Iarratas ar Bhaint Thoilteanach den Chlár

Ní neamhthoilteanach i gcónaí é baint den chlár. Cuideachta atá scortha trádála agus nach bhfuil creidiúnaithe amuigh aici, féadann sí iarraidh ar an gCláraitheoir an chuideachta a bhaint den chlár.

Tugann Alt 726 Acht na gCuideachtaí 2014 cumhacht don Chláraitheoir cuideachtaí a bhaint den chlár.

Is cumhacht shaorthoilteanach a mbainfidh sé úsáid as, áfach, i gcás ina gcuirfidh stiúrthóir cuideachta iarratas foirmiúil isteach ar ainm a chuideachta/a cuideachta a bhaint den chlár agus go gcomhlíonfaidh an t-iarratas ar bhaint ina iomláine le ceanglais an Chláraitheora.

Coinníollacha maidir le Baint Thoilteanach den Chlár
Leagtar síos na coinníollacha don iarratas um baint thoilteanach den chlár in alt 731 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Féadfaidh cuideachta iarratas a dhéanamh chuig an gCláraitheoir go mbainfí den chlár í má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: 

  • (a) tá na himthosca a bhaineann leis an gcuideachta ina gcineál a thugann cúis réasúnach don Chláraitheoir chun a chreidiúint nár sheol sí gnó riamh nó go bhfuil sí scortha de ghnó a sheoladh; 
  • (b) tá an chuideachta tar éis, laistigh de 3 mhí roimh dháta an iarratais, trí rún speisialta –
    (i) rún a dhéanamh iarraidh ar an gCláraitheoir go mbainfí den chlár í ar an bhforas nár sheol sí gnó riamh nó go bhfuil sí scortha de ghnó a sheoladh; agus
    (ii) rún a dhéanamh gurb amhlaidh, agus í ag feitheamh ar chinneadh maidir lena hiarratas um baint den chlár (nó, más túisce é, cealú an phróisis seo, ar a hiarraidh), nach mbeidh an chuideachta ag seoladh aon ghnó nó nach mbeidh aon dliteanais á dtabhú aici;
    Ní mór cóip den rún speisialta a chomhdú leis an CRO. Más rud é nach bhfuil sé curtha isteach cheana féin agus iarratas á dhéanamh ar bhaint thoilteanach den chlár, ba chóir é a chomhdú leis an H15 ar an bhfoirm G1-H15. 
  • (c) tá seachadta ag an gcuideachta ar an gCláraitheoir gach tuairisceán bliantúil a cheanglaítear le halt 343 atá dlite i ndáil leis an gcuideachta amhail ar dháta an iarratais; 
  • (d) tá seachadta ag an gcuideachta ar an gCláraitheoir deimhniú ar an bhFoirm H15 (táille comhdaithe €15) agus é sínithe ag gach stiúrthóir á dheimhniú gurb amhlaidh, amhail ar dháta an iarratais –
    (i) nach mó ná €150 suim aon sócmhainní de chuid na cuideachta;
    (ii) nach mó ná €150 suim aon dliteanas de chuid na cuideachta (lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha agus dliteanais ionchasacha); agus
    (iii) nach bhfuil an chuideachta ina páirtí do dhlíthíocht atá ar bun nó ar feitheamh; 
  • (e) tá deimhniú i scríbhinn faighte ag an gCláraitheoir ó na Coimisinéirí Ioncaim, dar dáta nach luaithe ná 3 mhí roimh an dáta ar a bhfaighidh an Cláraitheoir an t-iarratas, nach bhfuil agóid á déanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim i gcoinne bhaint na cuideachta den chlár; agus 
  • (f) chuir an chuideachta faoi deara gur foilsíodh fógrán, san fhoirm fhorordaithe, maidir lena rún iarratas a dhéanamh ar a bheith bainte den chlár, laistigh de 30 lá roimh dháta an iarratais in 1 nuachtán laethúil amháin ar a laghad a scaiptear sa Stát.

I gcás ina ndéanfaidh cuideachta iarratas faoin alt seo i dtaobh a bainte den chlár laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta ar ar athraigh an chuideachta a hainm nó a hoifig chláraithe (nó iad araon), ansin sonrófar san fhógra, de réir mar a bheidh – 

  • (a) an t-ainm a bhí ar an gcuideachta roimhe seo, chomh maith leis an ainm atá ar an gcuideachta faoi láthair; nó
  • (b) an seoladh a bhí ag oifig chláraithe na cuideachta roimhe seo, chomh maith leis an seoladh atá aici faoi láthair; nó
  • (c) an t-ainm a bhí ar an gcuideachta agus an seoladh a bhí ag a hoifig chláraithe roimhe seo, chomh maith leis an ainm atá ar an gcuideachta faoi láthair agus an seoladh atá ag a hoifig chláraithe faoi láthair.

