Iris CRO 2007

Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.

Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004.

BEIDH RÍOMHCHOMHDÚ ÉIGEANTACH AIGHNEACHTAÍ ÁIRITHE I bhFEIDHM
AG AN CRO ÓN 1 MEITHEAMH 2017 AR AGHAIDH 

I.R. Uimh. 458 de 2016 - an tOrdú um Acht na gCuideachtaí 2014 (Alt 897), 2016, shínigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta isteach sa dlí í. Tiocfaidh an Ionstraim Reachtúil in éifeacht an 1 Meitheamh 2017.
Beidh feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh:

Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht)
Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe
Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí
Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú

Beidh tionchar díreach ag na hathruithe sin ar an gcuideachta ina bhfuil tú i do stiúrthóir. Ós rud é go bhfuil dualgas ar gach cuideachta Foirm B1 a chomhdú gach bliain, tá sé ríthábhachtach go ndéanann aon chuideachta a dtiteann a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil tar éis an 31 Bealtaine 2017 eolas a chur ar an bpróiseas ar líne roimh a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil.

Tá céatadán ard de chustaiméirí an CRO ag baint leas cheana féin as na buntáistí a bhaineann le comhdú leictreonach, rud atá ag cruthú coigilteas suntasach ó thaobh costais pháipéir, costais phriontála, costais phostais
agus táillí comhdúcháin de le blianta beaga anuas. B’ionann agus geall le 80%, nó níos mó ná sin, an céatadán d’fhoirmeacha B1, B2, B10 agus B73 a comhdaíodh go leictreonach leis an CRO sa bhliain 2016.

Athruithe ar Fhoirm B1 a chomhdú tar éis an 1 Meitheamh

Ón 1 Meitheamh 2017 i leith, is go leictreonach amháin a bheifear in ann foirm B1 agus cuntais airgeadais a chomhdú agus íoc as tuairisceán bliantúil. Mar sin féin, ní mór an leathanach sínithe a phriontáil, a shíniú agus a chur isteach de láimh chuig an CRO fós (mura sínítear é go digiteach ach ROS a úsáid).

I gcás deontóirí a chomhdaigh foirmeacha B1 go leictreonach san am atá thart, is iad seo na príomhathruithe a bheidh ann ón 1 Meitheamh ar leith:

Comhad PDF de Ráitis Airgeadais:
NÍ MÓR na ráitis airgeadais uile a uaslódáil mar iatán PDF ar CORE/phacáiste bogearraí laistigh de 28 lá ón dáta ar ar cuireadh ríomhfhoirm B1 isteach. Ní ghlacfaidh an CRO le cóipeanna crua de na ráitis airgeadais tar éis an
1 Meitheamh.

Is féidir an comhad PDF de na ráitis airgeadais a cheangal le ríomhfhoirm B1 i do Spás Oibre/phacáiste bogearraí ar an dóigh chéanna a gceanglaítear doiciméad le ríomhphost.

Ní mór an leathanach sínithe ar fhoirm B1 a sheachadadh chuig an CRO TAR ÉIS na ráitis airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF. Tabhair faoi deara go seolfaidh an CRO an leathanach sínithe ar ais mura rud é nár uaslódáladh
na ráitis airgeadais ar é a fháil.

Íocaíocht Leictreonach:
NÍ MÓR an táille comhdúcháin agus aon phionóis i leith comhdú déanach a íoc go leictreonach le cárta creidmheasa/dochair nó trí Chuntas Custaiméara leis an CRO. Ní bheidh tú in ann cur isteach ríomhfhoirm B1 a chríochnú gan an íocaíocht a dhéanamh ag céim an chuir isteach ar dtús.

Ní bheifear in ann an táille comhdúcháin €20 ná aon phionóis i leith comhdú déanach a íoc le seic, le hordú poist, le hordú airgid ná le dréacht bainc. Mar sin féin, beifear in ann Cuntas Custaiméara a bhreisiú le seic, etc.,
tar éis an 1 Meitheamh go fóill.
Please login or register to post comments.

Theme picker