Modhanna Íocaíochta

Is féidir na táillí a íoc mar seo a leanas:

  • Airgead tirim (ní chóir airgead tirim a chur isteach leis na doiciméid a sheoltar ar an bpost)
  • Ordú airgid poist
  • Dréacht bainc
  • Seic (tarraingthe ar bhanc i bPoblacht na hÉireann)
  • Is féidir cárta creidmheasa/dochair a úsáid le cuardach a dhéanamh ar líne le haghaidh cuideachta nó le hairgead a chur i gcuntas custaiméara CRO. Is féidir cárta creidmheasa/dochair a úsáid chun íoc as lóisteálacha agus fiosruithe in Oifig Phoiblí CRO.
  • Ba chóir orduithe poist/airgid, dréachtaí bainc agus seiceanna a íoc leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (teideal iomlán).

Ní ghlactar a thuilleadh le míreanna airgeadra coigríche, steirling agus euro atá tarraingthe ar bhainc suite lasmuigh de Poblacht na hÉireann toisc gur gá íoc as seiceanna a réiteach. Dá bhrí sin, ní mór dréacht bainc Euro a úsáid do na híocaíochtaí a fhaightear ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann le doiciméid a chlárú, iarratas doiciméad agus seirbhísí ilghnéitheacha. Ní mór don bhanc i gceist a bheith i gcóras imréitigh na hÉireann.

Ón 1 Meitheamh 2018 i leith, ní bheidh CRO ag glacadh le seiceanna a thuilleadh mar mhodh íocaíochta chun Cuntas Custaiméara a bhreisiú. Táthar ag cur deireadh le húsáid seiceanna de réir a chéile. Tosaíodh air sin nuair a baineadh an rogha sin de Thuairisceán Bliantúil B1 a chomhdú. Is féidir Cuntas Custaiméara
a bhreisiú le Cárta Creidmheasa nó le Ríomhaistriú Airgid ar choinníoll go luaitear uimhir an Chuntais Chustaiméara mar thagairt ar an Ríomhaistriú Airgid agus go
seoltar ríomhphost chugainn á rá go ndearnadh an t-aistriú sin.

Nótaí Creidmheasa
Le roinnt mhaith blianta anuas, tá CRO ag eisiúint nótaí creidmheasa chuig custaiméirí in ionad aisíocaíochtaí airgid thirim a dhéanamh leo. Ag teacht sna sála ar chomhairle dlí a fuarthas ó CRO agus mar chuid den rún atá ag CRO aistriú chuig córas íocaíochtbhunaithe iomlán don airgead ar fad a ghearrtar ar chustaiméirí agus a fhaightear uathu, tá sé mar rún ag CRO deireadh a chur de réir a chéile leis an nglacadh le nótaí creidmheasa stairiúla. Cuirfear tús leis sin an 1 Eanáir 2020 agus cuirfear chun feidhme é ar bhonn rollach sé bliana. Dá bhrí sin, is amhlaidh ón dáta sin i leith go ndéanfar na nótaí creidmheasa ar fad a d’eisigh CRO roimh an 1 Eanáir 2014 a shlánú mar íocaíocht ó chustaiméirí i leith muirir as seirbhísí nó fáltais chuntas custaiméara.

Seiceanna Obtha

Chun déileáil leis an bhfadhb mhéadaitheach le seiceanna easonóraithe (is é sin, obtha) Tá CRO ag forfheidhmiú na mbeart seo a leanas go dian láithreach bonn:

(1) Ní ghlacfaidh CRO le seiceanna ó chuideachtaí /na láithreoirí a mhainnigh íocaíochtaí san am a chuaigh thart. Sna cásanna sin, go dtí go n-íocfar an fiachas atá gan íoc leis an CRO, caithfear íocaíochtaí ar gach comhdú ina dhiaidh a dhéanamh le hairgead tirim, le hordú airgid/poist nó dréacht bainc.

(2) Diúltóidh CRO ábhar atá curtha isteach i gcás a n-obtar seic. Sa chás a n-obann an banc an seic a úsáideadh chun íoc ar dhoiciméad a cuireadh isteach, diúltóidh an CRO an doiciméad a chlárú ach amháin sa chás a ndéantar an seic a athsholáthar le hairgead tirim, le hordú airgid/ordú poist nó le dréacht bainc laistigh de 14 lá.

Ba mhór ag CRO do chomhoibriú le cloí leis na rialacha sin.

Nasc: Cuntas Tasice a Oscailt