Foirm G1-H15

Bíodh a fhios agat:

  • NÍ leor foirm G1-H15 a chur faoi bhráid chun tús a chur leis an bpróiseas chun cuideachta a bhaint den liosta oifigiúil ná ní chuireann sé an chuideachta ar liostú de chuideachtaí atá lena mbaint de go deonach.
  • Tar éis don rún a bheith rite atá luaite ar fhoirm G1-H15, tá céimeanna eile le cur i gcrích sula féidir cuideachta a bhaint den chlár.
  • Ní mór Foirm H15 (an fógra foirmiúil iarratais) a chur faoi bhráid mar aon le doiciméid riachtanacha ar bith eile (cóip den bhfógra, ráiteas na gCoimisinéirí Ioncaim).
  • Feic suíomh idirlín na hOifige um Chlárú Cuideachtaí chun tuilleadh eolais a fháil.

Cuirtear Foirm G1-H15 faoi bhráid chun riachtanais Chuid 12 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh.
Ceanglaítear ar chuideachta rún a rith sa chás —
(i) go bhfuil beartaithe aici iarratas a chur chuig an gCláraitheoir le bheith bainte den chlár ar an bhforas nach ndearna sí gnó riamh nó go bhfuil sí éirithe as gnó a dhéanamh; agus
(ii) go bhfuil beartaithe aici nach ndéanfaidh sí aon ghnó agus nach bhfabhróidh sí aon dliteanais agus í ag fanacht le cinneadh faoina hiarratas chun bheith bainte den liosta (nó ag fanacht le cealú an phróisis, ar a hiarratas féin, má tharlaíonn a leithéid níos túisce ná sin).

Nasc: Foirmeacha 

Fógra poiblí i gcás baint thoilteanach den chlár
A luaithe is indéanta tar éis di iarratas a fháil ón gcuideachta atá le baint den chlár, lena sásaítear na coinníollacha, tabharfaidh an Cláraitheoir, trí fhógra a fhoilsiú in Iris CRO (an Iris um an chéad fhógra maidir le Baint Thoilteanach den Chlár) fógra poiblí faoi rún an Chláraitheora an chuideachta a bhaint den chlár. Foilsítear Iris CRO gach seachtain ar shuíomh gréasáin an CRO – www.cro.ie.

Beidh an chuideachta díscaoilte ar fhoilsiú na hIrise um an dara fógra maidir le Baint Thoilteanach den Chlár (ar a laghad 90 lá tar éis dháta an chéad fhoilseacháin san Iris) mura rud é go bhfuarthas agóid. Ní mór an agóid i gcoinne na bainte den chlár a chur isteach laistigh de 90 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra um baint den chlár.  Is féidir agóid a dhéanamh ach úsáid a bhaint as an bhFoirm H16 (ball den phobal) nó Foirm H17 (an chuideachta féin) chun an próiseas a chur ar ceal. Ní mór Foirm H16 agus Foirm H17 a bheith faighte laistigh den tréimhse 90 lá roimh an 2ú foilsiú in Iris CRO

Céim a hAon

Chomhdaigh an chuideachta gach tuairisceán bliantúil amuigh dhá sheachtain ar a laghad roimh dháta a rinneadh an t-iarratas ar bhaint, agus íocadh gach táille ábhartha agus pionós maidir le comhdú déanach.

Céim a Dó

Éilítear litir dheimhnithe ó na Coimisinéirí IoncaimLinks to external website nach bhfuil agóid ann a chur le Foirm H15.

Ní mór í seo a iarraidh i scríbhinn ó:

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Aonad na gCuideachtaí, Bosca Oifig Phoist 1, Loch Garman. Teileafón: 053 9149300.

I ndiaidh eisiúint di, tá an litir dheimhnithe nach bhfuil agóid ann bailí ar feadh tréimhse sé mhí.

Céim a Trí

Cuirtear fógra, cosúil leis an téacs samplach thíos, i nuachtán laethúil amháin a fhoilsítear agus a scaiptear ar fud an náisiúin i bPoblacht na hÉireann, agus cuirtear le Foirm H15 é. Nuachtán laethúil amháin - The Irish Independent, Irish Daily Mail, Irish Daily Mirror, Irish Daily Star, Irish Times, Irish Examiner, The Herald nó The Sun (Irish Edition).

