Cuardach Slavenburg

Cuardach Iarratas Taiscthe ar Leith

Tá scanadh déanta ar aighneachtaí ón mbliain 2000 ar aghaidh agus is féidir iad a cheannach ón láithreán gréasáin trí húsáid a bhaint as na Naisc Chuardach Aighneachta Aonair don áis sheachtrach láithreán gréasáin. Chun an cuardach sin a éascú, tá comhad pdf ar fáil ón láithreán gréasáin ina dtugtar sonraí faoi liosta d’uimhreacha aighneachta agus d’ainmneacha cuideachta i dteannta leis na dátaí ar a fuarthas iad. Déanfar nuashonrú air gach mí. Cuardach Iarratas Taiscthe ar LeithLinks to external website.

Ní ceadmhach muirear atá cruthaithe ag cuideachta eachtrach a bhfuil áit ghnó aici sa Stát ach nach bhfuil cláraithe ag an OCC mar Chuideachta Sheachtrach a bhfuil brainse nó áit ghnó bunaithe aige sa Stát, ní ceadmhach é a chlárú ag an OCC, ós rud é nach bhfuil an chuideachta atá i gceist ar chlár an OCC. Nuair a fhaigheann an OCC sonraí faoi mhuirear a bhí cruthaithe ag cuideachta eachtrach nach bhfuil cláraithe (Foirm 8E/F8), ní ceadmhach Foirm 8E/F8 a chlárú maidir leis an gcuideachta sin agus bíonn sé curtha ag an OCC i rud ar a dtugtar comhad "Slavenburg". Seolfaidh an OCC litir chuig tabharthóir Fhoirm 8E in am trátha, ina luafar go bhfuil soláthar sonraí ar an muirear nótáilte ag an OCC i gcomhad Slavenburg.

Sásamh

Tá Alt 105 d’Acht na gCuideachtaí, 1963, rud a rialaíonn sásamh na muirear, tá a scóip faoi theorainn na "muirear cláraithe". Ós rud é nach muirir chláraithe iad na muirir i gcomhad Slavenburg, ní bhaineann an nós imeachta maidir le hiontrálacha sásaimh agus scaoileadh maoine ó mhuirear de bhun alt 105 d’Acht na gCuideachtaí, 1963, lena leithéid de mhuirir. Chinn an Cláraitheoir go bhfuil sé míchuí don OCC glacadh le fógra sásaimh maidir le comhdúcháin Slavenburg, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist. Tá seans maith ann go seolfar a leithéid d’fhógraí ar ais chuig an tabharthóir.