Seoladh Cónaithe a Choimeád Siar - Oifigeach Cuideachta

 
Faoi Alt 150(11) d'Acht na gCuideachtaí 2014, is féidir le stiúrthóirí cuideachta gan a seolta cónaithe a nochtadh ar fhoirm arna cur faoi bhráid an CRO.

  • Beidh feidhm aige sin maidir le seoltaí nua amháin. Ní féidir feidhm a bheith aige maidir le haon seoladh atá curtha isteach cheana féin go dtí an CRO ar fhoirm roimhe seo. Ní féidir leis an CRO doiciméad atá curtha isteach cheana féin a bhaint den Chlár.
  • Tá an t-iarratasóir freagrach as neamhnochtadh an tseolta cónaithe i gcás ina n-éireoidh leis an iarratas. Ní ghlacann an CRO aon fhreagracht as nochtadh an tseolta ina dhiaidh sin ag an gcuideachta ar aon fhoirm a chuirfear faoi bhráid an CRO.
  • Ní mór don iarratasóir ráiteas ó Phríomh-Cheannfort an Gharda Síochána a chur i gceangal leis an bhFoirm T1 a bheidh ag gabháil leis an A1 nó an B10 nó a gcomhionann.
  • Iarratasóirí a n-éireoidh leo, breacfaidh siad isteach seoladh oifig chláraithe na cuideachta seachas a seoladh cónaithe féin.
  • Ní mór gach faisnéis ábhartha eile a chur ar fáil fós, m.sh. Dáta Breithe, sonraí stiúrthóireachtaí cuideachta eile srl. Is é an seoladh cónaithe amháin is féidir a fhágáil ar lár.

Nós Imeachta

Comhlíonfaidh iarratas ar dhíolúine i leith gnáthsheoladh cónaithe oifigigh cuideachta a bheith le feiceáil ar an gclár iad seo a leanas:

  • (i) Seolfar an t-iarratas ar dhíolúine chuig an gCláraitheoir i gclúdach marcáilte "Lena chur faoi bhráid an Chláraitheora" agus beidh an Fhoirm T1 ag gabháil leis mar aon leis an bhfoirm chuí ag ceapadh an duine nó ag athrú seoladh an duine - mar shampla, A1 - corprú cuideachta nó B10 - athrú ar shonraí stiúrthóra;
  • (ii) Beidh ráiteas tacaíochta ó oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort ag gabháil leis an iarratas ina n-iarrfar díolúine de réir alt 150(11);
  • (iii) Cuimseofar sa ráiteas iarratas nach mbeidh gnáthsheoladh cónaithe duine is oifigeach den chuideachta le feiceáil ar an gclár atá á choimeád ag an gCláraitheoir ar chúiseanna sábháilteachta nó slándála pearsanta.

Sa chás inar deimhin leis an gCláraitheoir gur chomhlíon oifigeach na cuideachta an nós imeachta go hiomlán, cuirfidh sí in iúl don oifigeach sin go bhfuil díolúine deonaithe. Nasc: Foirmeacha