Clárú Ainm Gnó


Is éigeantach ainm gnó a chlárú, má tá aon duine nó chomhpháirtíocht (cibé comhdhéanta de dhaoine aonair nó comhlachtaí corpraithe nó aon chomhcheangal den bheirt acu) nó aon comhlacht corpraithe ag seoladh gnó faoi ainm nach a n-ainm dílis é. Is é is aidhm atá aige aithne na ndaoine, na gcomhpháirtithe nó na gcomhlachtaí corparáideacha is aonán dleathach ar chúl an ainm ghnó iad a phoibliú.

Éilítear clárú ainm gnó go sonrach i gcás:

  • duine aonair a úsáideann ainm trádala eile seachas a s(h)loinne féin. Dá bhrí sin, bhainfeadh an tAcht leis an Uas. John Murphy dá n-úsáidfeadh sé "Murphy Builders" mar ainm trádála - ní bhainfeadh an tAcht leis dá n-úsáidfeadh sé "John Murphy" mar ainm trádála
  • comhpháirtíocht a úsáideann ainm trádala eile seachas ainmneacha na bpáirtithe féin - daoine aonair agus/nó ainm corpraithe iomlán na bpáirtithe comhlachtaí corpraithe ar fad
  • cuideachta a úsáideann ainm trádála eile seachas a hainm corpraithe, mar shampla "Murphy Construction Limited" ag trádáil mar "Murphy Builders"
  • duine, go mbíonn áit ghnó aige/aici sa Stát, a dhéanann nuachtán a fhoilsiú

Ní mór don iarrthóir áit ghnó a bheith aige/aici sa Stát agus gnó a fheidhmiú faoi ainm gnó.

Foirmeacha a comhlánú

Ní mór iarratas ar chlárú a chur isteach chuig an CRO laistigh de mhí amháin ón dáta a glacadh leis an ainm ghnó. Cóip Pháipéir €40 Cóip Leictreonach €20

  • RBN1 do dhuine aonair
  • RBN1A do chomhpháirtíocht
  • RBN1B do chomlacht corpraithe

Nasc: Foirmeacha Nasc: Táille CRO

Comparáid ainm gnó

Ní dhéanann an CRO comparáid idir na hainmneacha gnó molta agus na hainmneacha gnó atá ann cheana ar an gclár cuideachtaí, ar an gclár ainmneacha gnó nó ar chlár na dtrádmharcanna. Moltar duit, dá bhrí sin, a fháil amach an bhfuil cearta ag daoine eile faoin ainm atá ar intinn agat a úsáid sula gcaitheann tú airgead ar pháipéarachas, agus araile.

Is féidir leat scrúdú saor in aisce a dhéanamh ar an gclár cuideachtaí agus ar an gclár ainmneacha gnó ag www.cro.ie/search.

Is féidir leat scrúdú a dhéanamh ar chlár na dtrádmharcanna ag: Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann.

Ba chóir duit a thabhairt faoi deara má dhéantar ainm ghnó a chlárú

  • nach gcuireann sé cosc ar an ainm a chóipeáil
  • nach dtugann sé seo le tuiscint go mbeifear in ann an t-ainm gnó a úsáid ina dhiaidh sin mar ainm cuideachta
  • nach dtugann sé cead duit an t-ainm a úsáid toisc go bhféadfaí cosc a chur air chun críocha eile. Ní chóir a thabhairt le tuiscint mar shampla nach bhfuil aon chearta ag gabháil leis an ainm (m.sh. cearta trádmhairc).

Seoladh Cónaithe

Más ionann áit an ghnó agus an seoladh cónaithe, ba cheart duit nóta i scríbhinn a cheangal leis an iarratas (sínithe ag úinéir an ainm ghnó) chun a mhíniú cén fáth a bhfuil na seoltaí mar an gcéanna. Mar gheall ar theip ar mhíniú iomchuí i scríbhinn a sholáthar d’fhéadfaí an t-iarratas a dhiúltú nó a chur ar ais.

D’fhéadfadh sé nach mbeidh cineálacha áirithe gnólachtaí fabhrach d’oibriú ó sheoladh cónaithe. Ní mór nóta gairid lena sonraítear conas atá an seoladh baile iomchuí don ghníomhaíocht ghnó a chomhdú in éineacht le leathanach sínithe RBN (Clárú Ainmneacha Gnó)/foirm iarratais láimhe RBN. Mura bhfuil an nóta sin ceangailte leis an bhfoirm RBN seolfar an t-iarratas ar ais chuig an seoltóir chun an earráid sin a cheartú.

Deimhniú Clárúcháin

Eisíonn an Cláraitheoir Deimhniú Clárúcháin do gach ainm gnó a cláraíodh. Ní mór don deimhniú clárúcháin bunaidh a bheith curtha ar taispeáint in áit fheiceálach:

  • i gcás gnóthais nó duine aonair, sa phríomháit ghnó - ní mór cóip oifigiúil den deimhniú a bheith curtha ar taispeáint i ngach oifig brainse nó san áit ina ndéantar an gnó a fheidhmiú de ghnáth
  • i gcás comhlachta corpraithe, ina oifig chláraithe sa Stát - ní mór cóip oifigiúil den deimhniú a bheith curtha ar taispeáint i ngach oifig brainse nó san áit ina ndéantar an gnó a fheidhmiú de ghnáth

Litreacha gnó

I gcás duine aonair, a (h)ainm láithreach, aon seanainmneacha, agus a náisiúntacht, mura mbíonn Éireannach i gceist. I gcás gnóthais, a ainm láithreach agus aon seanainmneacha, agus náisiúntacht chomhpháirtithe an ghnóthais, mura mbíonn Éireannaigh i gceist, nó nuair a bhíonn comhlacht corpraithe ina chomhpháirtí, an t-ainm corpraithe

I gcás comhlachta corpraithe (seachas aon chuideachta cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí), ainm iomlán na cuideachta (tabhair faoi deara le do thoil nach gceadaítear ach "Teo." a úsáid in ionad "Teoranta" agus "CPT" in ionad "Cuideachta Phoiblí Theoranta" agus araile), ainmneacha agus seanainmneacha na stiúrthóirí, más ann, agus a náisiúntacht, mura mbíonn Éireannaigh i gceist.

Ní mór do chuideachta theoranta atá cláraithe in Éirinn na sonraí breise seo a leanas a thaispeáint ar a litreacha gnó agus ar a foirmeacha ordaithe:

  • áit chláraithe m.sh. Cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire
  • uimhir chláraithe i.e. an uimhir Deimhnithe Corpraithe
  • seoladh na hoifige cláraithe (nuair a thaispeántar é seo ar an doiciméad cheana, ní mór a léiriú gurb í seo an oifig chláraithe)
  • má luaitear scairchaipiteal na cuideachta ar a litreacha gnó agus ar a foirmeacha ordaithe, ba chóir tagairt a dhéanamh don scairchaipiteal íoctha

Féach freisin le do thoil:

Bileog a bhaineann le clárú ainm gnó.

Athrú ar Shonraí Ainm Gnó