Scrúdaitheoireacht

I gcás cuideachta atá faoi scrúdaitheoireacht, tá sí faoi scrúdú ag scrúdaitheoir ionas gur féidir leis/léi tuarascáil a thabhairt don Ard-Chúirt le tograí maidir le marthanas na cuideachta.

Sásra is ea an scrúdaitheoireacht a chuirtear ar fáil chun cuideachtaí atá i dtrioblóid, ach a d'fhéadfadh a bheith inmharthana, a thabhairt slán agus a chur ar ais ina gceart. Ní mór ionchas réasúnach marthanais a bheith ag an gcuideachta. Agus í ag breithniú cibé iarratas a dheonú chun cuideachta a chuir faoi scrúdaitheoireacht nó gan é a dheonú, beidh níos mó faisnéise ar fáil don chúirt, i bhfoirm tuarascála ó chuntasóir neamhspleách. Tá an ceart ag creidiúnaithe freisin chun éisteacht a fháil le linn na héisteachta cúirte nuair a bhíonn ceapadh scrúdaitheora á bhreithniú. Ní mór nach mbeadh foirceannadh na cuideachta ar bun, áfach, cibé foirceannadh toilteanach nó foirceannadh neamhthoilteanach.

Déanann an chúirt ordú i leith scrúdaitheoir a cheapadh don chuideachta chun staid chúrsaí na cuideachta a scrúdú agus cibé dualgais a chomhlíonadh i ndáil leis an gcuideachta a fhorchuirfear leis an Acht. Féadfaidh siad seo a leanas achainí chun na Cúirte maidir le ceapadh scrúdaitheora a thíolacadh: an chuideachta nó a stiúrthóirí, creidiúnaí nó creidiúnaí teagmhasach nó ionchasach (lena n-áirítear fostaí) de chuid na cuideachta, nó na comhaltaí a bhfuil méid nach lú ná an deichiú cuid den chaipiteal íoctha ina seilbh acu.
I gcás ina gceapfaidh an Chúirt scrúdaitheoir do chuideachta, féadfaidh sí, an tráth céanna nó aon tráth dá éis sin, ordú a dhéanamh ag ceapadh an scrúdaitheora do chuideachta ghaolmhar. Is ionann ré na cosanta ón gCúirt agus 70 lá ó dháta tíolactha na hachainí.

Ceanglais reachtúla
Ní mór  Foirm E24 (fógra i dtaobh na hachainí chun scrúdaitheoir a cheapadh) a sheachadadh chuig an CRO laistigh de thrí lá tar éis a tíolactha chun na Cúirte. Ní dhéantar an achainí iarbhír a chomhdú leis an CRO. Déanfaidh an scrúdaitheoir socrú chun sonraí a cheapacháin nó a ceapacháin, lena n-áirítear dáta an cheapacháin, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus in ar a laghad dhá nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta suite. Ní mór cóip den ordú chun scrúdaitheoir a cheapadh a chomhdú leis an gcláraitheoir laistigh de thrí lá. Nasc: Foirmeacha 

Tá sé mar dhualgas ar an scrúdaitheoir scrúdú a dhéanamh ar chúrsaí na cuideachta agus tuarascáil a thabhairt don Chúirt.

Ní mór ordú cúirte chun scor de chosaint na cúirte, chun an chuideachta a chur faoi leachtú nó chun na tograí a dhaingniú a chomhdú leis an CRO. Mura ndéanfaí amhlaidh, bheadh stádas Scrúdaitheoireachta fós ag an gcuideachta agus bheadh an duine aonair le feiceáil go fóill ar asphrionta cuideachta.

Má mheasann an Ard-Chúirt gur cuí déanamh amhlaidh, féadfar na horduithe seo agus ordú faoi alt 533 (tar éis éisteachta maidir le mírialtachtaí i ndáil le cúrsaí na cuideachta) a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí ag an scrúdaitheoir nó cibé duine eile a shonróidh an chúirt – ordú faoi alt 541 maidir le dearbhú tograí; ordú faoi alt 553 maidir le cúlghairm an ordaithe ag dearbhú tograí.

Cáilíochtaí scrúdaitheoirí.
Ní bheidh duine cáilithe chun a bheith cheaptha nó chun gníomhú mar scrúdaitheoir ar chuideachta mura mbeadh sé nó sí cáilithe chun gníomhú mar a leachtaitheoir (ach gan aird chun na críche seo ar cheanglais alt 634 maidir le clúdach slánaíochta gairmiúla). Aon duine a ghníomhóidh mar scrúdaitheoir de chuid cuideachta nuair nach bhfuil sé nó sí cáilithe chuige sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion chatagóir 2