Athbhunú Trí Ghníomhaíocht Riaracháin

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár agus díscaoilte ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos lú, is féidir léi iarratas ar athbhunú a dhéanamh chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí. Úsáidtear formáidí iarratais difriúla do chúiseanna scriosta difriúla i.e. nuair a (a) theipeann ar chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú leis an CRO/scriosadh deonach nó (b) sonraí riachtanacha a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár agus díscaoilte ar feadh breis is 12 mhí, ní féidir le Cláraitheoir na gCuideachtaí an chuideachta seo a athbhunú chuig an gclár ó thaobh riaracháin de. Nach bhfuil breis is 20 bliain imithe thart ó díscaoileadh na cuideachta, is féidir leis an gcuideachta nó comhalta na cuideachta iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun an chuideachta a athbhunú chuig an gclár.

1ú Meitheamh 2017: Beidh feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh:  Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht),  Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe,  Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí,  Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú.

Ón 1 Nollaig 2016 i leith, beidh céim bhreise ag teastáil sula n-athbhunófar an chuideachta sa Chlár, is cuma cé acu is le hAthbhunú Riaracháin, le hAthbhunú Cúirte nó le hAthbhunú Mear atá an chuideachta á hathbhunú ann.

Nuair a theipeann ar chuideachta tuairisceán bliantúil (tuairisceáin bhliantúla) a chomhdú

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár de bhun alt 733 Acht na gCuideachtaí 2014, is féidir léi iarratas a dhéanamh chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí chun an chuideachta a athbhunú chuig an gclár. Ba chóir Foirm H1 a úsáid tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a dhíscaoiltear an chuideachta chun críocha an iarratais seo. Nuair a sheachadtar na tuairisceáin bhliantúla ar fad chuig an CRO nach mbíonn curtha isteach ag an gcuideachta, tugtar cumhacht don Chláraitheoir ainm na cuideachta a athbhunú chuig an gclár.

Ní féidir Athbhunú Mear a fháil a thuilleadh. Ní féidir cuideachtaí a athbhunú san oifig phoiblí ar dháta faoi leith. Ní mór iarratas ar athbhunú a dhéanamh ar fhoirm H1 agus ní mór gach tuairisceán bliantúil amuigh a chur isteach ar líne. Mar an gcéanna ní mór athruithe ar bith ar fhaisnéis stiúrthóra/rúnaí nó ar oifig chláraithe na cuideachta a dhéanamh ar fhoirm ar líne B10 nó B2.

Nuair a theipeann ar chuideachta sonraí riachtanacha a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár de bhun alt 726(b) Acht na gCuideachtaí 2014, is féidir léi Foirm H1 a úsáid le hiarratas a dhéanamh ar athbhunú tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a díscaoileadh an chuideachta. Ní mór deimhniú scríofa ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur isteach le Foirm H1, a léiríonn go bhfuil na ráitis go léir faighte acu ón gcuideachta a bhíonn ag teastáil faoi alt 882 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Ní féidir Athbhunú Mear a fháil a thuilleadh. Ní féidir cuideachtaí a athbhunú san oifig phoiblí ar dháta faoi leith. Ní mór iarratas ar athbhunú a dhéanamh ar fhoirm H1 agus ní mór gach tuairisceán bliantúil amuigh a chur isteach ar líne. Mar an gcéanna ní mór athruithe ar bith ar fhaisnéis stiúrthóra/rúnaí nó ar oifig chláraithe na cuideachta a dhéanamh ar fhoirm ar líne B10 nó B2.

Is féidir doiciméid aischuir agus agóidí ar bhaint de (foirmeacha H16/H17) a sheoladh chuig Oifig Theach Bloom le haghaidh clárúcháin.  Seol leathanaigh shínithe le do thoil (tuairisceáin bhliantúla do chuideachtaí a lánscoireadh) go díreach chuig:  An Rannóg Fhorfheidhmithe, CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 maidir le hiarratas aischuir. Déanfaidh sé seo an próiseas clárúcháin níos tapa.

