Ceartú An gClár CRO


Tá sé de dhualgas ar an gcuideachta agus a hoifigigh, agus iarratas reachtúil á chomhlánú acu, a chinntiú go bhfuil na doiciméid comhlánaithe go hiomlán, go cruinn agus i gceart, a chuirtear faoi bhráid na CRO de bhun Acht na gCuideachtaí 2014. Tá deimhniú sa chuid is mó de na foirmeacha CRO ar gá d'oifigeach reatha na cuideachta a shíniú, a dheimhníonn go bhfuil an t-ábhar san fhoirm ceart.

Ní dhéanann an CRO, nó ní féidir léi, na hearráidí go léir a aimsiú, a dhéantar ar na foirmeacha reachtúla, sula gclárófar iad. Comhdúcháin reachtúla ar dealraitheach go bhfuil siad in ord, glacann an CRO leo le hintinn mhaith agus cláraíonn an Oifig iad. Fiú más dealraitheach nach bhfuil an comhdúchán in ord, d'fhéadfaí nach n-aimseofaí é seo sula gclárófaí é, mar déanann an CRO scrúdú ar chomhdúcháin reachtúla de réir mar a bhíonn acmhainní ar fáil agus de réir thosaíochtaí na hOifige, mar a shocraíonn an Cláraitheoir ó am go ham.

Níl sé de chumhacht ghinearálta ag Cláraitheoir na gCuideachtaí, faoi Acht na gCuideachtaí 2014, leasú riaracháin a dhéanamh ar an gclár CRO nó cead a thabhairt chun na doiciméid chláraithe a leasú. Níl sé de chumhacht reachtúil ag an gCláraitheoir ach oiread, iarratais chláraithe a bhaint as an gclár. Tá sé de chumhacht ag an Ard-Chúirt, de bhua lándlínse bhunaidh aici faoin mBunreacht, ceartú ar an gclár CRO a ordú, lena n-áirítear iarratais chláraithe a bhaint as an gclár i gcásanna cuí agus iarratas difriúil a chur ina n-ionad. I gcásanna dá leithéid, léireofar sa chlár CRO cad a tharla mar beidh ordú cúirte ar an gclár a thabharfaidh míniú ar conas a baineadh iarratas cláraithe as an gclár agus a cuireadh iarratas difriúil ann ina ionad.

CEARTÚ RIARACHÁIN

Níl ann ach cás teoranta amháin inar féidir clárú riaracháin a dhéanamh ar an gclár CRO faoi Acht na gCuideachtaí 2014 agus sin go mbíonn ceartú déanta ag an gcuideachta ar an gclár comhaltaí alt 169 aici féin, agus go gcuimsítear an earráid nó an t-easnamh, a cheartaigh an chuideachta ar an gclár comhaltaí aici féin, i gcomhdúchán roimhe sin leis an CRO. Forálann Alt 173 d'Acht na gCuideachtaí 2014:

"Féadfaidh cuideachta, gan iarratas chun na cúirte, aon earráid nó easnamh sa chlár a cheartú tráth ar bith ach ní dhéanfaidh ceartú den sórt sin dochar d'aon duine mura gcomhaontóidh sé leis an gceartú a rinneadh. Déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá, fógra faoin gceartú a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtaí más rud é freisin go bhfuil an earráid nó an t-easnamh in aon doiciméad a chuir an chuideachta ar aghaidh chuige".

Gan bacadh le hAlt 173, ní dhéanann Acht na gCuideachtaí tagairt do chlárú riaracháin ar na hiarratais a comhdaíodh leis an CRO agus a cláraíodh. Níl a leithéid de chumhacht, dá bhrí sin, ag an gCláraitheoir.

