Athbhunú agus Cineál Cuideachta

Cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna
Tabhair faoi deara go bhfuil deireadh tagtha amhail an 1 Nollaig 2016 leis an Idirthréimhse le haghaidh an phróisis chomhshó faoi Chuid 2 d’Acht na gCuideachtaí 2014 i dtaca le cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna atá ann cheana.

Tabhair faoi deara gurb amhlaidh faoi Sceideal 6, alt 12(3) d’Acht na gCuideachtaí 2014 gurb é an toradh a bheidh ar aon athbhunú a dhéantar tar éis an dáta seo ar chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna a corpraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí roimhe seo agus ar cuideachta í a díscaoileadh roimh dheireadh na hIdirthréimhse agus nár comhshódh chuig cuideachta TEO nó CGA atá faoi theorainn scaireanna ná go n-athbhunófar cuideachta den sórt sin mar chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna faoi Chuid 2 de d’Acht na gCuideachtaí 2014 (cuideachta TEO).

Sceideal 6. Alt 12(3). http://www.irishstatutebook.ie/eli/2014/act/38/schedule/6/enacted/en/html#sched6

Dá mba rud é gurbh é cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna cineál na cuideachta sular baineadh de agus gur tar éis dhul as feidhm na hidirthréimhse (de réir bhrí Chaibidil 6 de Chuid 2) atá an dáta ar a n-athbhunaítear an chuideachta sa chlár faoi Chaibidil 2 de Chuid 12 nó alt 30 den Acht um Fhorbairtí Ilaonad 2011, is amhlaidh go mbeidh feidhm ag alt 61 (1)(a) agus (b), faoi réir aon ordacháin nó ordaithe cúirte faoi bhun alt 742 i gcás athbhunaithe faoi alt 738 nó alt 741 maidir leis an gcuideachta, cé nach raibh an chuideachta ina cuideachta phríobháideach a bhí ann cheana de réir bhrí na Caibidle 6 sin agus, dá réir sin, measfar an chuideachta, ar dháta a hathbhunaithe sa chlár, a bheith ina cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna a mbeidh feidhm ag Codanna 1 go 15 maidir léi agus beidh feidhm ag na forálacha eile in alt 61 maidir léi, lena n-áireofar aon mhionathruithe riachtanacha eile.

Má táthar ag iarraidh gur cheart an chuideachta a bheith ina Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe, féadfar athchlárú a dhéanamh faoi Chuid 20 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Caithfear Foirm D20 a chur isteach. D’athrófaí ainm na Cuideachta freisin le go mbeadh an iarmhír “Designated Activity Company/Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe” ann ag deireadh an ainm.

Cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta agus cuideachtaí neamhtheoranta – Is gá an t-ainm a athrú
Le Codanna 16, 18 agus 19 d’Acht na gCuideachtaí 2014, forchuirtear ceanglais ainm cuideachta ar chineálacha áirithe cuideachta, mar atá cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn ráthaíochta (Cuid 16), cuideachtaí poiblí faoi theorainn ráthaíochta (Cuid 18) agus cuideachtaí neamhtheoranta, bíodh siad príobháideach nó poiblí (Cuid 19).

Ar athbhunú cuideachta den sórt sin, tá dualgas ar an gCláraitheoir ceanglas an ainm cuideachta a chur i bhfeidhm agus athrófar ainm na cuideachta chun cloí leis na ceanglais atá leagtha amach sa chuid ábhartha d’Acht na gCuideachtaí 2014, Sceideal 6, alt 12(1). Ní fhéadfar cuideachta ar bith a athbhunú mura gcuirtear an iarmhír cheart i bhfeidhm.

Ceanglaítear ar Chuideachtaí Príobháideacha faoi Theorainn Ráthaíochta an iarmhír “Designated Activity Company/Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe” a chur le deireadh ainm na cuideachta faoi alt 969 d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Cuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta: Ceanglaítear ar Chuideachtaí Poiblí faoi Theorainn Ráthaíochta an iarmhír “Company Limited by Guarantee/Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta” a chur le deireadh ainm na cuideachta faoi alt 1178 d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Cuideachtaí Neamhtheoranta: Ceanglaítear ar chuideachtaí atá neamhtheoranta, bíodh siad príobháideach nó poiblí, an iarmhír “Unlimited Company/Cuideachta Neamhtheoranta” a chur le deireadh ainm na cuideachta faoi alt 1237 d’Acht na gCuideachtaí 2014.