Iris CRO 2005

Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.

Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004.

IRIS CRO 2005

Nuachtlitir CRO 177 - 7 Márta 2018

NÍ THABHARFAR 14 LÁ DO CHUIDEACHTAÍ I GCÁS NÁR SÍNÍODH FOIRM B1 

Ón 1 Aibreán 2018 i leith, diúltófar d’fhoirmeacha B1 go huathoibríoch i gcás nár síníodh an leathanach sínithe ar fhoirm B1 nó nár síníodh an deimhniú foriomlán nó i gcás nach bhfuil ach síniú amháin air. Ní bhainfidh an Cláraitheoir leas as a lánrogha faoi alt 898 d’Acht na gCuideachtaí 2014 sna cásanna sin a thuilleadh agus ní thabharfaidh sé 14 lá le haghaidh an leasú a theastaíonn a dhéanamh ach oiread. Ní mór tuairisceán bliantúil nua a ghabháil, ní mór ráitis airgeadais nua a uaslódáil agus ní mór leathanach sínithe nua a bhfuil sínithe air a sheachadadh chuig CRO. I gcás go bhfaightear an tuairisceán bliantúil nua sin níos mó ná 28 lá tar éis Dháta Tuairisceáin Bhliantúil na cuideachta, is mall a bheidh foirm B1. 
 

IS MALL A BHEIDH TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL MURA NUASLÓDÁILTEAR RÁITIS AIRGEADAIS 

Ón 1 Aibreán 2018 i leith, ní mór Ráitis Airgeadais a uaslódáil sula seoltar leathanach sínithe a bhfuil sínithe air chuig CRO. I gcás go bhfaightear leathanach sínithe agus nach n-uaslódáiltear aon ráitis airgeadais, diúltófar don tuairisceán bliantúil sin. Ní thabharfar 14 lá do chuideachtaí na ráitis airgeadais a uaslódáil. 
 

MEABHRÚCHÁN – IS MALL A BHEIDH TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL MÁ UASLÓDÁILTEAR RÁITIS AIRGEADAIS GO MALL 

Is meabhrúchán é seo á rá gurb amhlaidh, má uaslódálann tú do ráitis airgeadais tar éis na tréimhse 28 lá a cheadaítear tar éis foirm B1 a ghabháil ar líne, gur mall a bheidh do thuairisceán bliantúil iomlán agus go ngearrfar pionós as comhdú déanach ort agus, nuair is cuí, go gcaillfidh tú do dhíolúine ó iniúchadh go ceann dhá bhliain. 
 

IARRATAÍ AR THUAIRISCEÁN BLIANTÚIL A CHUR ISTEACH 

I gcás go gcuireann cuideachta nó deontóir glao ar CRO agus go n-iarrann sé/sí go gcuirfí tuairisceán bliantúil isteach sula bhfaigheadh CRO an leathanach sínithe, ní éascófar an iarraidh sin má dhéantar í laistigh de 3 lá ó dháta seachadta an leathanaigh shínithe. 
 

NÍ GHLACFAR LE SEICEANNA A THUILLEADH LE HAGHAIDH CUNTAIS CHUSTAIMÉARA  

Ón 1 Meitheamh 2018 i leith, ní bheidh CRO ag glacadh le seiceanna a thuilleadh mar mhodh íocaíochta chun Cuntas Custaiméara a bhreisiú. Táthar ag cur deireadh
le húsáid seiceanna de réir a chéile. Tosaíodh air sin nuair a baineadh an rogha sin de Thuairisceán Bliantúil B1 a chomhdú. Is féidir Cuntas Custaiméara a bhreisiú le Cárta Creidmheasa nó le Ríomhaistriú Airgid ar choinníoll go luaitear uimhir an Chuntais Chustaiméara mar thagairt ar an Ríomhaistriú Airgid agus go seoltar ríomhphost chugainn á rá go ndearnadh an t-aistriú sin. 
 

PRÍOMHPHOINTÍ LE CUIMHNEAMH  

Más neamh-chomhlíontach atá tuairisceán bliantúil:

- ní sheolfar an tuairisceán ar ais chuig an Deontóir go fisiciúil.
eiseofar ríomhphost chuig an mBronntóir á chur in iúl dó/di gur seoladh a d(h)oiciméad ar ais agus caithfidh sé/sí foirm B1 uaidh/uaithi a thaisceadh an athuair, a ráitis airgeadais a uaslódáil an athuair, leathanach sínithe nua a phriontáil agus a shíniú agus an leathanach sin a sheachadadh chuig CRO laistigh de 14 lá.
-Ba cheart do Chuideachtaí agus do Dheontóirí a chinntiú go gcuireann siad na seoltaí ríomhphoist chearta ar fáil chun a áirithiú go dtabharfar fógra dóibh tráth a sheoltar a gcuid doiciméad ar ais mar nach bhfaighidh siad litir ná doiciméid trí chasadh an phoist a thuilleadh.
-Ní mór an leathanach sínithe ar fhoirm B1 a sheachadadh chuig an CRO TAR ÉIS na ráitis airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF. Tabhair faoi deara go seolfaidh an CRO an leathanach sínithe ar ais mura rud é nár uaslódáladh na ráitis airgeadais ar é a fháil.

https://www.cro.ie/R-Chomhd%C3%BA/Pr%C3%ADomhphoint%C3%AD-le-Cuimhni%C3%BA  

SEOLADH AN CHLÁIR LÁRNAIGH UM ÚINÉIREACHT THAIRBHIÚIL 

Chuir an Roinn Airgeadais in iúl go bhfuil sé beartaithe Ionstraim Reachtúil a dhéanamh sna míonna le teacht, rud lena sannfar freagracht dhlíthiúil ar leith do Chláraitheoir na gCuideachtaí as bunú agus cothabháil a dhéanamh ar an gclár lárnach um úinéireacht thairbhiúil cuideachtaí agus cumann tionscail agus coigiltis.

Tá dea-dhul chun cinn déanta ar an obair dhlíthiúil agus theicniúil a theastaíonn chun an clár sin a sheoladh, mar a éilítear leis an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid. Chuir an Roinn Airgeadais in iúl go bhfuil sí ar an mbóthar ceart le haghaidh na gnéithe úinéireachta tairbhiúla den 4ú Treoir a thrasuí faoin gcéad ráithe den bhliain 2018.

Beartaítear fós go mbeidh tréimhse shínte ag cuideachtaí agus ag cumainn tionscail agus choigiltis le haghaidh a gcomhduithe úinéireachta tairbhiúla a dhéanamh. Tosóidh an tréimhse sin tar éis sheoladh an chláir.

https://www.cro.ie/Cl%C3%A1r%C3%BA/%C3%9Ain%C3%A9ireacht-Thairbhi%C3%BAil  

Please login or register to post comments.

Theme picker