Iris CRO 2016

Forálann Acht na gCuideachtaí 2014 riachtanais áirithe chun faisnéis a fhoilsiú in Iris CRO ar líne. Áirítear na liostaí seo a leanas i bhformáid pdf san Iris: Cuideachtaí nua; athrú ar ainm; tuairisceáin bhliantúla a fuarthas agus a cláraíodh; leachtaithe; cuideachtaí seachtracha; doiciméid cláraithe eile; baint den chlár, aischuir.

Irisí CRO de réir blianta

Fógraí Cartlainne Bhaint den Chlár Bíodh a fhios agat gur foilsíodh gach fógra bainte den chlár sa chuid bainte den chlár den ghréasán seo roimh 15 Deireadh Fómhair 2004.

IRIS CRO 2016

Nuachtlitir 180 - 11 Meitheamh 2018

NÍ GHLACFAR LE SEICEANNA A THUILLEADH LE HAGHAIDH CUNTAIS CHUSTAIMÉARA 

Ón 1 Meitheamh 2018, ní bheidh CRO ag glacadh le seiceanna a thuilleadh mar mhodh íocaíochta chun Cuntas Custaiméara a bhreisiú. Táthar ag cur deireadh le húsáid seiceanna de réir a chéile. Tosaíodh air sin nuair a baineadh an rogha sin de Thuairisceán Bliantúil B1 a chomhdú. Is féidir Cuntas Custaiméara a bhreisiú le Cárta Creidmheasa nó le Ríomhaistriú Airgid ar choinníoll go luaitear uimhir an Chuntais Chustaiméara mar thagairt ar an Ríomhaistriú Airgid agus go seoltar ríomhphost chugainn á rá go ndearnadh an t-aistriú sin. 

Ordú um Thosach Feidhme Achta na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017

Ar 8ú Feabhra 2018 chuir an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta a lámh le hOrdú um Thosach Feidhme 2018 Achta na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017. Leis an ordú seo ceaptar an 9ú Meitheamh 2018 mar an lá ar a dtiocfaidh alt 80 d’Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 (uimh. 9 de 2017) i bhfeidhm. Leasaítear le halt 80 alt 1300 d’Acht na gCuideachtaí 2014 mar aon leis an sainmhíniú atá le cuideachta LEE agus cuideachta neamh-LEE.
“ Ciallaíonn ‘comhlacht LEE’—
(a) comhlacht corparáideach—
(i) atá corpraithe i stát (seachas an Stát) gur stát LEE é, agus
(ii) a bhfuil dliteanas a bhall i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta,

(b) gníomhaíocht—
(i) atá in eagar nó corpraithe i stát (seachas an Stát) gur stát LEE é,
(ii) a bhfuil dliteanas a ball i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta, agus
(iii) atá ina fo-ghníomhaíocht de chomhlacht corparáideach a bhfuil dliteanas a bhall i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta;”,
agus
“ ciallaíonn ‘comhlacht neamh-LEE’—
(a) comhlacht corparáideach—
(i) atá corpraithe i stát nach stát LEE é, agus
(ii) a bhfuil dliteanas a bhall i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta,

(b) gníomhaíocht—
(i) atá in eagar nó corpraithe i stát nach stát LEE é,
(ii) a bhfuil dliteanas a ball i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta, agus
(iii) atá ina fo-ghníomhaíocht de chomhlacht corparáideach a bhfuil dliteanas a bhall i leith an chomhlachta chorparáidigh sin teoranta.”

 

 FÓGRAÍ AGUS MEABHRÚCHÁIN DO LEACHTAITHEOIRÍ 

Tá CRO tar éis tús a chur le Fógraí agus Meabhrúcháin a eisiúint go Leachtaitheoirí chun cloí lena gcuid oibleagáidí reachtúla chun aighneachtaí a chur i gcomhad de réir mar a éilítear ag Alt 680 agus 681 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Gheobhaidh leachtaitheoirí nach bhfuil comhlíontach meabhrúchán chun a gcuid aighneachtaí nach
bhfuil curtha isteach fós a chur i gcomhad.

Gheobhaidh leachtaitheoirí atá comhlíontach fógra roimh ré faoin gcéad dháta comhdaithe eile. Mura ndéanann siad comhdú in am, eiseofar meabhrúchán ina dtabharfar le fios go bhfuil an spriocdháta um chur i gcomhad imithe thart agus ina molfar dóibh cur i gcomhad gan mhoill.

