Cineál Cuideachta


Cuideachta Phríobháideach faoi Theorainn Scaireanna (Cuideachta TEO)

Níl i gceist le Cuideachtaí Príobháideacha faoi Theorainn Scaireanna (cuideachta TEO) ach cuideachtaí atá cláraithe faoi Acht na gCuideachtaí 2014, agus iadsan amháin, agus déantar iad a chlárú faoi Chuid 2 den Acht.

Áirítear le gnéithe na cuideachta TEO: 

  • Ní mór go gcríochnódh an t-ainm cuideachta atá aici le "Teoranta" nó "Limited" (gan eisceacht ar bith). 
  • Bíonn acmhainn chonarthach duine nádúrtha aici - níl feidhm ag an riail ultra vires. 
  • Tá doiciméad bunreachta aici atá in ionad an gá a bhí le meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais. 
  • Tá sí faoi dhliteanas teoranta agus tá scairchaipiteal aici.
  • Tá teorainn uasta 149 gcomhalta aici.
  • Is féidir stiúrthóir amháin a bheith aici.
  • Is féidir léi rúin mhóraimh i scríbhinn a rith (rúin speisialta agus gnáthrúin). 
  • Is féidir léi éileamh a dhéanamh ar dhíolúine ó iniúchadh agus ar dhíolúine ó iniúchadh i leith cuideachta dhíomhaoin. 

Is féidir le cuideachta TEO gan ach aon stiúrthóir amháin a bheith aici más inmhianaithe é sin
Má tá an chuideachta ina cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna (cuideachta TEO), tá cead aici gan ach aon stiúrthóir amháin a bheith aici, más inmhianaithe é sin, faoi alt 128 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Níl feidhm aige sin maidir le CPTanna atá ann cheana (cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna a corpraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí roimhe seo) - nach bhfuil comhshóite go fóill chuig cineál cuideachta TEO. Chomh maith leis sin, ní bhaineann sé le cineálacha cuideachta eile, Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe, CPTanna, cuideachtaí ráthaíochta, srl. Is gá rúnaí a bheith ag cuideachta go fóill. Mura bhfuil ag an gcuideachta ach stiúrthóir amháin, ní féidir gurb é nó í an duine céanna an rúnaí agus an stiúrthóir.

Tá aois íosta i bhfeidhm maidir le stiúrthóirí : Ní mór do gach stiúrthóir a bheith os cionn ocht mbliana déag d'aois. Tá feidhm ag alt 131 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Ní féidir le comhlachtaí corpraithe a bheith ina stiúrthóir ar chuideachta. Má tá duine aonair, seachas comhlacht corpraithe, ina rúnaí, ní mór an duine sin a bheith os cionn ocht mbliana déag freisin.

Bíonn bunreacht ag cuideachta TEO seachas Meamram Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais

Bíonn bunreacht ag cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna (TEO). Faoi Acht na gCuideachtaí 2014, tagann bunreacht in ionad an Mheabhráin Comhlachais agus na nAirteagal Comhlachais i gcás cuideachta TEO. Ní shonraíonn cuideachtaí cuspóirí má tá siad cláraithe mar chuideachta TEO. Faoin Acht seo, cuirtear deireadh leis an gceanglas a shonrú cé na cuspóirí a cuireadh an chuideachta ar bun ina leith.

An bunreacht

Sonraítear sa bhunreacht ainm na cuideachta, gurb amhlaidh gur cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna í, aon rialacháin bhreise ar mian leis an gcuideachta iad a shonrú, agus an fhaisnéis faoin scairchaipiteal, agus bíonn sé san fhormáid atá leagtha amach i Sceideal 1 d'Acht na gCuideachtaí 2014.
An chuid is mó de na rialacháin a bheadh sonraithe roimhe seo sa Mheamram Comhlachais agus sna hAirteagail Chomhlachais, cuirtear san áireamh iad i gcodanna d'Acht na gCuideachtaí, rud a fhágann nach gá an fhaisnéis a sholáthar i mbunreacht cuideachta. Féadfar an bunreacht a athrú trí rún speisialta.

Ní gá do chuideachta TEO cruinniú ginearálta bliantúil a thionól.
Ní gá do chuideachta TEO, faoi Acht nua na gCuideachtaí, cruinniú ginearálta bliantúil a thionól. Is féidir le cuideachta TEO gan cruinniú ginearálta bliantúil a thionól sa chás ina ndéanfaidh gach duine de na comhaltaí atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag cruinniú ginearálta den sórt sin, rún scríofa a shíniú, ag admháil go bhfuarthas na ráiteas airgeadais, ag réiteach na nithe sin go léir a bheadh réitithe ag an gcruinniú ginearálta bliantúil agus ag deimhniú nach bhfuil aon athrú i gceapadh na nIniúchóirí (má tá siad ceaptha). Féach alt 175(3) d’Acht na gCuideachtaí 2014. Ní mór do Chuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe (CGA) cruinniú ginearálta bliantúil a thionól.

