Baint Neamhthoilteanach

Go traidisiúnta, is bocht leibhéal comhlíonta na gcuideachtaí Éireannach-bhunaithe maidir lena ndualgais chun tuairisceáin bhliantúla a chomhdú. Tá an CRO tiomnaithe aghaidh a thabhairt air seo. Dóigh amháin chun comhlíonadh a spreagadh is ea bagairt chun cuideachtaí a bhaint den chlár.

Ar meán, baintear breis agus 5,000 cuideachta den chlár gach bliain. Tá an feachtas sin ag leanúint ar aghaidh, agus clár ionchúiseamh na gcuideachtaí agus na stiúrthóirí.

Forais le haghaidh Bainte den Chlár
Tá roinnt foras ann i dtaobh cuideachta a bhaint den chlár ar bhonn neamhthoilteanach. Is iad seo a leanas na forais sin:

  • Mhainnigh an chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú leis an CRO mar atá ceangailte faoi alt 343;
  • Tá fógra tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 882(3) den Acht Comhdhlúite Cánach 1997 don Chláraitheoir maidir le mainneachtain na cuideachta an ráiteas atá ceangailte faoi alt 882 den Acht sin a chur ar fáil; 
  • Tá cúis réasúnach ag an gCláraitheoir chun a chreidiúint nach bhfuil alt 137(1) á chomhlíonadh i leith na cuideachta (an ceanglas stiúrthóir atá aici a bhfuil cónaí air nó uirthi sa LEE); 
  • Tá an chuideachta á foirceannadh agus tá cúis réasúnach ag an gCláraitheoir chun a chreidiúint nach bhfuil aon leachtaitheoir ag gníomhú;
  • Tá an chuideachta á foirceannadh agus tá cúis réasúnach ag an gCláraitheoir chun a chreidiúint go bhfuil cúrsaí na cuideachta foirceanta go hiomlán, agus nár tugadh, le tréimhse 6 mhí as a chéile, na tuairisceáin is gá don leachtaitheoir a thabhairt; 
  • Níl aon daoine ar an taifead in oifig an Chláraitheora i gcáil stiúrthóirí reatha na cuideachta. 

Ba chóir do chuideachtaí a thabhairt ar aird go bhféadfar cuideachta a bhaint den chlár má mhainnigh sí tuairisceán bliantúil a chomhdú i ndáil le bliain amháin. 
 
Iarmhairtí Bainte Neamhthoilteanaí den Chlár
Is tromchúiseach iad na hiarmhairtí do chuideachta atá fós i mbun trádála (alt 734 d'Acht 2014):

  • Tagann sócmhainní na cuideachta chun a bheith ina maoin de chuid an Stáit ar dhíscaoileadh na cuideachta;
  • Ní bheidh ann don chuideachta a thuilleadh mar aonán dlíthiúil le héifeacht ó dháta na bainte den chlár agus an díscaoilte;
  • Caillfear an chosaint um dhliteanas teoranta le héifeacht ón dáta sin, agus más rud é go leanfar leis an ngnó a bhí á seoladh tríd an gcuideachta roimhe sin, beidh na húinéirí i mbun trádála ina gcáilíocht phearsanta;
  • Ba chóir nach mbeadh bainc toilteanach airgead a thabhairt ar iasacht d'aonán nach ann di a thuilleadh go bunúsach;
  • Is féidir freisin go mbeadh droch-iarmhairtí i gceist do stiúrthóirí cuideachtaí den sórt sin sa mhéid is go bhféadfadh an Ard-Chúirt ordú dícháilíochta a dhéanamh ina gcoinne ar iarratas ón Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach.
  • Mairfidh dliteanas, más ann, gach stiúrthóra, oifigigh agus comhalta de chuid na cuideachta atá díscaoilte faoi alt 733(4), agus féadfar é a chur i bhfeidhm ionann is dá mbeadh an chuideachta gan bheith díscaoilte. 

Nós Imeachta
De réir alt 728 d'Acht na gCuideachtaí 2014, féadfaidh an cláraitheoir fógra a thabhairt faoi rún an Chláraitheora an chuideachta a bhaint den chlár ar cheann de na forais atá leagtha amach thuas.

Tá sé ina bheartas ag an CRO litreacha meabhrúcháin neamhreachtúla a eisiúint do chuideachtaí neamh-chomhlíontacha.
Eisítear na fógraí sin ar an ríomhphost más rud é gur cuireadh seoladh ar fáil nó más rud é gur cuireadh isteach an tuairisceán bliantúil roimhe sin ar shlí leictreonach. Tosaíonn an próiseas maidir le baint den chlár le heisiúint an fhógra reachtúil um baint den chlár.

Seolfaidh an Cláraitheoir an fógra leis an bpost cláraithe – chuig an gcuideachta ag a hoifig chláraithe nó, má tá duine taifeadta in oifig an Chláraitheora mar leachtaitheoir na cuideachta, chuig an leachtaitheoir.