12 mhí

Caithfear iarrtas a dhéanamh laistigh de 12 mhí de dháta an díscaoilte. Caithfear Foirm H1 a thaisceadh le CRO an lá roimh cothrom aon bhliana ón lá ar díscaoileadh an chuideachta. Ní féidir cuideachta a chur ar ais ar an gclár de réir riaracháin níos moille ná 12 mhí i ndiaidh dhíscaoileadh na cuideachta.

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár agus díscaoilte ar feadh breis is 12 mhí, ní féidir le Cláraitheoir na gCuideachtaí an chuideachta seo a athbhunú chuig an gclár ó thaobh riaracháin de. Ar an gcoinníoll, áfach, nach bhfuil breis is 20 bliain imithe thart ó díscaoileadh na cuideachta, is féidir leis an gcuideachta nó comhalta na cuideachta iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun an chuideachta a athbhunú chuig an gclár, i gcás go mbíonn an chuideachta scriosta go deonach as an gclár ar iarratas uaithi féin, nó ag oifigeach nó comhalta na cuideachta i gcás gur scriosadh an chuideachta as an gclár toisc gur theip uirthi a tuairisceáin bhliantúla a chomhdú nó ar iarratas ó na Coimisinéirí Ioncaim nuair a theipeann ar chuideachta ráiteas a sheachadadh chucu.

OMC -Cuideachta Bainistíochta Úinéara

Is féidir an fhoirm H1-OMC a úsáid chun Cuideachta Bainistíochta Úinéirí a chur ar ais ar an gclár.

Ní féidir an fhoirm H1-OMC a úsáid ach do Chuideachtaí Bainistíochta Úinéirí amháin. Is féidir cuideachta dá sórt a chur ar ais ó thaobh riaracháin de laistigh de shé bliana ón dáta díscaoilte. Ní mór na teastais ábhartha bheith ag gabháil leis an bhfoirm sula féidir í a chur ar ais ar an gclár. Féach ar an nótaí faoi Fhoirm H1-OMC.

Is é an táille a ghabhann leis an H1-OMC ná €300.

Nasc: Foirmeacha 

Tabhair faoi deara le do thoil: má chomhlánaíonn oifigeach Cuideachta Bainistíochta Úinéara Foirm H1 sa chéad 12 mhí ó dhíscaoileadh cuideachta, ní gá Foirm H1-OMC a chomhdú i gcúinsí dá sórt. Nuair a dhéantar iarratas, áfach, ar chuideachta a chur ar ais sa chlár taobh istigh de thréimhse 1-6 bliana ó dhíscaoileadh cuideachta, ní mór don oifigeach Foirm H1 OMC a chomhlánú ina ionad. Níl Foirm H1 bailí ach go ceann bliain amháin ó dhíscaoileadh cuideachta agus baineann líon níos lú riachtanas leis ná mar a bhaineann le Foirm H1-OMC. Má dhéanann ball cuideachta iarratas ar an gcuideachta a chur ar ais ar an gclár, ní mór foirm H1-OMC a chomhlánú.

Ba chóir tabhairt faoi deara go ndiúltófar d’fhoirm H1-OMC mura bhfuil gach doiciméad riachtanach comhdaithe. Ní mór cóip dheimhnithe den ghníomhas aistrithe, maidir le comhlimistéir, bheith ag gabháil le Foirm H1-OMC, mar aon le deimhniúchán aturnae nó cuntasóra. Ní mór an gníomhas a dhátú tráth nach déanaí ná an lá roimh dháta díscaoilte na cuideachta. Ní leor gníomhas gan dáta/gan síniú.

Is féidir doiciméid aischuir agus agóidí ar bhaint de (foirmeacha H16/H17) a sheoladh chuig Oifig Theach Bloom le haghaidh clárúcháin.  Seol leathanaigh shínithe le do thoil (tuairisceáin bhliantúla do chuideachtaí a lánscoireadh) go díreach chuig:  An Rannóg Fhorfheidhmithe, CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 maidir le hiarratas aischuir. Déanfaidh sé seo an próiseas clárúcháin níos tapa.