Iris CRO 2008

Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.

Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004.

Nuachtlitir 183 - 3 Meán Fómhair 2018

TAKING CARE OF BUSINESS 

Beidh ‘Taking Care of Business’ ar siúl san Óstán Radisson Blu & Spa, Bóthar na hInse, Luimneach ar an 25 Mean Fomhair, 2018 idir 8:00rn agus 2:00in. Ceapadh an t-imeacht uathúil seo go sonrach chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus gnólachtaí nua-thionscanta tuiscint a fháil ar na seirbhísí a chuireann go leor dár gcuid oifigí agus gníomhaireachtaí Stáit ar fáil, agus tairbhe a bhaint astu. Cláraigh ar líne ag
https://www.eventbrite.ie/e/one-stop-shop-for-business-mid-west-tickets-42042409980

Ní ghearrfar aon táille isteach. 
 
 
AINMNEACHA CUIDEACHTAÍ 

Faoi alt 65 Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint), 1999 agus faoi alt 52 Acht na nOllscoileanna, 1997, ní féidir na focail "Ollscoil (University)" agus "Institiúid Teicneolaíochta (Institute of Technology)" nó "Ceardcholáiste Réigiúnach (Regional Technical College)" a úsáid gan cead a lorg agus a fháil roimh ré ón Roinn Oideachais.
Ainmeacha Cuideachta.

RÉAMHRÁ MAIDIR LE FOIRMEACHA NUA

Foirm FS1
Ceanglaítear ar chuideachtaí infheistíochta agus UCITeanna ráitis airgeadais a chur faoi bhráid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí mar gheall ar gur tugadh isteach athruithe atá leagtha amach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017.

Éilítear go ndéanfar na ráitis airgeadais a chomhdú laistigh de 11 mí ó dheireadh na bliana airgeadais. Tagraíonn an bhliain airgeadais seo le haon airgead bliain a thosaigh an 1 Eanáir 2017 nó dá éis.  Baineann táille comhdaithe de €15 le Foirm FS1. Tá an fhoirm le fáil ón suíomh idirlín ag an leathanach idirlín seo a leanas.

Foirm PR1
De réir athruithe a tugadh isteach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017, éilítear go gcuirfeadh cuideachtaí áirithe Tuairiscí maidir le hÍocaíochtaí le Rialtais faoi bhráid faoi Chuid 26 d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Éilítear go ndéanfar na tuairiscí a chomhdú laistigh de 11 mí ó dheireadh na bliana airgeadais. Tagraíonn an bhliain airgeadais seo le haon airgead bliain a thosaigh an 1 Eanáir 2017 nó dá éis. Baineann táille comhdaithe de €15 le Foirm PR1. Tá an fhoirm le fáil ón suíomh idirlín ag an leathanach idirlín seo a leanas. 

Feic leathnach seo le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil.

FOIRM G1- H15 

Bíodh a fhios agat:

  • NÍ leor foirm G1-H15 a chur faoi bhráid chun tús a chur leis an bpróiseas chun cuideachta a bhaint den liosta oifigiúil ná ní chuireann sé an chuideachta
    ar liostú de chuideachtaí atá lena mbaint de go deonach.
  • Tar éis don rún a bheith rite atá luaite ar fhoirm G1-H15, tá céimeanna eile le cur i gcrích sula féidir cuideachta a bhaint den chlár.
  • Ní mór Foirm H15 (an fógra foirmiúil iarratais) a chur faoi bhráid mar aon le doiciméid riachtanacha ar bith eile (cóip den bhfógra, ráiteas na gCoimisinéirí Ioncaim).
  • Feic suíomh idirlín na hOifige um Chlárú Cuideachtaí chun tuilleadh eolais a fháil. 

Cuirtear Foirm G1-H15 faoi bhráid chun riachtanais Chuid 12 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh.
Ceanglaítear ar chuideachta rún a rith sa chás —
(i) go bhfuil beartaithe aici iarratas a chur chuig an gCláraitheoir le bheith bainte den chlár ar an bhforas nach ndearna sí gnó riamh nó go bhfuil sí éirithe
as gnó a dhéanamh; agus
(ii) go bhfuil beartaithe aici nach ndéanfaidh sí aon ghnó agus nach bhfabhróidh sí aon dliteanais agus í ag fanacht le cinneadh faoina hiarratas chun bheith bainte den
liosta (nó ag fanacht le cealú an phróisis, ar a hiarratas féin, má tharlaíonn a leithéid níos túisce ná sin). 
 

ÚINÉIREACHT THAIRBHÚIL 

Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Airgeadais go meastar go ndéanfar Ionstraim Reachtúil roimh dheireadh na bliana romhainn trína sannfar freagracht dhlíthiúil ar leithligh ar Chláraitheoir na gCuideachtaí as bunú agus coimeád an chláir lárnaigh d’úinéireacht thairbhiúil cuideachtaí agus cumainn tionscail agus choigiltis (I&Ps).

Tá an obair dhlíthiúil agus theicniúil chun an clár seo a sheoladh mar a éilítear ag an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid beagnach i gcrích. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Airgeadais go bhfuil sí ar an mbóthar ceart faoi láthair le go mbeadh na gnéithe den 4ú Treoir a bhaineann le húinéireacht thairbhiúil tras-suite go luath.

Meastar fós go mbeidh amfhráma fadaithe ann do chuideachtaí agus I&Panna le gur féidir leo comhdú faoi úinéireacht thairbhiúil a dhéanamh agus go gcuirfear tús leis an tréimhse sin tar éis go seolfar an clár. Is féidir ceisteanna faoi úinéireacht thairbheach a sheoladh chuig: aml@finance.gov.ie

Is féidir Ionstraim Reachtúil Uimh. 560 an 15 Samhain 2016, inar ceanglaíodh ar gach eintiteas corparáideach agus dlíthiúil faisnéis leordhóthanach, chruinn agus reatha a choimeád faoina n-úinéir(í) tairbheach(a)a aimsiú ag: http://www.irishstatutebook.ie/eli/2016/si/560/made/en/print.

Is féidir tuilleadh eolais faoi chlár lárnach na húinéireacht tairbhí a fháil ag: https://www.cro.ie/Cl%C3%A1r%C3%BA/%C3%9Ain%C3%A9ireacht-Thairbhi%C3%BAil

Please login or register to post comments.

Theme picker