CEARTÚ NACH DTAGANN FAOI ALT 173

Faigheann an CRO mórán iarratas chun doiciméid chláraithe a cheartú. Cuireann an Oifig in iúl do na hiarratasóirí seo nach bhfuil de chumhacht reachtúil ag an CRO cead a thabhairt chun doiciméid chláraithe a bhaint as an gclár agus doiciméid eile a chur ina n-ionad agus/nó nach bhfuil bonn reachtúil aici cead a thabhairt chun na doiciméid chláraithe a leasú.

Ar mhaithe leis an bpobal, ar ndóigh, a chuirtear an t-eolas cuideachta ceart ar fáil ar an gclár. Chuige sin, glacann an CRO de ghnáth le hiarratais ionaid ó chuideachtaí, atá marcáilte mar iarratais ionaid agus a chuirtear in iúl go bhfuil siad "in ionad" iarratais roimhe sin , ach, sna cásanna seo, fanfaidh an t-iarratas bunaidh ar an gclár, ach amháin má fhaigheann an chuideachta i dtrácht ordú Ard-Chúirte chun é a bhaint as an gclár agus má dhéanann sí an t-ordú seo a chomhdú leis an CRO.

EISCEACHTAÍ

Tá roinnt eisceachtaí ann maidir le beartas na CRO, beartas a thugann cead do chuideachtaí iarratais ionaid a chomhdú, go príomha Foirm C1 (muirear a chlárú), Foirm A1 (ionchorprú), iarratais ar athchlárú, iarratais ar ainm a athrú agus doiciméid a chomhdú a thionscnaíonn foirceannadh deonach ag na comhaltaí (Foirm E1).

Foirm C1: ní bhaineann an cleachtas, chun glacadh le hiarratais ionaid, le muirir. Braitheann an éifeachtacht dhlíthiúil ar shonraí áirithe forordaithe maidir leis an muirear (Foirm C1) a chur chuig an CRO tráth nach déanaí ná 21 lá ó dháta cruthaithe an mhuirir. Forálann Alt 417 d'Acht na gCuideachtaí 2014 gur féidir iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun míráiteas nó easnamh sonra ar bith, i leith muirir inchláraithe ar an bhFoirm C1, a réiteach. Is é Alt 417, dá bhrí sin, an bealach cuí a bhainfear úsáid as nuair a thuigtear do chuideachta nó láithreoir nó institiúid iasachtaí, tar éis na tréimhse 21 lá chun Foirm C1 a chur isteach, gur fhágadh rud ar lár ón bhFoirm C1 nó go raibh míráiteas inti - ní féidir glacadh le réiteach riaracháin, dá bhrí sin, nuair a bhíonn earráid i C1.

Foirm A1: eisíonn an CRO deimhniú ionchorpraithe, atá comhcheangailte go cinntitheach, tar éis Foirm A1 a fháil ó chuideachta. Ní féidir, dá bhrí sin, foirm ionaid A1 a chomhdú "in ionad" na foirme A1 lena hionchorpraíodh an chuideachta.

Foirm B74: maidir leis an riachtanas go ndéanann stiúrthóir atá dícháilithe thar lear an dícháiliú sin a nochtadh ar Fhoirm B74, nuair a chuirtear in iúl don CRO ar Fhoirm A1 nó B10 gur cheapadh mar stiúrthóir ar chuideachta é/í, cuideachta atá cláraithe in Éirinn, forálann Achtanna na gCuideachtaí, más rud é nach gcuirtear an nochtadh sin i gceangal le Foirm A1 nó B10, cibé foirm is infheidhme, nó nuair a bhíonn Foirm B74 bréagach nó míthreorach ó thaobh ábhair de, go meastar go bhfuil an stiúrthóir i dtrácht faoi réir ordú dícháiliúcháin sa dlínse seo go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an téarma dícháiliúcháin aige/aici thar lear. Ní féidir an dícháiliú measta seo a fhreaschur a bhaineann le Foirm B74 a chur chuig na CRO go déanach nó, le heolas bréagach nó míthreorach a chur ar fáil inti, trí Fhoirm B74 leasaithe a chomhdú leis an CRO.

