Athúsáid Faisnéise - Oifig um Chlárú Cuideachtaí

Rialacháin um Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí 2005 (SI 279 de 2005)

Duine a bhfuil Freagracht aige - Claudine Forrest - Claudine.forrest@dbei.gov.ie 

Ráiteas ar Bheartas maidir le Scaoileadh Sonraí

(a) Scrúduithe Aonaracha ar Chlár CRO

Cuirtear an fhaisnéis a chomhdaítear leis an CRO de bhun Acht na gCuideachtaí 2014 ar fáil le haghaidh scrúdaithe phoiblí de bhun na reachtanna sin, ar tháille bheag de ghnáth, atá socraithe ag an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Socraíonn an tAire na táille scrúdaithe ag féachaint do chostas measta le bailiúchán, táirgeadh, cóipeáil agus scaipeadh faisnéise faoin chuideachta, de réir ceanglais faoi dhlí Eorpach.

Is féidir faisnéis ríthábhachtach ar leith a sheiceáil saor in aisce ar Shaoráid Cuardaigh Gréasáin CRO, mar ainm cuideachta agus seoladh na hoifige cláraithe. Cuirtear achoimre níos mó ar chuideachta ar fáil trí asphrionta cuideachta nó cóip d’aon doiciméad comhdaithe a ordú. Is féidir é seo a fháil ag baint úsáide as an tsaoráid cuardaigh gréasáin agus baineann táille leis, arís mar a shocraíonn an tAire de bhun reachta. Tá an fhaisnéis seo ar fáil freisin thar an gcuntar ag ár n-oifig phoiblí nó trí iarratas sa phost.

Baineann na táillí de réir na reachtaíochta mar seo a leanas:

Cuardach

Cuardach Páipéar Leictreonach

Íomhá dhoiciméid €2.50 €2.50

Asphrionta ar shonraí bunúsacha na cuideachta/ainm gnó €3.50 €3.50

Ainm cuideachta/gnó ar chomhad páipéir a chuardaigh (doiciméid níos sine don chuid is mó) €3.50 €3.50

Deimhniú dúblach cuideachta €12.00 Dada (le

húsáid earnála poiblí amháin)

(b) Soláthar Sonraí Builc

Déanann an CRIO, faoi cheadúnas, sonraí i bhformad builc a sholáthar d'úsáideoirí ardtoirte ár gcuid sonraí. Baineann na sonraí le faisnéis faoi chuideachta ar gach cuideachta ar an gclár. Tá sé ar fáil i bhformáid sainithe ar féidir leis nuashonrú le hathruithe ar cheanglais chomhdaithe a thabhairt san áireamh. Is féidir nuashonruithe laethúla a íoslódáil ón idirlíon - sanntar focal faire do Cheadúnaí lena éascú. Shocraigh an tAire an táille ar sheirbhís nuashonraithe laethúil na sonraí ag €31,000 gach bliain.

pdf logo Bulk Tape Specification (0.36 MB, Adobe PDF)

Is féidir cóip de gach doiciméad scanta atá faighte ag CRO a chur ar fáil ar chostas €63,360 gach bliain, arís mar a shocraigh an tAire. Is féidir iad seo a íoslódáil ar bhonn laethúil ó óstláithreán gréasáin.

Seaníomhánna: Ina theannta sin, is féidir cóipeanna de dhoiciméid stairiúla scanta an CRO atá bainteach le haighneachtaí beo chuig an CRO, a cheannach faoi Cheadúnas ar chostas €192,580, arna shocrú ag an Aire (táille bliantúil de €63,360 i dtaobh íomhánna scanta le haghaidh gach ceann de na trí bliana is deireanaí, agus na híomhánna scanta i dtaobh na mblianta roimhe sin curtha san áireamh saor in aisce; lúide táille breise de €2,500 chun costais riaracháin a bhaineann leis an tsliocht sin ón mbunachar sonraí a chur ar fáil). Ní mór do cheannaitheoir seaníomhánna Ceadúnas a fhorghníomhú um cheannach leanúnach doiciméad scanta arna soláthar ag an CRO ar chostas de €63,360 in aghaidh na bliana.