Seolfaidh an Cláraitheoir cóip den fhógra thuasluaite freisin ar an ngnáthphost réamhíoctha chuig duine ar bith, más ann, atá ar an taifead in oifig an Chláraitheora mar stiúrthóirí reatha na cuideachta ach ní dhéanann neamh-chomhlíonadh an fho-ailt seo difear do bhailíocht an phróisis. Is é an seoladh chuig a gcuirfear fógra faoin bhfo-alt seo ná gnáthsheoladh cónaithe, mar atá sa taifead in oifig an Chláraitheora, an tseolaí atá i gceist.

Sa chás nár chuid cuideachta a hoifig chláraithe in iúl don CRO, in ionad fógra a thabhairt faoi alt 727(1), foilseoidh an Cláraitheoir fógra in Iris CRO ina mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear le halt 728 sna cásanna seo a leanas –
(a) níor chomhdaigh an chuideachta tuairisceán bliantúil, le 20 bliain as a chéile nó tréimhse níos faide, mar atá ceangailte faoi alt 343; agus
(b) níl aon fhógra faoi láthair oifig chláraithe na cuideachta tugtha don Chláraitheoir mar a cheanglaítear faoi alt 50. 
 
Ábhar fhógra an Chláraitheora don chuideachta
Sonrófar an méid seo a leanas i bhfógra an Chláraitheora faoi alt 727(1) –

  • (a) gurb í an litir seo an chéad chéim i bpróiseas a bhféadfadh sé a bheith ina thoradh air go mbainfí an chuideachta den chlár;
  • (b) an forás nó na forais maidir le hagairt an Chláraitheora um baint den chlár;
  • (c) go mbeidh an chuideachta díscaoilte má bhaintear den chlár í;
  • (d) go bhfuil gach stiúrthóir ar an gcuideachta ar an dáta ar ar seoladh an fógra faoi dhliteanas i leith dícháilithe má bhaintear an chuideachta den chlár (ní bhaineann sé seo le cuideachtaí atá faoi leachtú);
  • (e) an chéim feabhais;
  • (f) an dáta nach mór an chéim feabhais a ghlacadh air nó roimhe (28 lá); agus
  • (g) gurb amhlaidh, má mhainnítear an chéim feabhais a ghlacadh ar an dáta a bheidh sonraithe amhlaidh nó roimhe sin, go dtabharfaidh an Cláraitheoir fógra poiblí faoin rún an chuideachta a bhaint den chlár.

An dáta a bheidh sonraithe chun críocha fho-alt (1)(f), is dáta é a bheidh nach lú ná 28 lá tar éis dháta an fhógra. 

Céimeanna Feabhais is féidir a ghlacadh chun cuideachta a thógáil as an bpróiseas um baint den chlár
Is ionann an chéim feabhais chun cuideachta a thógáil as an bpróiseas um baint den chlár agus cibé ceann acu seo a leanas a bhfuil feidhm aige:

  • gach tuairisceán bliantúil atá ceangailte faoi alt 343 agus nach bhfuil comhdaithe ag an gcuideachta a sheachadadh ar an gCláraitheoir;
  • an ráiteas a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a cheanglaítear ag an gcuideachta a sheachadadh faoi alt 882(3) den Acht Comhdhlúite Cánach 1997;
  • fianaise a sholáthar don Chláraitheoir go bhfuil alt 137(1) á chomhlíonadh i leith na cuideachta;
  • sonraí an leachtaitheoir a sholáthar don Chláraitheoir agus fianaise um ráitis thréimhsiúla atá cothrom le dáta a bheith tugtha faoi alt 681;
  • fógra a thabhairt don Chláraitheoir faoi alt 149(8) maidir le ceapadh stiúrthóra ar an gcuideachta. 

Má bhaineann an Cláraitheoir an chuideachta den chlár, beidh sí díscaoilte faoi alt 733(2) d'Acht 2014. 

Iris CRO – Fógra rúin poiblí faoi chuideachta a bhaint den chlár
Má tá fógra tugtha ag an gCláraitheoir agus nach bhfuil an chéim feabhais glactha ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra nó roimhe sin, féadfaidh an Cláraitheoir fógra a fhoilsiú in Iris CRO a thugann fógra poiblí ar rún an Chláraitheora an chuideachta a bhaint den chlár. Foilsítear Iris CRO ar shuíomh gréasáin CRO gach seachtain – www.cro.ie. An dáta a bheidh i gceist, is dáta é a bheidh nach lú ná 28 lá tar éis an dáta ar a bhfoilseofar an fógra.

Déanfar an chuideachta a dhíscaoileadh ar an dáta ar a bhfoilseoidh an Cláraitheoir an fógra in Iris CRO (an Iris um an Dara Baint Neamhthoilteanach den Chlár) go bhfuil sí á baint den chlár agus tagraítear don dáta sin ina dhiaidh sin mar an "dáta díscaoilte".

Nasc: Foirmeacha               Nasc:Táillí CRO