Acht um Shaoráil Faisnéise


Is comhlacht forordaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 í an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO). Tá faisnéis faoin CRO agus faoin Acht um Shaoráil Faisnéise leagtha amach thíos faoi shé cheannteideal dhifriúla:

  • Faisnéis faoin gComhlacht atá faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise
  • Seirbhísí a sholáthraítear nó a sholáthrófar don Phobal
  • An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais
  • Faisnéis airgeadais
  • Soláthar
  • Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus faisnéis eile is gá a fhoilsiú mar chúrsa gnáthaimh

Faisnéis faoin gComhlacht atá faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise:  Cuireadh Oifig Chláraitheoir na gCuideachtaí ar bun an 1 Samhain 1844 tar éis thosach feidhme an Joint Stock Companies Act 1844. Feidhmíonn an Oifig um Chlárú Cuideachtaí faoi choimirce na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Féach an leathanach Gréasáin Feidhmeanna an CRO chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin obair a dhéanann an Oifig. 
Is féidir cóipeanna de Thuarascáil Bhliantúil an CRO a rochtain ón Foilseacháin Chorparáideacha.

Tá foireann an CRO miondealaithe mar seo a leanas: 1 Phríomhoifigeach, 3 Phríomhoifigeach Chúnta, 1 Chomhairleoir Dlí, 1 Chuntasóir, 10.7 Ardoifigeach Feidhmiúcháin, 13.43 Oifigeach Feidhmiúcháin, 14.75 Oifigeach Foirne, 4 Oifigeach Seirbhíse agus 60.3 Oifigeach Cléireachais. 

Seirbhísí a sholáthraítear nó a sholáthrófar don Phobal:

Príomhfheidhmeanna na CRO atá:-

An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais: Coinníonn an CRO cláir ar bun faoi na hAchtanna atá tuairiscithe thuas agus ní imríonn sí aon ról i gcinntí beartais. Níl aon chumhachtaí imscrúdaitheacha aici. 

Soláthar: Ar bhonn ráithiúil, foilsítear ar an leathanach Gréasáin Íocaíochtaí os cionn €20,000 sonraí faoi íocaíochtaí nó faoi orduithe ceannaigh os cionn €20,000 i leith earraí agus seirbhísí.  Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Soláthar atá sonraí faoi aon chomórtais reatha tairisceana ar an suíomh Gréasáin eTenders agus faoi aon chonarthaí poiblí arna ndámhachtain.

Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus Faisnéis eile is gá a Fhoilsiú mar Chúrsa Gnáthaimh: Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Loga Nochta Saoráil Faisnéise atá sonraí faoi iarrataí Saoráil Faisnéise arna gcur faoi bhráid an CRO maidir le faisnéis neamhphearsanta.  Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear an téacs de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin www.foi.gov.ie/ atá á reáchtáil ag an Rialtas.

Acht 2014

Faoin Acht um SF, tá gach duine i dteideal iarratas a chur isteach ar theacht ar eolas nach mbeadh ar fáil go poiblí ar bhealach eile. Tá sé de cheart ag gach duine:

  • teacht ar thaifid atá á gcoinneáil ag an OCC;
  • go gceartófaí eolas pearsanta a bhaineann leis/léi atá á choinneáil ag an OCC, sa chás go bhfuil an t-eolas sin míchruinn nó míthreorach;
  • teacht ar chúiseanna le cinntí a bhí déanta ag an OCC a raibh tionchar díreach acu air/uirthi.

Tá na taifid seo a leanas faoi scáth an Achta um SF:

  • gach taifead atá ag an OCC a bhaineann le heolas pearsanta, beag beann ar an uair a cruthaíodh é;
  • gach taifead eile a cruthaíodh ón dáta tosaithe .i. 21 Aibreán 1998;
  • aon taifid eile atá riachtanach chun tuiscint a fháil ar thaifead láithreach.

