Forchuireann Acht na gCuideachtaí 2014 roinnt oibleagáidí ar chuideachtaí tuairisceáin a dhéanamh chuig an CRO laistigh de theorainneacha sonraithe ama. Tugann na hailt seo a leanas breac-chuntas ar phríomhriachtanais iar-chorpraithe cuideachtaí mar aon leis na nósanna imeachta maidir le hathrú ainm a chlárú agus ceanglais maidir leis na tuairisceáin reachtúla is coitianta a chur isteach. Tá beagnach gach doiciméad iar-ionchorpraithe a chuirtear isteach faoi réir táillí comhdaithe .

 

Ní airbheartaíonn na treoirlínte seo a bheith ina liosta uileghabhálach de riachtanais iar-ionchorpraithe. Ar go leor críocha tá sé inmholta dul i gcomhairle leis na hAchtanna, na Rialacháin, le d’aturnae agus/nó le do chuntasóir, sula gcuirtear tuairisceáin reachtúla isteach.