Táillí

Is féidir leat féachaint ar tháillí le haghaidh doiciméad atá comhdaithe agus is féidir cuardach a dhéanamh orthu. Gearrtar táille níos ísle ar dhoiciméid a comhdaítear go leictreonach agus, i roinnt cásanna ní ghearrtar táille ar bith.

Tabhair faoi deara le do thoil, nach mór seiceanna a chuirtear chuig CRO a bheith iníoctha leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí nó Cláraitheoir na gCuideachtaí (Companies Registration Office or Registrar of Companies) agus nach mór iad a tharraingt ó Bhanc i gcóras imréitigh Phoblacht na hÉireann. Ar mhaithe le cúiseanna slándála, ba chóir na focail Oifig um Chlárú Cuideachtaí (Companies Registration Office) a litriú go hiomlán ar líne Ainm an Íocaí i gcónaí- ná cuir na litreacha "CRO" ina n-aonair air riamh.

Chun cur chun feidhme na Treorach athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2) a éascú, ar dlí Eorpach é a tháinig i bhfeidhm le déanaí chun é a dhéanamh níos sábháilte do thomhaltóirí íocaíochtaí leictreonacha a dhéanamh ar líne, bhí ar CRO athruithe a dhéanamh ar ár leathanach íocaíochta ach 6 réimse nua a chur leis. Is eol dúinn go bhfuil roinnt daoine atá ag úsáid an chórais CORE ag streachailt leis na réimsí nua sin agus ag teacht ar earráidí agus iad ag iarraidh íocaíocht ar líne a dhéanamh. Chun earráidí a sheachaint agus leanúint leis an íocaíocht, déan cinnte de go líonann tú na sonraí isteach sna 6 réimse go léir (Seoladh 1, Seoladh 2, Cathair, Postchód, Tír agus Uimhir Theileafóin). Má chuirtear roinnt saincharachtar isteach sna réimsí, cruthófar earráidí agus cuirfear cosc ar lódáil an scáileáin iontrála cárta creidmheasa. Mar shampla, ní ghlactar le lúibíní “(“ “)” sa réimse uimhir theileafóin. Níor cheart carachtair neamhaibítreacha/neamhuimhriúla a úsáid, seachas comharthaí athfhriotail agus fleiscíní do na seoltaí. 
 

Roinn Cur Síos
Cuideachtaí Mionsonraí na dtáillí comhdaithe le haghaidh aighneachtaí agus Táillí Ginearálta
Ainmneacha Gnólachta Mionsonraí na dtáillí comhdaithe le haghaidh aighneachtaí agus Táillí Ginearálta
Cuideachtaí eachtracha Mionsonraí na dtáillí comhdaithe le haghaidh cuideachtaí eachtracha
Comhpháirtíochtaí Teoranta Mionsonraí na dtáillí comhdaithe le haghaidh
Sonraí Builc Mionsonraí na dtáillí.
Athúsáid Faisnéise Nóta faoi Tháillí agus Athúsáid Faisnéise don Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus Cláraitheoir na gCara-Chumann
Modhanna Íocaíochta Na modhanna éagsúla íocaíochta a nglacann an CRO leo. Is féidir leat rogha a dhéanamh chun Cuntas Taisce a Oscailt.