Is gnách go mbeidh sé de dhualgas ar an OCC freagra a thabhairt ar an iarratas taobh istigh de cheithre seachtaine.
Ba chóir iarratais faoin Acht um SF a sheoladh chuig:
Mark Donoghue
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
Guthán: 01 804 5251
Ríomhphost: mark.donoghue@dbei.gov.ie

CUR LE CHÉILE D’IARRATAIS
Is gá d’iarratais ar eolas a bheith i scríbhinn agus na sonraí seo a leanas a lua:

  • d’ainm iomlán agus do sheoladh;
  • go bhfuil sé á dhéanamh faoin Acht um SF;
  • uimhir ghutháin lae, más féidir dul i dteagmháil leat go héeasca más gá sonraí d'iarrtais a dheinmhniú;
  • sonraí an eilais atá á lorg agus is gá dóibh a bheith chomh cuimsitheach agus chomh sonrach agus is féidir (má tá deacracht agat le haithint na dtaifead ar leith atá de dhith ort, beimid sásta cabhrúleat d'iarratas a ullmhú);
  • an fhormáid ar leith ina bhfuil an t-eolas á lorg m.sh fótashóip, diosca srl más gá

Cinnteoireacht SF san OCC
Déantar cinntí ar iarratais ar leibhéal nach ísle ná Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin. Bíonn cinntí inmheánacha achomhairc á ndéanamh ag oifigigh de ghrád níos airde agus ní bheidh siad déanta ag an oifigeach uachtarach atá díreach os cionn an chinnteora SF de ghnáth.

CEARTA ATHBHREITHNITHE AGUS ACHOMHAIRC
Leagann an tAcht um SF amach sraith díolúintí chun eolas íogair a chosaint sa chás go bhféadfadh a nochtadh díobháil a dhéanamh do phríomhleasanna den Stát nó do thríú páirtithe. Má bhaineann an t-oifigeach SF san OCC úsáid as na forálacha seo chun eolas a choinneáil siar, is féidir an cinneadh a achomharc. Is féidir achomharc a dhéanamh chomh maith in aghaidh cinntí maidir le hiarchur teachta, muirir, foirmeacha teachta, srl. Seo a leanas sonraí na meicníochtaí achomhairc:

ATHBHREITHNIÚ INMHEÁNACH
Is féidir leat athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh bunaidh, rud a bheidh déanta ag oifigeach ar leibhéal níos airde sa chás:

  • go bhfuil tú míshásta leis an bhfreagra bunaidh a fuair tú .i. diúltú eolais, foirm teachta, muirir, srl nó
  • nach bhfuair tú freagra taobh istigh de cheithre seachtaine ó rinne tú d’iarratas bunaidh. Féachtar air seo mar dhiúltú d’iarratais agus ceadaíonn sé seo duit leanúint ar aghaidh chuig athbhreithniú inmheánach.

Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh i scríbhinn chuig:

An Cláraitheoir
An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
Guthán: 01 804 5200
Ríomhphost: Maureen.osullivan@dbei.gov.ie

Is gá a leithéid d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh isteach taobh istigh de cheithre seachtaine ó rinneadh an cinneadh bunaidh. Is gá don OCC an t-athbhreithniú a chríochnú taobh istigh de thrí seachtaine. Is gá d’athbhreithniú inmheánach a bheith críochnaithe de ghnáth sular féidir achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

ATHBHREITHNIÚ AG AN GCOIMISINÉIR FAISNÉISE
Nuair a bheidh an t-athbhreithniú inmheánach críochnaithe, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a lorg ón gCoimisinéir Faisnéise. Anuas air sin, más rud é nach bhfuair tú freagra ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach taobh istigh de thrí seachtaine, féachtar air seo mar dhiúltú agus is féidir leat an cás seo a achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Is féidir achomhairc i scríbhinn a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh
seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise
6 Ardán Phort ar Iarla
Baile Átha Cliath 2, D02 W773 
Guthán: 01-6395689 
Ríomhphost: info@oic.ie  
Suíomh Gréasáin: www.oic.ie

Is féidir táillí ar eolas a bhaineann leis an Acht um SF a ghearradh mar seo a leanas: 

  • Maidir le taifid phearsanta, beidh táillí costas cóipeála na dtaifead iarrtha i gceist.
  • Maidir le heolas eile (neamhphearsanta), d’fhéadfaí táillí a ghearradh ar an am a chaitear ar aimsiú éifeachtúil agus ar chóipeáil taifead, faoi réir ráta chaighdeánach uaire a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais. Ní féidir muirir a ghearradh ar am a chaitheann comhlachtaí poiblí ar mheasúnú
    iarratas.

D’fhéadfadh éarlais a bheith iníoctha sa chás gur dóchúil go mbeidh an táille iomlán os cionn €100. Sna cásanna seo, cabhróimid leis an duine an t-iarratas a leasú chun méid na héarlaise a laghdú nó a dhíchur, má iarrtar a leithéid.

