Stopadh Gnó faoi ainm gnó

Nuair a scoirtear de ghnó faoi ainm gnó cláraithe, a bhíonn ag duine aonair, ag comhpháirtíocht nó ag comhlacht gnó, ba chóir Foirm RBN3 a chur ar aghaidh chuig an CRO laistigh de trí mhí i ndiaidh deireadh an ghnó.

Ba chóir an fhoirm a shíniú mar seo a leanas:

  • Duine Aonair Ag an duine aonair. Má fhaigheann an duine seo bás, ag a (h)ionadaí pearsanta.
  • Comhpháirtíocht Ag na daoine go léir a bhí ina gcomhpháirtí ar an ngnólacht nuair a cuireadh deireadh leis.
  • Comhlacht Corpraithe Ag stiúrthóir nó ag leachtaitheoir.

Ní gá táille a íoc don Fhoirm RBN3.

Nasc: Foirm RBN3   Nasc: www.core.ieLinks to external website