Athchlárúcháin: eisíonn an CRO deimhniú ionchorpraithe, atá comhcheangailte go cinntitheach, tar éis iarratas ar athchlárú a chur i gcrích. Ní féidir, dá bhrí sin, iarratas ionaid ar athchlárú a chomhdú "in ionad" an iarratas bunaidh ar athchlárú.

Athrú Ainm: eisíonn an CRO deimhniú ionchorpraithe atá comhcheangailte go cinntitheach, a thaispeánann ainm nua na cuideachta, tar éis don ainm a athrú. Ní féidir, dá bhrí sin, iarratas ionaid ar ainm a athrú a chomhdú "in ionad" an iarratas bunaidh ar ainm a athrú.

Ainmneacha Gnó: eisíonn an CRO deimhniú clárúcháin tar éis iarratas ar ainm gnó a chur i gcrích. Ní féidir iarratas ionaid ar ainm gnó a chomhdú "in ionad" an iarratas bunaidh ar athchlárú. De bhun alt 7 den Acht um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963, is féidir fógra maidir le hathrú sonraí a chomhdú aon uair a dhéantar sonraí a athrú nó a thagann athrú ar na sonraí atá cláraithe i leith duine ar bith faoin Acht sin - is féidir an modh seo a úsáid chun an clár ainmneacha gnó a cheartú más gá sin. Eisíonn an CRO deimhniú nua de bhun alt 8(1) den Acht um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963 nuair a chláraítear fógra alt 7 maidir le hathrú sonraí.

Foirm E1: más rud é nach gcuirtear dearbhú sócmhainneachta chuig an CRO de réir riachtanais alt 207/580 d'Acht na gCuideachtaí 2014, tá an dearbhú sócmhainneachta neamhéifeachtach faoi Acht na gCuideachtaí 2014 agus is iad na creidiúnaithe a bhíonn freagrach as an gcuideachta a fhoirceannadh go deonach, de bhun alt 586 - ní féidir é seo a réiteach trí Fhoirm ionaid a chomhdú.

ACHOIMRE

Nuair a dhéanann cuideachta iarratas a chomhdú, mar shampla, tuairisceán bliantúil, ar dealraitheach go bhfuil sé in ord agus a dhéanann an CRO a chlárú, agus nuair a thuigtear don chuideachta ina dhiaidh sin go raibh an t-iarratas mícheart ar bhealach éigin, ó thaobh fíricí de, glacfaidh an CRO de ghnáth le tuairisceán leasaithe ón gcuideachta sin (fanann an tuairisceán a comhdaíodh ar dtús ar an gclár), mar is ar mhaithe leis an bpobal a chuirtear an t-eolas ceart, nuashonraithe ar fáil sa chlár CRO. Ní féidir leis an CRO ráthaíocht a thabhairt agus ní thugann sí ráthaíocht go bhfuil tosaíocht ag aon iarratas áirithe ar iarratas eile. Mar a léirítear thuas, ní féidir glacadh le foirmeacha ionaid i gcás foirmeacha áirithe, lena n-áirítear Foirmeacha C1, A1, E1 agus iarratais ar athchlárú.  Tá ordú Ard-Chúirte chun an clár a cheartú riachtanach sna cásanna roimhe seo, más mian le cuideachta/láithreoir iarratas cláraithe a bhaint as an gclár agus ceann eile a chur ann ina ionad nó iarratas cláraithe a leasú. Maidir leis an bhFoirm E1 (dearbhú sócmhainneachta), is é an modh is coitianta a ghlactar leis chun an cás a réiteach ná go ndéanann an chuideachta ordú cúirte a lorg, a chuireann ar neamhní an rún chun foirceannadh de bhun alt 669 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Nuair a fhaigheann an CRO ordú cúirte dá leithéid, athshocraítear stádas na cuideachta ó "Leachtú" go dtí a stádas sula bhfuair an CRO na doiciméid fhoirceanta.