Iris CRO 2004

Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.

Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004.

IRIS CRO 2004

Nuachtlitir - 3 Iúil 2017

ACHT NUA 2017

Tá Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 nua le fáil ón http://www.irishstatutebook.ie/eli/2017/act/9/enacted/en/pdf

Is le halt 15 a leasaítear Cuid 6 d’Acht na gCuideachtaí, 2014. Cuirtear Caibidil nua 1A (ailt 280A – 280H) isteach leis an alt, ar caibidil í lena bhforáiltear do na critéir trína gcáileoidh cuideachtaí mar “cuideachtaí beaga”, “cuideachtaí meánmhéide” nó “cuideachtaí móra”. Tugtar catagóir nua cuideachta isteach leis freisin, is é sin, “micreachuideachta”. 

 

Tuarascáil Bliantúil

Tá Tuarascáil Oifig um Chlárú Cuideactaí 2016 le fáil ón leathanach Foilseacháin Chorparáideacha.
https://www.cro.ie/Foilseach%c3%a1in/Foilseach%c3%a1in/Foilseach%c3%a1in-Chorpar%c3%a1ideacha  

 
 
CUIDEACHTAÍ NEAMHTEORANTA

Níl an díolúine ar fáil do chuideachtaí Neamhteoranta (cuideachtaí atá cláraithe faoi Chuid 19 d’Acht na gCuideachtaí 2014) ón 9 Meitheamh 2017.

Níl aon cás nua imthosca speisialta a bheith ann a thabharfaidh gur fóirsteanach, i dtuairim an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, díolúine ón gceanglas um chineál a thabhairt mar chuid den ainm. 
 
 
Cuideachtaí díscaoilte a athbhunú ar an modh mear -FAST TRACK 

1ú Meitheamh 2017: Beidh feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh:

Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht),

Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe,
Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí,
Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú.

Is faoi oifigigh na cuideachta atá sé a chinntiú go bhfuil gach doiciméad comhlánaithe i gceart ionas gur féidir an t-athbhunú a chur i gcrích ar an lá. Toisc go mbeidh sé éigeantach foirmeacha B1, B10 agus B2 a ríomhchomhdú ón 1 Meitheamh 2017 i leith, beidh gá ann le faisnéis a athrú ar líne má tá sí mícheart nó má tá
tuilleadh faisnéise ag teastáil.

https://www.cro.ie/Athruithe-2017/CC-mar-r%c3%adomhchomhd%c3%ba 
 
 
 TÁ RÍOMHCHOMHDÚ ÉIGEANTACH AIGHNEACHTAÍ ÁIRITHE I bhFEIDHM AG AN CRO ÓN 1 MEITHEAMH 2017 AR AGHAIDH 

I.R. Uimh. 458 de 2016 - an tOrdú um Acht na gCuideachtaí 2014 (Alt 897), 2016, shínigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta isteach sa dlí í. Tiocfaidh an Ionstraim Reachtúil in éifeacht an 1 Meitheamh 2017. Tá feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh:

Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht)
Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe
Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí
Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú

Nasc:
https://www.cro.ie/Athruithe-2017/2017/Comhd%C3%BA-%C3%A1r-l%C3%ADne-Meitheamh  
https://www.cro.ie/Athruithe-2017/CC-mar-r%c3%adomhchomhd%c3%ba  
https://www.cro.ie/Athruithe-2017/CCanna-Gn%c3%adomhaire-R%c3%adomhchomhdaithe  
 

ÚINÉIREACHT THAIRBHIÚIL 

Is féidir aon cheisteanna i ndáil leis an ionstraim reachtúil a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: aml@finance.gov.ie  
https://www.cro.ie/Comhsh%C3%B3/%C3%9Ain%C3%A9ireacht-Thairbhi%C3%BAil

Please login or register to post comments.

Theme picker