Is féidir muirir a tharscaoileadh sna cásanna seo a leanas:

  • sa chás go mbeadh costas bailithe agus cuntais na táille níos mó ná méid na táille;
  • sa chás go gcuirfeadh an t-eolas go mór le tuiscint ar cheist a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, nó
  • i gcás eolais phearsanta, nach mbeadh a leithéid de mhuirir réasúnta i bhfianaise acmhainn an iarrthóra.

Faisnéis faoin gComhlacht Saorála Faisnéise

  • Bunaíodh Oifig Chláraitheoir na gCuideachtaí an 1 Samhain 1844 tar éis thosach feidhme an Joint Stock Companies Act 1844. Oibríonn an Oifig um Chlárú Cuideachtaí faoi choimirce na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Féach an leathanach Gréasáin Príomhfheidhmeanna CRO chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi obair na hOifige.
  • Is féidir cóipeanna de Thuarascáil Bhliantúil CRO a rochtain ón leathanach Gréasáin Foilseacháin Chorparáideacha.
  • Tá foireann CRO comhdhéanta de na baill foirne seo a leanas: 1 Phríomhoifigeach, 3 Phríomhoifigeach Chúnta, 1 Chomhairleoir Dlí, 1 Chuntasóir, 10.7 Ardoifigeach Feidhmiúcháin, 13.43 Oifigeach Feidhmiúcháin, 14.75 Oifigeach Foirne, 4 Oifigeach Seirbhíse agus 60.3 Oifigeach Cléireachais.
  • Chun amharc ar fhaisnéis teileafóin/seoltaí ríomhphoist maidir le CRO, úsáid an leathanach Gréasáin Déan Teagmháil Linn.
  • Cairt Chustaiméirí CRO ar fáil freisin.

Seirbhísí a Sholáthraítear nó a Sholáthrófar don Phobal

  • Coimeádann CRO cláir faoi oibriú Acht na gCuideachtaí 2014, an Achta um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963, an Limited Partnerships Act 1907 agus reachtaíocht eile. Tugtar naisc chuig suíomh Gréasáin an Leabhair Reachtanna ar na leathanaigh Ghréasáin reachtaíochta.
  • Anuas ar fhaisnéis a chur ar fáil faoi na teidil Clárú, Iarchlárú agus Foirceannadh/cur ar ais, ar leathanaigh iad lena ndéileáiltear le timthriall na cuideachta/ainm gnó/comhpháirtíocht theoranta/cuideachta sheachtrach, is ann d’fhaisnéis faoi Chlár na gCara-Chumann (Cumainn Tionscail agus Choigiltis/Ceardchumainn/Cara-Chumainn) freisin. Ina theannta sin, tá faisnéis ghinearálta ar fáil ón leathanach Gréasáin Bileoga Faisnéise.
  • Foilsítear sa Lámhleabhar Saoráil Faisnéise freisin faisnéis a bhaineann leis na seirbhísí a gcuireann CRO iad ar fáil.
  • Is féidir faisnéis faoi tháillí a rochtain i dtaca le Cuideachtaí, le hAinmneacha Gnó, le Comhpháirtíochtaí Teoranta agus le Clár na gCara-Chumann.

An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais

  • Coimeádann CRO cláir faoi na hAchtanna a luaitear thuas. Níl baint aici le cinntí beartais. Níl aon chumhachtaí imscrúdaitheacha aici ach oiread.

Faisnéis Airgeadais

  • Gach ráithe, foilsítear ar an leathanach Gréasáin Íocaíochtaí thar €20,000 sonraí faoi íocaíochtaí nó orduithe ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí ar mó a luach ná €20,000.

Soláthar

  • Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Soláthar atá sonraí maidir le comórtais reatha tairisceana ar shuíomh Gréasáin etenders agus aon chonarthaí poiblí a dheonaítear.

An Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus Faisnéis Eile is Gá a Fhoilsiú mar Chúrsa Gnáthaimh.

  • Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Loga Nochta Saoráil Faisnéise atá sonraí faoi iarrataí saorála faisnéise a rinneadh chuig CRO i dtaca le hiarrataí neamhphearsanta.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs na nAchtanna, téigh chuig an suíomh Gréasáin rialtais www.foi.gov.ie/