Glacadóireacht

Tá glacadóir ceaptha chun a cuid sócmhainní a réadú agus a ghlacadh agus /nó a gcuid cúrsaí a bhainistiú sa dóigh go mbeidh sé ag súil le fiacha atá amuigh don sealbhóir bintiúir a cheap é/í a íoc.

Féadann duine ar bith nach comhlacht corpraithe nó féimheach neamhurscaoilte é bheith ina ghlacadóir. Is féidir é/í a cheapadh sa Chúirt nó as an gCúirt le feidhmiú mar ghlacadóir mhaoin na cuideachta. Feidhmeoidh sé/sí a cuid sochar, cearta, leasa, de réir mar atá treoraithe agus déanfaidh cuntais ar fháltais aige/aici le linn tréimhse a cheapacháin/ceapacháin. Is gnáth obair an ghlacadóra a leagadh amach san ionstraim faoi na téarmaí ina bhfuil sé/sí ceaptha.

Ceanglais reachtúla

Ní mór fógra faoi cheapadh glacadóra (Foirm E8) a chomhdú leis an CRO laistigh de sheacht lá tar éis an glacadóir a cheapadh agus ní mór é a fhoilsiú freisin san Iris Oifigiúil - www.irisoifigiuil.ieLinks to external website.

Ar cheapadh glacadóra ní mór é sin a shonrú ar fhógra ar gach sonrasc, ordú ar earraí nó litir ghnó eisithe ag an gcuideachta nó a eisítear thar a ceann.

I gcás ina gceaptar glacadóir thar ceann sealbhóirí bintiúr, atá daingnithe ag muirear comhlúthach, ní mór ráiteas ar cúrsaí na cuideachta (E10) a chur isteach don ghlacadóir, nach mór dó cóip de a chomhdú leis an CRO.

Ní mór don shealbhóir achomaireacht ar a chuid/cuid fáltas agus íocaíochtaí a chomhdú ar Fhoirm E9, ar gach tréimhse sé mhí ón dáta an cheapacháin agus ar aon tréimhse dheireanach níos lú suas leis an dáta a scorann sé/sí de ghníomh . Ní mór ansin fógra i dtaobh scor de ghníomhú a chomhdú ar Fhoirm E11.

Tá táille chomhdaithe €15 ar gach doiciméad glacadóireachta.

Ar scor dó, ach amháin go bhfuil an chuideachta faoi leachtú cheanna, éilítear ar an nglacadóir, de réir Alt 430 den Acht na gCuideachtaí 2014, ráiteas a dhearbhaíonn, ag an dáta scortha, go raibh an chuideachta sócmhainneach nó nach raibh. Comhdaítear an ráiteas sin le hachomaireacht dheiridh an ghlacadóra. Cuireann an CRO an tuarascáil sin ar aghaidh d’Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

Nasc: Foirmeacha 

Foirm B2 agus glacadóirí reachtúla

Ní oifigeach de chuid cuideachta is ea glacadóir, ach ceaptar é nó í thar mhaoin iomchuí na cuideachta, agus dá réir sin níl aon údarás aige nó aici maidir le comhduithe reachtúla leis an CRO a shíniú thar ceann cuideachta - mar shampla, Foirm B2 chun oifig chláraithe na cuideachta a athrú.

Ní mór go mbeadh comhduithe reachtúla thar ceann cuideachtaí sínithe ag stiúrthóir nó rúnaí de chuid na cuideachta, nó, sa chás ina bhfuil an chuideachta faoi leachtú, ag leachtaitheoir na cuideachta. Is é an t-aon eisceacht amháin a bhaineann leis sin ná glacadóirí arna gceapadh ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní ('glacadóirí reachtúla') - faoi reachtaíocht na gníomhaireachta sin, tá údarás ag glacadóirí reachtúla athrú a chur in iúl don CRO maidir le hoifig chláraithe aon chuideachta a bhfuil sé nó sí ceaptha mar ghlacadóir reachtúil i leith a cuid maoine.

Foirm B2 arna síniú ag glacadóir reachtúil agus ina gcuirtear in iúl athrú ar oifig chláraithe na cuideachta a bhfuil sé nó sí ceaptha mar ghlacadóir reachtúil i leith a cuid maoine, tá sí inchláraithe ag an CRO ar an mbonn sin.