Céimeanna Ceanglais


Chun cuideachta a chlárú cuir na doiciméid seo a leanas isteach, in éineacht leis an táille chlárúcháin chuig an CRO: Meabhrán comhlachais, Airteagail chomhlachais agus an Fhoirm A1. Is féidir ainm cuideachta a cur in áirithe freisin i CORE ar líne.

Bunreacht

Leagtar amach sa doiciméid seo na coinníollacha le cuideachta a ionchorprú. Ní mór dó forálacha a chuimsiú a phléann le hábhair áirithe, m.sh. ainm agus cuspóirí na cuideachta agus, más cuideachta theoranta ó thaobh fiachais de atá ann, ní mór é seo a shonrú freisin. Ní mór don bunreachta a bheith de réir an tábla cuí sa Sceideail d’Acht na gCuideachtaí, 2014, nó chomh cosúil leis agus is féidir sna himthosca. Ní mór dó a bheith clóite, roinnte de réir míreanna agus uimhrithe go comhleanúnach.

TEO - Cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna Sceideal 1
CGA - Cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe faoi theorainn scaireanna Sceideal 7
CGA - Cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe faoi theorainn ráthaíochta Sceideal 8
CPT - Cuideachta phoiblí theoranta Sceideal 9
CTR - Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta Sceideal 10
CNT - Cuideachta phríobháideach neamhtheoranta a bhfuil scairchaipiteal aici Sceideal 11
CPN - Cuideachta phoiblí neamhtheoranta a bhfuil scairchaipiteal aici Sceideal 12
CPNT - Cuideachta phoiblí neamhtheoranta nach bhfuil scairchaipiteal aici Sceideal 13

Ní sholáthraíonn an CRO dréacht bunreachta, dréacht-mheabhráin nó dréacht-airteagail chomhlachais le húsáid ag cuideachtaí. Is féidir samplaí de na doiciméid seo a fháil ó stáiseanóirí dlíthiúla, cuntasóirí, aturnaetha nó gníomhairí foirmithe cuideachta.

Foirm A1

Ní mór duit sonraí a sholáthar ar an bhfoirm seo maidir le hainm na cuideachta, a hoifig chláraithe, sonraí ar a rúnaí agus a stiúrthóirí, a dtoiliú lena bpoist, na suibscríobhaithe agus sonraí ar a scaireanna. Ionchorpraítear ráiteas reachtúil sa bhfoirm gur cloíodh le dualgais Achtanna na gCuideachtaí. Tugtar sonraí freisin ar an gcineál gníomhaíochta a bheidh á dhéanamh ag an gcuideachta. Nasc: Foirmeacha.

Is féidir iarratais ar chuideachtaí a ionchorprú a chur isteach faoi cheann ar bith de na scéimeanna seo a leanas agus caighdeáin seirbhíse dhifriúla do chustaiméirí acu (faoin dá scéim dheireanacha ní mór toiliú a fháil roimh ré ón CRO le haghaidh an mheabhráin agus na n-airteagal comhlachais. Dá bhrí sin, ní oireann siad ach do na hiarratais a chuirtear faoi bhráid na CRO ar an mórchóir, m.sh. ag aturnaetha, gníomhairí foirmithe cuideachta, srl):

  • An Ghnáthscéim 15 lá oibre
  • An Scéim Fé Phráinn 10 lá oibre
  • An Scéim A1 ar líne 5 lá oibre

Daoine ar mhian leo cuideachta nua a chorprú, ní mór dóibh príomhghníomhaíocht na chuideachta a rangú ag baint úsáide as rangú NACE do ghníomhaíochtaí geilleagracha. Seiceáil do chód NACE:pdf logo Nace code 2.pdf

Féach freisin: Modhanna clárúcháin agus Cineál cuideachta.

Oibleagáidí Teagmhasacha

Áirítear sna oibleagáidí teagmhasacha chun corpraithe: