Dearbhú reachtúil - Tíortha Eile

(c) Dearbhuithe Reachtúla a dhéantar chun críocha Acht na gCuideachtaí i ndlínse nach bhfuil ina páirtí sa Choinbhinsiún CE nó i gCoinbhinsiún na Háige

Mura mbíonn an dlínse ina ndéantar an dearbhú ina páirtí sa Choinbhinsiún CE nó i gCoinbhinsiún na Háige, forálann alt 886 den Acht na gCuideachtaí 2014 gur féidir le Cláraitheoir na gCuideachtaí "sula nglacann sé nó sí le haon dearbhú reachtúil a airbheartaíonn a bheith déanta de bhun, nó chun críocha, Achtanna na gCuideachtaí, agus ar dearbhú é nach bhfuil feidhm maidir leis ag forálacha Choinbhinsiún CE ná ag forálacha Choinbhinsiún na Háige maidir lena fhíordheimhniú cibé cruthúnas a mheasann sé nó sí a bheith iomchuí" go bhfuil an síniú barántúil, an cumas inar ghníomhaigh an duine atá ag síniú an dearbhaithe, agus nuair is iomchuí, séala nó stampa an duine a thógann an dearbhú.

Tá an Cláraitheoir freagrach maidir leis seo as sainiúlacht an duine a ghlacann leis an dearbhú reachtúil a fhíordheimhniú, ionas gur féidir le foireann an CRO a bheith sásta go bhfuil an duine a ghlac leis an dearbhú, údaraithe faoi dhlí na dlínse eachtraí ina ndearnadh an dearbhú, duine a chur faoi mhionn san áit sin.

Ciallaíonn sé seo i ngníomh gur gá aon dearbhú reachtúil a rinneadh i dtír nach bhfuil ina páirtí sa Choinbhinsiún CE nó i gCoinbhinsiún na Háige, a fhaigheann an CRO ó chuideachta nó ó láithreoir, a fhíordheimhniú mar seo a leanas: éilíonn an CRO ar údaráis leanúnacha go mbaineann an síniú agus/nó an seála ar an doiciméad leis an duine a bhí mar fhinné ar an dearbhú. Mar shampla, ba chóir do na húdaráis sa dlínse ina ndearnadh an dearbhú, síniú, seála agus/nó stampa an duine a bhí mar fhinné ar an dearbhú a fhíordheimhniú ar dtús, lena n-áirítear daingniú ó na húdaráis go bhfuil an duine seo údaraithe faoina dlíthe duine a chur faoi mhionn sa dlínse sin. Ba chóir an deimhniúchan seo a stampáil mar "FEICTHE" ina dhiaidh sin ag Ambasáid nó ag Consal Oinigh na hÉireann sa tír iomchuí.

Ní féidir dearbhú bailíoch a dhéanamh, ach i gcás amháin, chun críocha Achtanna na gCuideachtaí i ndlínse gan Ambasáid nó gan Consal Oinigh ag Éirinn ann, toisc nach mbeidh an chuideachta nó an láithreoir in ann a chur ar fáil don CRO an fíordheimhniú atá riachtanach maidir le séala nó stampa an duine a bhí mar fhinné ar an dearbhú. Is féidir dearbhú bailíoch a dhéanamh sa chás seo a leanas: i dtír Comhlathais, gan Ambasáid nó Consal Oinigh ag Éirinn ann, ba chóir do Ghobharnóir na tíre i dtrácht, séala nó síniú an duine a bhí mar fhinné ar an dearbhú a fhíordheimhniú, ansin ba chóir an dearbhú a stampáil ag an Oifig Gnóthaí Eachtracha i Londain. Mar chríoch, ba chóir é a stampáil mar "FEICTHE" ag Ambasáid na hÉireann i Londain.

Aire: Is nótaí ginearálta iad seo. I gcásanna sonracha, moltar duit dul i gcomhairle le do chomhairleoir gairmiúil féin, mar d'aturnae, cuntasóir nó rúnaí cairte. Ní féidir leis an CRO comhairle a thabhairt ar ghnéithe cáis. Ní féidir leis an CRO glacadh le haon dearbhú reachtúil le haghaidh cláraithe a dhéantar in áit lasmuigh den Stát má theipeann ar an dearbhú reachtúil forálacha ailt 886 den Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le proifisiúnach má bhíonn tú éiginnte ar bhealach ar bith ar conas dearbhú reachtúil a chomhlánú agus/nó a fhorghníomhú sula ndéantar é a thaisceadh leis an CRO.

Siar go Dearbhú Reachtúil