Ní mór an fógra seo a bheith ar taispeáint i nuachtán a foilsíodh nach mó ná sé sheachtain roimh sheachadadh an iarratais ar bhaint thoilteanach chuig an CRO. Ní mór leathanach iomlán an nuachtáin ar a bhfuil an fógra ar taispeáint a chur isteach chuig an CRO in éineacht leis an bhFoirm H15, mar tá sé riachtanach go bhfuil ainm an nuachtáin agus dáta an fhoilseacháin ar taispeáint leis an bhfógra. Bíodh a fhios agat gur féidir úsáid a bhaint as fógra aonar le rún a fhógairt le haghaidh iarratais ar bhaint thoilteanach do suas le sé chuideachta. Sna cásanna seo, caithfear Foirm H15 ar leith a chur isteach do gach cuideachta.

Céim a Ceathair

Cuireann stiúrthóir na cuideachta, taifeadta leis an CRO faoi láthair dá réir, iarratas ar bhaint na cuideachta den chlár agus úsáid Foirm H15 lastall.

NÓTA: De bhrí go nglacfaidh sé tamall le céimeanna 1 agus 2 thuasluaite a chomhlánú, ní mór gan an fógra a chur isteach go dtí go bhfuil an chuideachta cinnte go gcomhdaíodh sí gach tuairisceán bliantúil atá amuigh leis an CRO nach mó ná 2 sheachtain ó dháta foilseacháin an fhógra, agus go bhfuil litir nach bhfuil argóint ann ó na Coimisinéirí Ioncaim faighte aici agus go mbeidh sí in ann Foirm H15 a sheachadadh don CRO laistigh de 6 sheachtain ó dháta foilseacháin an fhógra.

Tuairisceáin Bhliantúla Suas chun dáta

Baineann an Cláraitheoir cuideachtaí den chlár ar bhonn reatha. Bíodh a fhios agat chun teideal bainte toilteanach a bheith agat, ní mór don chuideachta bheith suas chun dáta lena ceanglais chomhdaithe mar atá ag dáta a chuireann sí iarratas ar bhaint thoilteanach den chlár isteach don CRO, iarratas a chomhlíonann gach ceanglas mar atá leagtha amach thuas. Ciallaíonn sé sin mar tharlaíonn nach gcomhlíonann iarratas ar bhaint toilteanach den chlár le ceann ar bith de na ceanglais seo agus gur seoltar ar ais don duine a chur isteach é, beidh ar an gcuideachta cinntiú go bhfuil sí suas chun dáta le ceanglais chomhdaithe a cuid tuairisceán bliantúil ag dáta a chuireann sí an t-iarratas isteach arís, iarratas a chomhlíonann gach ceanglas na CRO.

Próiseas fada is ea baint den chlár agus iarrfar ar an gcuideachta go foirmiúil ar dhá uair ar leith, mí ó chéile, más mian léi baint den chlár go fóill. Déanfaidh an Cláraitheoir a rún chun ainm na cuideachta a bhaint den chlár a fhoilsiú agus sa deireadh, mí ina dhiaidh sin, bainfear an chuideachta den chlár agus díscaoilfear í.

Téacs samplach an fhógra

I gcás ar athraigh an chuideachta a hainm laistigh de thréimhse 12 mhí roimh dháta foilseacháin an fhógra, ní mór an t-ainm a bhí ann roimhe chomh maith leis an ainm reatha a thaispeáint san fhógra.

Éilítear gach ainm gnó atá á úsáid ag an gcuideachta ná a bhí á úsáid aici le linn tréimhse 12 mhí roimh dháta foilseacháin an fhógra, éilítear iad a chuimsiú san fhógra.

I gcás a bhfoilsítear an fógra laistigh de bhliain amháin i ndiaidh don chuideachta a seoladh cláraithe a athrú, ní mór a seoladh cláraithe roimhe seo chomh maith leis an seoladh cláraithe reatha a thaispeáint san fhógra.

CINEÁL 1 - Do aon chuideachta

Tá sé beartaithe ag XY Teoranta [EFG Teoranta roimhe seo], ag trádáil mar Z, [agus ag trádáil mar W roimhe seo], atá scortha trádála/nár thrádáil riamh (scrios de réir mar is cuí), a bhfuil a oifig cláraithe ag [ ] {agus a raibh a oifig cláraithe roimhe seo ag [ ]} agus a bhfuil a phríomháit ghnó lonnaithe ag [ ], agus gan sócmhainní níos mó ná €150 agus/nó ná dliteanais níos mó ná €150 a bheith aige, tá sé beartaithe cur in iúl do Chláraitheoir na gCuideachtaí nach bhfuil an chuideachta ag seoladh gnó agus iarraidh ar an gCláraitheoir ar an mbonn sin lena chuid cumhachtaí a fheidhmiú de bhun alt 733 d’Acht na gCuideachtaí 2014 le hainm na cuideachta a bhaint den chlár.

