Iris CRO 2009

Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.

Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004.

COTHABHÁIL LÁITHREÁN GRÉASÁIN CRO

Beidh an CRO ag déanamh cothabhála ar ár láithreán gréasán ar Aoine 13 Eanáir 2017. (www.core.ie agus Cuardach Cuideachta). Ciallaíonn sé sin nach mbeidh fáil ar láithreán gréasáin CRO idir 1.30 pm dé hAoine go dtí an Luain 16ú Eanáir 2017. Ní bheith fáil ar ár seirbhísí ar líne le linn an ama seo. Beidh an Oifig Poiblí dúnta ar thráthnóna Dé hAoine 13ú Eanáir freisin. 

Is oth linn aon chur isteach ar an bpobal le linn na cothabhála riachtanaí seo. 
Mar gheall ar an cur isteach a dhéantar do sheirbhísí thar na saoire tréimhse, tuairisceán bliantúil, i gcás ina mbeidh an spriocdháta do chomhdú idir 13 Eanáir 2017 agus 15 Eanáir a chóireáil mar a fuarthas in am má comhdaíodh faoin 16ú Eanáir 2017. 

Ár mbuíochas leat as do chomhoibriú
 
 
AN COIMISIÚN UM CHAIGHDEÁIN IN OIFIGÍ POIBLÍ 

Comhlacht neamhspleách is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. Tá sé chomhalta aige agus tá iar-Bhreitheamh den Ard-Chúirt ina Chathaoirleach air. Tá róil mhaoirseachta aige faoi thrí phíosa reachtaíochta ar leithligh. Mar chuid dá heidhmeanna,
déanann sé maoirseacht ar mar a nochtaítear leasanna agus ar mar a chomhlíontar ceanglais um imréiteach cánach, ar mar a nochtaítear síntiúis agus caiteachas toghcháin agus ar chaiteachas an mhaoiniúcháin stáit a fhaigheann páirtithe polaitíochta. Leagtar tuilleadh mionsonraí maidir le feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin amach sa chuid den suíomh idirlín seo dar teideal “Maidir Linne”.
http://www.sipo.gov.ie/ga/  

Déan teagmháil linn: An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Bíonn an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí oscailte ó Luain go hAoine idir 9.15 go dtí 5.00pm. I gcás ceisteanna, déantar teagmháil  linn ar cheann ar bith de na bealaí atá leagtha amach thíos:

Seoladh: 18 Sráid Líosain íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HE97.
Teil: (01) 6395666
Ríomhphost: sipo@sipo.ie    
 
 
BEIDH RÍOMHCHOMHDÚ ÉIGEANTACH AIGHNEACHTAÍ ÁIRITHE I bhFEIDHM AG AN CRO ÓN 1 MEITHEAMH 2017 AR AGHAIDH 

I.R. Uimh. 458 de 2016 - an tOrdú um Acht na gCuideachtaí 2014 (Alt 897), 2016, shínigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta isteach sa dlí í. Tiocfaidh an Ionstraim Reachtúil in éifeacht an 1 Meitheamh 2017. Beidh feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh:

Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht)
Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe
Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí
Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú

Beidh tionchar díreach ag na hathruithe sin ar an gcuideachta ina bhfuil tú i do stiúrthóir. Ós rud é go bhfuil dualgas ar gach cuideachta Foirm B1 a chomhdú gach bliain, tá sé ríthábhachtach go ndéanann aon chuideachta a dtiteann a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil tar éis an 31 Bealtaine 2017 eolas a chur ar an bpróiseas ar líne roimh a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil.

Nasc chuig CORE (Timpeallacht Cláraithe Cuideachtaí Ar Líne) 
https://core.cro.ie/  

Tá an CRO i mbun oibre faoi láthair ar fheachtas faisnéise a fhorbairt chun eolas a thabhairt do chuideachtaí faoi na
ceanglais nua ríomhchomhdaithe.  

Úinéireacht Thairbhiúil

Nasc chuig ionstraim reachtúil uimh. 560 de 2016 dar teideal ‘Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Frithsciúradh Airgid: Úinéireacht Thairbhiúil Eintiteas Corparáideach), 2016’. Ceanglaítear leis an ionstraim reachtúil sin ar eintitis chorparáideacha agus ar eintitis dhlíthiúla eile atá corpraithe laistigh den Stát seo faisnéis atá leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta a choinneáil faoina n-úinéireacht thairbhiúil, lena n-áirítear sonraí faoi na leasanna tairbhiúla atá á sealbhú.
Tháinig sí i bhfeidhm an 15 Samhain 2016.

Cé gur cuireadh tús cheana féin leis an obair chun clár lárnach um úinéireacht thairbhiúil a chur i bhfeidhm, ní dóigh go mbeidh a leithéid cláir réidh go dtí lár na bliana 2017. Is féidir aon cheisteanna i ndáil leis an ionstraim reachtúil a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: aml@finance.gov.ie

https://www.cro.ie/Cl%C3%A1r%C3%BA/Cuideachta/Oibleag%C3%A1id%C3%AD-Teagmhasacha/%C3%9Ain%C3%A9ireacht-thairbhi%C3%BAil 

Please login or register to post comments.

Theme picker