Modhanna Cláraithe


Is féidir iarratais ar chuideachtaí a chorprú a chur isteach faoi cheann ar bith de thrí scéim, gach ceann acu a bhfuil caighdeán seirbhíse dhifriúil do chustaiméirí aice.

Scéimeanna

  • Gnáthscéim: cé nach bhfuil leibhéal seirbhíse ráthaithe, eisítear laistigh de 15 lá oibre de réir cleachtais é.
  • Fé Phráinn: deich lá oibre.
  • A1 ar Líne: cúig lá oibre

Déantar doiciméid a phróiseáil in ord cróineolaíoch agus atá faoi réir seiceála. Doiciméid a sheoltar ar ais le haghaidh ceartúcháin, déantar próiseáil orthu de réir dáta a chuirtear isteach don CRO arís iad.

Cuir ainm in áirithe

Tá an tsaoráid chun ainm cuideachta a fhorchoimeád, rud a ligeann ainm cuideachta a fhorchoimeád ar feadh tréimhse suas le 28 lá, tá sé ar fáil i bhfoirm leictreonach amháin agus is féidir í a aimsiú in CORE - www.core.ieLinks to external website -sa rannóg "Comhdaigh Foirm". Tá faisnéis a bhaineann leis an tsaoráid ar fáil in CORE freisin agus ní mór dul i mbun comhairle leis le linn cur isteach ar iarratas a mheas. Is é €25 an táille ar iarratas ar fhorchoimeád ainm cuideachta agus is féidir í seo a fhritháireamh in aghaidh iarratais ar chuideachta nua má chuirtear deimhniú an ainm forchoimeádta isteach leis an bhFoirm iarratais A1 laistigh den tréimhse sonraithe 28 lá. Féach Cuir Ainm in áirithe.

Fé Phráinn

Tá scéim ionchorpraithe cuideachta á fheidhmiú ag an CRO a dhéanann ionchorprú na gcuideachtaí a éascú a theastaíonn ó thionscnóirí na cuideachta iad a úsáid láithreach chun críocha tráchtála. Faoin Scéim seo, tugann an CRO ráthaíocht do na rannpháirtithe go soláthrófar deimhniú ionchorpraithe dóibh tráth nach déanaí ná deich lá oibre ó na doiciméid ábhartha a thaisceadh leis an CRO, ar an gcoinníoll go mbíonn siad comhlánaithe i gceart.

Baineann an scéim le cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna, cuideachtaí neamhtheoranta agus cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta.

Cuireann tionscnóirí cuideachta dréacht-mheabhrán agus dréacht-airteagail chomhlachais faoi bhráid na CRO le ceadú a fháil.

Nuair a cheadaítear na doiciméid seo, clónn an t-iarratasóir an dréacht, de réir sonraíochtaí na CRO, agus úsáidfear é mar théacs caighdeánach le scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais ar fad as sin amach. Coimeádann an CRO cóip de leagan clóite an mheabhráin agus na n-airteagal le hiad a chur i gcomparáid leis na hiarratais a fhaightear ó rannpháirtithe. Déantar é seo lena chinntiú nach n-athraítear na hábhair ó iarratas amháin go chéile.

Ní bhíonn an gnáthleibhéal airde ag teastáil ag na cuideachtaí ar taisceadh faoin scéim seo nuair a bhíonn siad á ionchorprú, toisc go ndearnadh scrúdú orthu cheana a chiallaíonn gur féidir deimhnithe a eisiúint ina leith tráth nach déanaí ná an teorainn deich lá oibre.

Is é cuspóir na scéime cabhrú le tionscnóirí cuideachta a theastaíonn ionchorpraithe tapa uathu, agus dá bhrí sin, ní féidir an téacs ceadaithe a leasú gan cead a fháil roimh ré ón CRO.

Tugtar breac-chuntas ar na coinníollacha a bhaineann le páirt a ghlacadh sa scéim ar an bhfoirm iarratais Le haghaidh sonraí breise faoin scéim déan teagmháil leis an CRO ar 01 804 5384/5277.

pdf logo Fe_phrainn_app Irish.pdf

Ní chruthaíonn Ballraíocht scéim ‘Fé Phráinn’ comhpháirtíocht, caidreamh, gníomhaireacht nó comhfhiontar d’aon chineál idir an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus Comhalta.

Ní thabharfaidh Comhalta scéim ‘Fé Phráinn’ le tuiscint go bhfuil sé bainteach leis nó ag gabháil leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí nó go bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta di nó eile. Gan teorainn an méid roimhe seo, ní úsáidfidh Comhalta scéim ‘Fé Phráinn’, nó ní dhéanfaidh sé tagairt don CRO agus/nó dá lógó ar a láithreán gréasáin nó i bhfógraíocht, margaíocht, litríocht tionscnaimh nó preaseisiúint nó ráiteas ar bith gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ón CRO.

A1 ar Líne

Scéim ionchorpraithe cuideachta leictreonach is ea A1 ar Líne atá ceaptha le cabhrú leis na láithreoirí a theastaíonn uathu a gcuideachtaí a ionchorprú go tapa gan a bheith orthu na doiciméid a thaisceadh de láimh in Oifig Íocaíochtaí na CRO. Cuirtear faisnéis na cuideachta ar fáil ar dhiosca bog.

Tabhair faoi deara le do thoil: Maidir le hIonchorprú Singil - Tá an scéim oscailte do láithreoirí a ghlacann ballraíocht i Scéim Fé Phráinn agus dóibhsiúd amháin, tá suiteáil cuntas taisce riachtanach chomh maith. Is féidir le comhaltaí na Scéime Fé Phráinn páirt a ghlacadh sa scéim. Soláthróidh an CRO bogearraí le hiontráil sonraí a bhainistiú, foirmeacha a tháirgeadh agus diosca a chruthú. I dteannta leis an diosca, bíonn na gnáthdhoiciméid ionchorpraithe ag teastáil freisin agus iad comhlánaithe go hiomlán. Tá sonraí na foirmeacha ar fáil ar an diosca freisin, áfach.

Tréithe an chórais:

  • Eisítear deimhniú ionchorpraithe laistigh de cúig lá oibre
  • Ní gá ciúáil le doiciméid a thaisceadh san oifig íocaíochtaí
  • Ní gá airgead tirim a láimhseáil
  • Comhéadan cairdiúil, a dhéanann aithris ar dhearaí na bhfoirmeacha atá ag an CRO i láthair na huaire

Ní mór do láithreoirí cuntas taisce CRO a oscailt.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le: Rannóg na gCuideachtaí Nua ag 01 804 5277 nó info@cro.ie. Téilefóin ar 01 804 5277 or (01) 804 5384, 804 5479  and 804 5381.