Iris CRO 2011

Forálann Treoir Eorpach riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne a chur in ionad iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil.

Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004.

IRIS CRO 2011

Nuachtlitir CRO - 173 - 10ú Samhain 2017

Cuideachtaí nua - Spriocdháta na Nollag 2017 

Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag.

Gnáthschéim 4ú Nollaig 2017
Scéim fé phráin 11ú Nollaig 2017
Scéim a1 ár líne 14ú Nollaig 2017
Athrú ar ainm 11ú Nollaig 2017
Athchláraithe 11ú Nollaig 2017
Áirithinte ar ainm cuideachta 19ú Nollaig 2017
 

TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA – BUAICPHOINTE

Má chuireann tú d'fhoirm B1 isteach ar líne beidh 28 lá eile agat ón dáta ar ar cuireadh isteach é chun do leathanach sínithe agus
do chuid ráiteas airgeadais a sheachadadh ar an CRO. Gearrtar táille comhdaithe €20 ar r-B1.

Má dhéantar comhdú déanach ar thuairisceán bliantúil, cuirfear pionóis um chomhdú déanach ort agus, i gcás inarb infheidhme,
caillfidh an chuideachta an teidlíocht maidir le díolúine ó iniúchadh a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin.

A luaithe atá foirm B1 (foirm Tuairisceáin Bhliantúil) comhdaithe ar CORE laistigh de 28 lá ó dháta a tuairisceáin bhliantúil, ní mór
na Ráitis Airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF tráth nach déanaí ná an dara tréimhse 28 lá agus sula seachadtar an leathanach sínithe chuig CRO. Ní mór íocaíocht as an tuairisceán bliantúil a dhéanamh ar líne. 

Más Dé Sathairn, Dé Domhnaigh nó saoire phoiblí é dáta éaga na tréimhse comhdaithe 28 lá, síneofar an tréimhse 28 lá go dtí an
chéad lá oibre eile ina dhiaidh.

Is é €20 an táille a ghearrtar as ríomhfhoirm B1 a chomhdú. Cuimhnigh gurb amhlaidh, má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh trí
chárta creidmheasa, gur lom láithreach a ghlacfar an íocaíocht agus NACH mBEIDH sí in-aisíoctha (mar nach féidir linn sonraí cárta a
stóráil). Má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh trí chuntas custaiméara, ní asbhainfear an íocaíocht ó do chuntas custaiméara go dtí go gcuirtear sínithe leis. Má chomhdaítear tuairisceán bliantúil go déanach, beidh feidhm ag pionóis i leith comhdú déanach agus, nuair is infheidhme, caillfidh an chuideachta a teidlíocht i leith díolúine ó iniúchadh a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin.

Má bhíonn deacrachtaí agat maidir le d'fhoirm a chomhdú ar líne, tá cabhair maidir le hábhar na foirme ar fáil ó: https://www.cro.ie/R-Chomhd%C3%BA/Sonra%C3%AD-Teagmh%C3%A1la

Más rud é nár uaslódáladh na ráitis airgeadais go fóill tráth a fhaightear an leathanach sínithe in CRO, eiseofar ríomhphost chuig an Deontóir á chur in iúl dó/di gur seoladh a d(h)oiciméad ar ais agus nach mór dó/di foirm B1 uaidh/uaithi a thaisceadh an athuair,
a ráitis airgeadais a uaslódáil, leathanach sínithe nua a phriontáil agus a shíniú agus an leathanach sin a sheachadadh chuig CRO
laistigh de 14 lá.

Ba cheart do Chuideachtaí agus do Dheontóirí a chinntiú go gcuireann siad na seoltaí ríomhphoist chearta ar fáil chun a áirithiú go
dtabharfar fógra dóibh tráth a sheoltar a gcuid doiciméad ar ais mar nach bhfaighidh siad litir ná doiciméid trí chasadh an phoist
a thuilleadh.

CUIRTEAR NA DOICIMÉID AR AIS CHUIG LÁITHREOIRÍ - AR MHODH LEICTREONACH AMHÁIN

Ba mhaith leis an CRO/Cláraitheoir a chur ar aird láithreoirí ó tugadh isteach an ríomhchomhdú éigeantach an 1 Meitheamh 2017 nach
gcuirfear na tuairisceáin bhliantúla agus foirmeacha eile a chomhdaítear go leictreonach ar ais chuig an láithreoir lena gceartú ach ar
mhodh leictreonach le ríomhphost. Ní chuirfear cóipeanna crua de na tuairisceáin bhliantúla agus foirmeacha eile amach sa phost.

Éilítear ar an láithreoir an B1, B2 agus B10 etc. a chur in eagar agus a chur isteach arís agus agus iad a chur isteach chuig an
CRO/Cláraitheoir.  Tabhair do d’aire le do thoil nach mór tuairisceáin bhliantúla a chur isteach arís laistigh de cheithre lá déag den dáta ar an litir a cuireadh ar ais sin nó measfar de réir an dlí go mbeidh siad mall.

 

NÍ DHEIMHNÍTEAR SEACHADADH LÁ DÁR GCIONN LE POST CLÁRAITHE

Tabhair faoi deara gur chuir An Post in iúl NACH nDEIMHNÍTEAR SEACHADADH LÁ DÁR gCIONN LE POST CLÁRAITHE. Dá bhrí sin, más rud é go seoltar doiciméad chuig an CRO trí Phost Cláraithe agus go seachadtar é tar éis an spriocdháta comhdaithe, níl an dara rogha
ag an CRO de réir an dlí ach caitheamh leis mar dhoiciméad déanach.

Más rud é go bhfuil Tuairisceán Bliantúil á sheoladh ag cuideachta chuig an CRO tamall gairid roimh a spriocdháta comhdaithe, molann
an CRO don chuideachta úsáid a bhaint as seirbhís ama dheimhnithe a chuireann cruthúnas seachadta ar fáil. Ba cheart go mbainfeadh sé sin an riosca go seachadfaí an doiciméad go mall agus d’fhéadfadh go sábhálfadh sé an chuideachta ar phionóis um chomhdú déanach a thabhú agus ar íoc as dhá iniúchadh.

Is ann do roinnt soláthraithe a thairgeann an cineál seo seirbhíse, lena n-áirítear MEARPHOST, a dheimhníonn seachadadh lá dár
gcionn ag a bhfuil saoráidí rianaithe laistigh den Stát.

Please login or register to post comments.

Theme picker