 

 Gnéithe de na nua | samhlacha Cuideachta - TEO and CGA

 

Cuideachta TEO Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe (scaireanna)
Féadfaidh sé nach mbeidh aici ach aon stiúrthóir amháin (ach ní mór rúnaí ar leithligh a bheith aici mura bhfuil ach aon stiúrthóir amháin aici). Ní mór ar a laghad dhá stiúrthóir a bheith aici.
Féadfaidh idir aon bhall amháin agus 149 ball a bheith aici Féadfaidh idir aon bhall amháin agus 149 ball a bheith aici
Ní gá di cruinniú ginearálta bliantúil a thionól Is gá di cruinniú ginearálta bliantúil a thionól.
Tá bunreacht doiciméid amháin aici a thagann in ionad an gá a bhí le meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais. Tá doiciméad bunreachta aici lena n-áirítear meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais.
Ní bheidh clásal cuspóirí aici toisc go bhfuil an acmhainn neamhtheoranta iomlán aici chun dul i mbun gnó dlíthiúil ar bith, faoi réir aon srianta i reachtaíocht eile. Tá meabhrán ina bunreacht ina sonraítear na cuspóirí dá bhfuil an chuideachta corpraithe.
Is féidir léi éileamh a dhéanamh ar dhíolúine ó iniúchadh (agus díolúine ó iniúchadh i leith cuideachta dhíomhaoin). Is féidir léi éileamh a dhéanamh ar dhíolúine ó iniúchadh agus díolúine ó iniúchadh i leith cuideachta dhíomhaoin.
Tá sí faoi dhliteanas teoranta agus tá scairchaipiteal aici. Tá sí faoi dhliteanas teoranta agus tá scairchaipiteal aici nó is cuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta í a bhfuil scairchaipiteal aici.
Is féidir léi rúin mhóraimh i scríbhinn a rith (rúin speisialta agus gnáthrúin). Is féidir léi rúin mhóraimh i scríbhinn a rith mura luaitear a mhalairt sa bhunreacht
Ní mór go gcríochnódh an t-ainm le "Teoranta" nó "Limited" Ní mór go gcríochnódh an t-ainm le "Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe" nó "Designated Activity Company" mura bhfuil an chuideachta incháilithe le haghaidh díolúine

 

An Chuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe (CGA)

Déantar Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe (CGA) a chinneadh i gCuid 16 d'Acht na gCuideachtaí 2014 agus tugtar sainmhíniú uirthi mar chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna a bhfuil an acmhainn aici, lena n-áirítear an chumhacht, na gníomhartha nó na nithe atá leagtha amach ina bunreacht (meabhrán comhlachais) a dhéanamh, agus iadsan amháin, nó cuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, a bhfuil an acmhainn aici, lena n-áirítear an chumhacht, na gníomhartha nó na nithe atá leagtha amach ina bunreacht a dhéanamh, agus iadsan amháin. Mar sin, beidh rialacháin áirithe ina bunreacht ag cuideachta CGA, ina sonrófar cuspóirí áirithe nach bhfuil sonraithe sa bhunreacht TEO teimpléid. 
 
Áirítear le gnéithe an CGA:

  • Ní mór go gcríochnódh a hainm cuideachta le "Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe" nó "Designated Activity Company" mura bhfuil an chuideachta incháilithe le haghaidh díolúine.
  • Bíonn meabhrán ag Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe ina gcuid bunreachtanna ina sonraítear na cuspóirí dá bhfuil an chuideachta corpraithe.
  • Tá doiciméad bunreachta aici lena n-áirítear meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais.
  • Tá sí faoi dhliteanas teoranta agus tá scairchaipiteal aici nó is cuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta í
  • Ní mór ar a laghad dhá stiúrthóir a bheith aici.
  • Bíonn teorainn uasta 149 gcomhalta aici
  • Is féidir léi rúin mhóraimh i scríbhinn a rith.
  • Is féidir léi éileamh a dhéanamh ar dhíolúine ó iniúchadh agus ar dhíolúine ó iniúchadh i leith cuideachta dhíomhaoin.

Samhlaítear cuideachtaí áirithe go sonrach mar bheith ina CGAanna. Áirítear le samplaí díobh sin carthanais, cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta agus cuideachtaí arna gcorprú chun críche ar leith agus ar mian leis na scairshealbhóirí acmhainn na cuideachta a bheith sainithe go soiléir.

Críochnóidh gach Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe le 'Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe' nó 'Designated Activity Company'. Tá eisceacht leis sin mar tá an chumhacht ann gan CGA a chur le hainm cuideachtaí carthanais agus cuideachtaí eile faoi alt 971 d'Acht na gCuideachtaí 2014 agus faoi alt 1180 d'Acht na gCuideachtaí 2014 (cuideachtaí ráthaíochta nach bhfuil scairchaipiteal aici).