Eiseofar na Fógraí agus na Meabhrúcháin chun cabhrú le Leachtaitheoirí cloí lena gcuid oibleagáidí reachtúla trí mheabhrú dóibh faoi na spriocdhátaí.

Ó thaobh na dtorthaí a bheadh ar mhainneachtain comhdú a dhéanamh i gcomhréir le hAcht na gCuideachtaí 2014, tá siad leagtha amach sna litreacha. Tá sé beartaithe ag CRO monatóireacht a dhéanamh ar na leibhéil chomhlíontachta. Eiseofar ríomhiris eile sula gcuirfear tús le hionchúisimh. 

Foirm G1-H15

Bíodh a fhios agat:

  • NÍ leor foirm G1-H15 a chur faoi bhráid chun tús a chur leis an bpróiseas chun cuideachta a bhaint den liosta oifigiúil ná ní chuireann sé an chuideachta ar liostú de chuideachtaí atá lena mbaint de go deonach.
  • Tar éis don rún a bheith rite atá luaite ar fhoirm G1-H15, tá céimeanna eile le cur i gcrích sula féidir cuideachta a bhaint den chlár.
  • Ní mór Foirm H15 (an fógra foirmiúil iarratais) a chur faoi bhráid mar aon le doiciméid riachtanacha ar bith eile (cóip den bhfógra, ráiteas na gCoimisinéirí Ioncaim).
  • Feic suíomh idirlín na hOifige um Chlárú Cuideachtaí chun tuilleadh eolais a fháil.

Cuirtear Foirm G1-H15 faoi bhráid chun riachtanais Chuid 12 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh.
Ceanglaítear ar chuideachta rún a rith sa chás —
(i) go bhfuil beartaithe aici iarratas a chur chuig an gCláraitheoir le bheith bainte den chlár ar an bhforas nach ndearna sí gnó riamh nó go bhfuil sí éirithe as gnó a dhéanamh; agus
(ii) go bhfuil beartaithe aici nach ndéanfaidh sí aon ghnó agus nach bhfabhróidh sí aon dliteanais agus í ag fanacht le cinneadh faoina hiarratas chun bheith bainte den liosta (nó ag fanacht le cealú an phróisis, ar a hiarratas féin, má tharlaíonn a leithéid níos túisce ná sin).

 

ÚINÉIREACHT THAIRBHÚIL 

Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Airgeadais go meastar go ndéanfar Ionstraim Reachtúil sna míonna amach romhainn trína sannfar freagracht dhlíthiúil ar leithligh ar Chláraitheoir na gCuideachtaí as bunú agus coimeád an chláir lárnaigh d’úinéireacht thairbhiúil cuideachtaí agus cumainn tionscail agus choigiltis (I&Ps).

Tá an obair dhlíthiúil agus theicniúil chun an clár seo a sheoladh mar a éilítear ag an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid beagnach i gcrích. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Airgeadais go bhfuil sí ar an mbóthar ceart faoi láthair le go mbeadh na gnéithe den 4ú Treoir a bhaineann le húinéireacht thairbhiúil tras-suite go luath.

Meastar fós go mbeidh amfhráma fadaithe ann do chuideachtaí agus I&Panna le gur féidir leo comhdú faoi úinéireacht thairbhiúil a dhéanamh agus go gcuirfear tús leis an tréimhse sin tar éis go seolfar an clár.

Is féidir ceisteanna faoi úinéireacht thairbheach a sheoladh chuig: aml@finance.gov.ie

Is féidir Ionstraim Reachtúil Uimh. 560 an 15 Samhain 2016, inar ceanglaíodh ar gach eintiteas corparáideach agus dlíthiúil faisnéis leordhóthanach, chruinn agus reatha a choimeád faoina n-úinéir(í) tairbheach(a)a aimsiú ag: http://www.irishstatutebook.ie/eli/2016/si/560/made/en/print.

Is féidir tuilleadh eolais faoi chlár lárnach na húinéireacht tairbhí a fháil ag: https://www.cro.ie/Cl%C3%A1r%C3%BA/%C3%9Ain%C3%A9ireacht-Thairbhi%C3%BAil

Please login or register to post comments.

Theme picker