NB. Tá Ceadúnas ar fáil freisin um sholáthar cóipeanna de dhoiciméid stairiúla scanta an CRO le haghaidh custaiméirí reatha um íomhánna toirte (.i. atá cláraithe cheana féin don Cheadúnas um sholáthar íomhánna scanta ar bhonn leanúnach). Cuirtear an táille um sholáthar an tseanchomhaid do chustaiméirí den sórt sin, arna sannadh ag an Aire arís, i bhfeidhm mar chion den táille thuas (€192,580) agus braitheann sé ar an méid de na híomhánna scanta ó na trí bliana is deireanaí atá ceannaithe ag an gcustaiméir cheana féin

Bíonn coinníollacha ag baint le soláthar nuashonruithe sonraí agus íomhánna scanta agus, go háirithe, nach mór Comhaontú Ceadúnaithe foirmiúil a shíniú sula gcuirfear tús leis an soláthar. (Féach Doiciméid Thíos)

Bheadh saineolas ríomhaire de dhíth ar cheannaitheoirí na sonraí gurbh fhéidir leo na sonraí a léamh.

Agus í mar chomhlacht earnála poiblí, tá an CRO faoi réir na Rialachán thuasluaite. Gearrann an CRO táille ar athúsáid doiciméad a soláthraítear di de bhun iarratais faoi réir na Rialachán.

Ní mór tabhairt faoi deara nach n-éilítear ar CRO faoi na Rialacháin doiciméad a chruthú nó a athrú chun iarratas a chomhlíonadh, nó sleachta ó dhoiciméid a sholáthair i gcás a mbainfidh iarracht dhíréireach leis, ag dul thar oibríocht shimplí nó le leanúint le táirgeadh de chineál áirithe doiciméid le haghaidh athúsáide.

Má dhéantar iarracht laistigh de na Rialacháin ar athúsáid doiciméad, sa dóigh is go n-éilítear ar an CRO de réir na Rialachán na doiciméid a scaoileadh, scaoilfidh an CRO an t-ábhar a shonraíonn an t-iarratasóir faoi réir téarmaí fhoirm PSI Ceadúnas Ginearálta Uimh. 2005/08/01, atá ar fáil ag www.psi.gov.ieLinks to external website, agus faoi réir clásail muirearaithe sa bhreis á gcur leis an gCeadúnas (féach thíos). Éilítear ar iarratasóir le haghaidh athúsáide doiciméad glacadh le agus bheith faoi cheangal téarmaí agus coinníollacha an Cheadúnais seo le ligean don CRO doiciméid a iarradh a scaoileadh.

I gcás ina ndéanann duine iarraidh don CRO chun doiciméid a scaoileadh le faisnéis earnála poiblí a hathúsáid, agus go n-éilítear ar an CRO de réir Rialachán na doiciméid sin a scaoileadh, cuirfidh an CRO in iúl don iarratasóir leibhéal an mhuirir a ghearrfar le hathúsáid na ndoiciméad ina leith. Ní mór don iarratasóir Foirm PSI Ceadúnas Ginearálta Uimh. 2005/08/01 comhlánaithe agus an clásal muirearaithe curtha leis a léiríonn leibhéal an mhuirir a bhaineann leis de réir mar a chuir an CRO in iúl don iarratasóir faoi. Déanfaidh an CRO na doiciméid a iarradh a scaoileadh i ndiaidh dó comhaontú Ceadúnais forghníomhaithe a fháil.

Is é mar seo a leanas téacs an chlásail mhuirearaithe:

11. Forléireofar Clásal 2 faoi réir an chlásail sin - ní bhaineann an Ceadúnas seo ach leis na doiciméid seo a leanas:

[ionsáigh sonraíocht na ndoiciméad a iarrann an t-iarratasóir ina iarraidh/hiarraidh don CRO]

Aontaíonn an Ceadúnaí méid € [ ] le híoc don Cheadúnóir maidir le scaoileadh na ndoiciméad atá clúdaithe ag an gCeadúnas seo, de réir mar atá sonraithe thuas, méid a íocfar as gach scaoileadh na ndoiciméad luaite ag an gCeadúnóir don Cheadúnaí. [Sonraigh minicíocht chun doiciméid a scaoileadh más iarraidh é ar scaoileadh leanúnach na ndoiciméad ag CRO, mar shampla laethúil, seachtainiúil srl.]

Bonn muirir

De réir mar a éilíonn na Rialacháin, déanfaidh an CRO muirir le haghaidh athúsáide a ríomh ar bhonn nach rachaidh méid iomlán an ioncaim a ghearrfar as soláthar agus ceadú athúsáide doiciméad, nach rachaidh sé thar chostas measta lena mbailiúchán, tairgeadh, atáirgeadh agus scaipeadh, in éineacht le fáltas réasúnta ar an infheistíocht. Déanfar muirir a ghearradh dírithe ar chostas thar an tréimhse cuntasaíochta a bhaineann leis agus a ríomh de réir prionsabal cuntasaíochta atá ag an CRO.