Ordú na hArd-Chúirte ag muirearú scaireanna scairshealbhóra


Rinneadh líon caingne a éisteacht san Ard-Chúirt Tráchtála le déanaí, a bhfuil an Ard Chúirt ag muirearú scaireanna tríú páirtithe i gcuideachtaí áirithe mar thoradh orthu (“Orduithe Muirir”), i bhfabhar an ghearánaí sna himeachtaí (institiúid bhaincéireachta a bhí i gceist i ngach cás go dtí seo). Áiríodh sna hOrduithe Muirir sin ordachán go ndéanfadh aturnaetha an Ghearánaí cóip d’Ordú na hArd Chúirte a sheirbheáil ar Chláraitheoir na gCuideachtaí, mar aon le hordachán go gcuirfeadh an Cláraitheoir cóip den Ordú Muirir ar chomhad poiblí na cuideachta/na gcuideachtaí a bhfuil a gcuid scaireanna - a shealbhaíonn triú páirtí nó páirtithe - ina n-ábhar don Ordú Muirir.

Is é cuspóir ordachán an Bhreithimh na páirtithe leasmhara go léir a chur ar an eolas maidir le déileálacha lena mbaineann scaireanna na cuideachta/na gcuideachtaí atá i gceist, a shealbhaíonn scairshealbhóir(í) agus ar ábhar don Ordú Cúirte é/iad.

Ní ghabhann muirear ar shócmhainní na cuideachta leis na hOrduithe Muirir, ach baineann siad le scaireanna scairshealbhóra/scairshealbhóirí de chuid na cuideachta sin. Chun na críche sin, ainmnítear na hOrduithe Muirir mar “Ordú na hArd-Chúirte ag muirearú Scaireanna Scairshealbhóra”. Nuair a sheachadtar ordú den sórt sin ar an CRO, bronntar an stádas ‘Faighte’ air. Ina dhiaidh sin, déantar iad a scanadh agus cuirtear ar fáil don phobal lena n-iniúchadh, amhail is gur aighneachtaí a chomhdaítear faoi Acht na gCuideachtaí 2014 iad.

Ba chóir d’aturnaetha a bhfuil ordú den sórt sin á thabhairt acu do Chláraitheoir na gCuideachtaí a chinntiú go seolfar cóip oifige den ordú gan mhoill chuig:

Myra Grendon
An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
Teach Bloom
Plás Gloucester Íochtarach
Baile Átha Cliath 1

Tabhair faoi deara nach mbaineann táille chomhdaithe le hOrduithe Cúirte den sórt sin toisc go gcuirtear isteach iad ar scór Ordú Cúirte a fháil seachas i comhlíonadh oibleagáid comhdaithe faoi Acht na gCuideachtaí 2014.