontráil athuair, an méid is mian leat cur isteach agus sonraí do chárta creidmheasa/léasair. Tógfar uimhir admhála duit, rud ba chóir duit a choinneáil mar chruthúnas na taisce.

Foirm le comhlánú chun cuntas a oscailt -

Má dhéanann tú mionchuardach ar láithreán gréasán CRO, is féidir gur mian leat cuntas a oscailt linn. Ní mór creidmheas a choinneáil sa chuntas i gcónaí nó ní féidir cuardach a dhéanamh. Is féidir an cuntas seo a úsáid chun doiciméid a lóisteáil le CRO.

Chun Cuntas a Oscailt

Chun cuntas a oscailt líon isteach foirm ac1. pdf logo ac1 form Irish fillable (0.19 MB, Adobe PDF) nó ar líne - https://www.cro.ie/search/NewCustomer.aspx

Ní mór an fhoirm iarratais a phriontáil, a chomhlánú ina hiomláine agus a fhilleadh chugainn sa phost le híocaíocht. Nuair a fhaigheann CRO d’fhoirm iarratais agus íocaíocht tógfar uimhir chuntas custaiméara agus uimhir PIN duit. Nuair a fhaigheann tú uimhir chuntais agus uimhir PIN beidh tú i dteideal seirbhísí ar ár láithreán gréasáin CRO.

Chun asphrionta cuideachta nó íomhánna scanta na ndoiciméad nó an bheirt acu araon a iarraidh ní mór creidmheas a bheith i do chuntas i gcónaí.

Má théann tú ar dheacracht ar bith le linn úsáid a bhaint as an tSaoráid Cuardaigh Cuideachta déan teagmháil le Crowebmaster le do thoil.