Tuairisceán bliantúil


Cuirtear de cheangal ar chuideachta tuairisceán bliantúil a sheachadadh chuig an CRO uair sa bhliain ar a laghad.

Nóta - An céad thuairisceán bliantúil agus Cuideachta nua

Féadtar foirm B73 a úsáid chun ARD cuideachta a leathnú faoi suas go dtí sé mhí, uair amháin gach cúig bliana. Cé gur féidir le cuideachta foirm B73 a chomhdú lena céad tuairisceán bliantúil (a cheanglaítear a dhéanamh suas go dtí an dáta atá sé mhí ó dháta corpraithe), ní mholtar é sin a dhéanamh, toisc gurb í an éifeacht a bhíonn leis ná an tréimhse a laghdú, a gceanglófar ar an gcuideachta a dara tuairsiceán bliantúil a chomhdú laistigh de, (a cheanglaítear cuntais a cheangal leis) ó 19 mí tar éis corpraithe go dtí uastréimhse 13 mí tar éis corpraithe.

Ina theannta sin, beidh ar an gcuideachta fanacht go dtí go bhfuil tréimhse cúig bliana caite sular féidir léi Foirm B73 a úsáid arís. Nasc: Foirmeacha