De Réir Ordú an Bhoird

{Ainm} Stiúrthóir/Rúnaí (de réir mar is cuí)

CINEÁL 2 - Do dhá chuideachta ghaolta nó níos mó ná sin (uaslíon 6) - (oifig chláraithe céanna agus príomháit ghnó céanna)

(a) XY Teoranta, [ABC Teoranta roimhe seo], [ag trádáil mar D], tá scortha trádála/nár thrádáil riamh (de réir mar is cuí), agus

(b) Tá sé beartaithe ag VW Teoranta, [EFG Teoranta roimhe seo], ag trádáil mar Z, [agus ag trádáil mar W roimhe seo], atá scortha trádála/nár thrádáil riamh (de réir mar is cuí), a bhfuil a oifig cláraithe ag an bheirt acu ag [ ] agus a raibh a n-oifig cláraithe roimhe seo acu ag [ ] agus a bhfuil a bpríomháit gnó lonnaithe ag [ ], agus gan sócmhainní níos mó ná €150 agus/nó ná dliteanais níos mó ná €150 a bheith ag ceann ar bith acu, tá sé beartaithe acu fógairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí nach bhfuil an chuideachta ag seoladh gnó agus iarraidh ar an gCláraitheoir ar an mbonn sin lena chuid cumhachtaí a fheidhmiú de bhun alt 733 d’Acht na gCuideachtaí 2014 le hainm na gcuideachta a bhaint den chlár.

Trí Ordú an Bhoird

Ainm Stiúrthóra/rúnaí (mar is cuí)

CINEÁL 3 - Do dhá chuideachta neamhghaolta nó níos mó ná sin (uaslíon 6) - (oifigí cláraithe difriúla agus príomháit ghnó difriúla)

(a) XY Teoranta, [ABC Teoranta roimhe seo], [ag trádáil mar D], a bhfuil a oifig chláraithe ag [ ] agus a raibh a oifig chláraithe roimhe ag [ ] agus a bhfuil príomháit ghnó aige ag [ ] atá scortha trádála/nár thrádáil riamh (de réir mar is cuí), agus

(b) Tá sé beartaithe ag VW Teoranta, [EFG Teoranta roimhe seo], ag trádáil mar Z, [agus ag trádáil mar W roimhe seo], a bhfuil a oifig chláraithe ag [ ] agus a raibh a oifig chláraithe roimhe ag [ ] agus a bhfuil príomháit ghnó aige ag [ ], atá scortha trádála/nár thrádáil riamh (de réir mar is cuí), agus gan sócmhainní níos mó ná €150 agus/nó ná dliteanais níos mó ná €150 a bheith ag ceann ar bith acu, tá sé beartaithe acu fógairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí nach bhfuil an chuideachta ag seoladh gnó agus iarraidh ar an gCláraitheoir ar an mbonn sin lena chuid cumhachtaí a fheidhmiú de bhun alt 733 d’Acht na gCuideachtaí 2014 le hainm na gcuideachta a bhaint den chlár.

Trí Ordú an Bhoird

Ainm Stiúrthóra/rúnaí (mar is cuí)

Agóid i gcoinne Baint Thoilteanach den Chlár

Féadfaidh duine ar bith agóid a sheachadadh ar an gCláraitheoir i leith bainte na cuideachta den chlár, ar an bhfoirm H16. Ní mór an agóid a bheith bunaithe ar an bhforas nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha in ailt 731 agus orthu sin amháin. Ní mór an agóid a chur isteach laistigh de 90 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra um baint den chlár. Bainfidh an Cláraitheoir an chuideachta den chlár mura bhfaighfear aon agóid bhailí agus measfar go mbeidh an chuideachta díscaoilte. 

Iarrann an chuideachta go gcuirfí iarratas ar ceal

Féadfaidh an chuideachta é a iarraidh ar an gCláraitheoir, trí fhógra a sheachadadh don Chláraitheoir chuige sin san fhoirm H17 fhorordaithe, go gcuirfí ar ceal an próiseas maidir lena baint den chlár. Ní mór an t-iarratas a chur isteach laistigh de 90 lá tar éis dháta foilsithe an fhógra um baint den chlár.