Cuideachta sheachtrach


Is féidir le cuideachta (eachtrach) sheachtrach atá cláraithe thar lear brainse.

Brainse

Cuideachta ar bith atá ionchorpraithe lasmuigh den Stát agus a bhunaíonn áit ghnó sa Stát, ní mór di a bheith cláraithe leis an CRO faoi Acht na gCuideachtaí 2014 - Cúid 21. Ní mór an chuideachta a chlárú tráth nach déanaí ná mí amháin ón am a bhunaítear sa Stát. Féach Bileoga Faisné ise 5.

Nasc: Foirmeacha          Nasc: Táillí             Nasc: Bileoga Faisnéise

Ordú um Thosach Feidhme Achta na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017
Ar 8ú Feabhra 2018 chuir an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a lámh le hOrdú um Thosach Feidhme 2018 Achta na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017. Leis an ordú seo ceaptar an 9ú Meitheamh 2018 mar an lá ar a dtiocfaidh alt 80 d’Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 (uimh. 9 de 2017) i bhfeidhm. Leasaítear le halt 80 alt 1300 d’Acht na gCuideachtaí 2014 mar aon leis an sainmhíniú atá le cuideachta LEE agus cuideachta neamh-LEE.

“ Ciallaíonn ‘comhlacht LEE’—
(a) comhlacht corparáideach—
(i) atá corpraithe i stát (seachas an Stát) gur stát LEE é, agus
(ii) a bhfuil dliteanas a bhall i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta,

(b) gníomhaíocht—
(i) atá in eagar nó corpraithe i stát (seachas an Stát) gur stát LEE é,
(ii) a bhfuil dliteanas a ball i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta, agus
(iii) atá ina fo-ghníomhaíocht de chomhlacht corparáideach a bhfuil dliteanas a bhall i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta;”,
agus
“ ciallaíonn ‘comhlacht neamh-LEE’—
(a) comhlacht corparáideach—
(i) atá corpraithe i stát nach stát LEE é, agus
(ii) a bhfuil dliteanas a bhall i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta,

(b) gníomhaíocht—
(i) atá in eagar nó corpraithe i stát nach stát LEE é,
(ii) a bhfuil dliteanas a ball i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta, agus
(iii) atá ina fo-ghníomhaíocht de chomhlacht corparáideach a bhfuil dliteanas a bhall i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta.”

Tá brainse cuideachta seachtraí de chuid na Ríochta Aontaithe atá cláraithe le CRO agam. An mbeidh orm clárú arís?
Ní chaithfidh cuideachtaí seachtracha atá corpraithe sa Ríocht Aontaithe clárú leis an CRO arís. Nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe LEE, beidh cuideachtaí seachtracha na Ríochta Aontaithe faoi réir na gceanglas na tuairisceáin bhliantúla a chomhdú a bhaineann le reachtaíocht thír neamh-LEE. Tá feidhm ag ailt 1305/1306 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir leis an tuairisceáin bhliantúla. Tá feidhm ag Alt 1304 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le hathruithe ar bith ar fhaisnéis na cuideachtaí a chur isteach.