Úinéireacht Thairbhiúil


Ceanglaítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(1) den Cheathrú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid (‘an Treoir’) ar eintitis chorparáideacha agus ar eintitis dhlíthiúla eile atá corpraithe laistigh den Stát faisnéis atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta a choinneáil faoina n-úinéireacht thairbhiúil. Ceanglaítear de bhun Airteagal 30(3) de 4AMLD go gcoimeádfar an fhaisnéis dá dtagraítear thuas i gclár lárnach i ngach Ballstát.

Suíomh Greasáin: www.rbo.gov.ie/ga   

CLÁR LÁRNACH NA nÚINÉIRÍ TAIRBHIÚLA (RBO)

Rinne an tAire Airgeadais Ionstraim Reachtúil, Uimh. 110 de 2019, chun Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumann Tionscail agus Soláthair (RBO) a shíniú isteach sa dlí. Déantar foráil sa reachtaíocht seo i leith Cláraitheoir um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumann Tionscail agus Soláthair a cheapadh. Is é an rún an fheidhm sin a thabhairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí. Rinneadh Ionstraim Reachtúil Uimh. 560/2016, lenar ceanglaíodh ar gach eintiteas corparáideach agus dlíthiúil faisnéis chruinn agus reatha a bheith acu maidir lena n-úinéir tairbhiúil (úinéirí tairbhiúla) ina gclár inmheánach, a aisghairm le héifeacht láithreach agus cuireadh IR 110 de 2019 ina hionad.

Ceapadh Cláraitheoir na gCuideachtaí mar Chláraitheoir Úinéireachta Tairbhiúil na gCuideachtaí agus na gCumann Tionscail & Coigiltis le héifeacht ón 29 Iúil 2019. BA CHÓIR DÁ CHUSTAIMÉIRÍ "Ceisteanna Coitianta" ATÁ AG TEAGMHÁIL DÍREACH AN AONAD RBO

Nollaig 2019

Ba ionann líon na gcuideachtaí a raibh a gcuid sonraí um úinéireacht thairbhiúil cláraithe leis an RBO ag deireadh mhí na Samhna agus 160,000 nó 70% den líon iomlán, agus ba ionann líon na gcumann tionscail agus coigiltis a bhí cláraithe agus 450 (47%).

Ba mhaith leis an gCláraitheoir a bhuíochas a ghabháil leis na cuideachtaí agus na cumainn sin a chláraigh a sonraí um úinéireacht thairbhiúil leis an RBO roimh an spriocdháta le haghaidh comhdaithe.

Ós rud é go bhfuarthas níos mó ná 150,000 aighneacht le roinnt seachtainí, tá líon suntasach d’aighneachtaí fós á bpróiseáil.

Má rinne do chuideachta/chumann aighneacht a chomhdú agus
(a) tá tú ag fanacht ar ríomhphost le cur in iúl duit cé acu a rinneadh d’aighneacht a chlárú nó a dhiúltú, nó
(b) tá duine is ábhar sonraí ag fanacht ar litir dhiúltaithe a fháil, nó
(c) tá BEN2 comhdaithe agat agus tá tú ag fanacht ar uimhir RBO,
bí ar an eolas go bhféadfadh sé roinnt seachtainí a ghlacadh chun na haighneachtaí sin a phróiseáil agus bheadh an Cláraitheoir buíoch as do chuid foighne de réir mar a dhéanann Foireann RBO na riaráistí sin a phróiseáil.

Má rinne do chuideachta aighneacht a chomhdú a bhí diúltaithe ag an RBO, féach CC Uimh. 14 ar shuíomh gréasáin an RBO.
Tabhair faoi deara, nuair a dhéantar aighneacht a dhiúltú, mar gheall ar rialacháin um chosaint sonraí, ní féidir leis an RBO comhfhreagras a dhéanamh ach le húinéir na sonraí pearsanta (.i. an t-úinéir tairbhiúil). Sa chás sin, scríobhfaidh an RBO chuig an úinéir tairbhiúil ábhartha sin a luaithe is féidir tar éis dháta an diúltaithe.

Má chomhdaigh tú nó má rinne tú iarracht comhdú a dhéanamh leis an RBO roimh an spriocdháta le haghaidh comhdaithe, rinneadh sin a thaifeadadh ar an RBO agus tá sé tugtha faoi deara ag an gCláraitheoir.

Tá an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil (RBO) fós oscailte chun comhdúcháin a ghlacadh ó chuideachtaí agus ó chumainn nach bhfuil a gcuid sonraí um úinéireacht thairbhiúil comhdaithe acu go fóill.

Tugtar comhairle do chuideachtaí agus do chumainn nach bhfuil comhdú déanta acu cheana féin leis an RBO é a dhéanamh mar ábhar práinne d’fhonn ionchúiseamh a sheachaint.