Cuideachta

Is féidir cuideachta a dhíscaoileadh idir trí leachtú nó trí phróiseas lena baint den chlár. Féach freisin naisc le faisnéis faoi Scrúdaitheoireacht agus Glacadóireacht.

Leachtú

Baineann leachtú le díscaoileadh cuideachta, ina gcuirtear slacht ar a cuid gnóthaí agus acmhainní a réadú agus a dháileadh do na comhpháirtithe dlite. Is féidir cuideachta a fhoirceannadh le:

Duine neamhspleách ón chuideachta is ea Leachtaitheoir. Léiríonn an tAcht daoine nach féidir bheith mar leachtaitheoir do chuideachta i bhFoirceannadh in áit daoine lenar féidir é.

Dearbhuithe

Féach an leathanach Dearbhuithe Reachtúla maidir le foirmeacha Éireannacha nach mór dóibh cur faoi mhionn thar lear agus ar féidir fíordheimhniú sa bhreis a éileamh.

Glacadóireacht

Glacadóireacht. Is gnáth glacadóir a cheapadh thar muirear cláraithe nó le hordú cúirte chun acmhainn a ghlacadh chun airgead dlite do chreidiúnaí na cuideachta a shásamh.

Scrúdaitheoireacht

Tá faisnéis faoi Scrúdaitheoireacht ar fáil freisin. Scrúdaitheoireacht is ea i gcás a bhfuil an chuideachta faoi chosaint na cúirte le go measfar ionchais lena marthanas. Mura n-éireoidh leis an scrúdaitheoireacht, cuirfear an chuideachta faoi Leachtú Cúirte.

Baint den Chlár

Is féidir cuideachta a bhaint den Chlár idir go toilteanach agus go neamhthoilteanach.

Cur at Ais

Féach Cur Ar Ais le Gníomhaíocht RiaracháinCur ar Ais le hOrdú Cúirte chun faisnéis a fháil ar na próisis chun cuideachta a chur ar ais ar chlár na gcuideachtaí.