Comhpháirtíochtaí Teoranta

Doiciméid a chomhlánú

Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a chomhlánú agus iad a chomhdú:

  • Foirm LP2 - Fógra maidir le hathrú ar chomhpháirtíocht theoranta
  • Foirm LP4 - Ráiteas cuideachtaí faoi dhleacht chaipitil (Ní gá dleacht chaipitil a íoc i láthair na huaire.)
  • Foirm P1 - Doiciméid chuntasaíochta a chur ar ais
  • Foirm PR2 - Tuairisic maidir le hÍocaíochtaí le Rialtais

Doiciméid chuntasaíochta

Cuirtear de cheangal ar chomhpháirtíochtaí teoranta, nuair is cuideachtaí teoranta iad na comhpháirtithe ginearálta ar fad, doiciméid chuntasaíochta a chur ar ais faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuntais) 1993 (I.R. Uimh. 396 de 1993). Ní mór do chomhpháirtíochtaí ginearálta é seo a dhéanamh freisin nuair is cuideachtaí teoranta iad na comhpháirtithe ginearálta.

Áirítear ar na doiciméid chuntasaíochta:

  • clár comhardaithe
  • cuntas brabúis agus caillteanais
  • tuarascáil na gcomhpháirtithe
  • tuarascáil an iniúchóra

De réir na Rialachán 1993, baineann Acht na gCuideachtaí 2014 le comhpháirtíochtaí teoranta.

Ní mór do bheirt chomhpháirtithe na doiciméid chuntasaíochta a dheimhniú mar chóipeanna dílis - faigheann siad cead ó na comhpháirtithe eile chun é seo a dhéanamh. Ní mór na doiciméid a chur ar aghaidh chuig an CRO tráth nach déanaí ná sé mhí ó dheireadh bhliain airgeadais na comhpháirtíochta (Rial. 20).

Foirceannadh

Mura léiríonn comhaontú idir na comhpháirtithe a mhalairt, díscaoilfear comhpháirtíocht theoranta ar bhás nó ar fhéimheacht comhpháirtí ginearálta.

Is féidir comhpháirtíocht a dhíscaoileadh trí fhógra go bhfuil sé de rún ag comhpháirtí teoranta an chomhpháirtíocht a dhíscaoileadh, ar choinneáil gur chomhaontaigh an chomhpháirtíocht gur féidir leis an gcomhpháirtí teoranta an fógra sin a thabhairt. Is féidir comhpháirtíocht a dhíscaoileadh trí ordú na cúirte.

Ní mór fógra maidir le scor/foirceannadh comhpháirtíochta teoranta a chomhdú ar fhoirm LP2. Ní mór don chomhpháirtí ginearálta an fhoirm a shíniú.

Nasc: Foirmeacha       Nasc: Táillí CRO Nasc: Bileoga Faisnéise

Táillí Comhpháirtíochtaí Teoranta

Tá an CRO i mbun athrú ó bhonn digiteach maidir leis na cláir go léir atá faoina shainchúram. Tá Céim 1 le Cláraitheoir na gCara-Chumann curtha i gcrích. Táimid ag aistriú anois chuig an gClár Comhpháirtíochtaí Teoranta. Cé go mbeidh na hiarratais fós ar páipéar, beifear ábalta cóipeanna de na doiciméid a ordú ar líne. Ar an drochuair, ar feadh tréimhse ghairid go dtí go mbeidh na cláir eile críochnaithe ní bheifear ábalta íoc as iarratais ar Chomhpháirtíocht Teoranta (LP1, LP2, LP3, LP4, P1) ag baint úsáid as cuntas custaiméara CRO.

Íocfar as na doiciméid sin le seic. Gabh ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht agus tabharfaimid an t-eolas is déanaí do chustaiméirí a luaithe is féidir maidir le modhanna íocaíochta eile.

Comhpháirtíochtaí Teoranta Ionstraim Nua

Síníodh Ionstraim Reachtúil 597 de 2019 agus tiocfaidh sí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020. Tá an rialachán infheidhme maidir le Comhpháirtíochtaí Teoranta agus maidir lena mblianta airgeadais a thosaíonn an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin.

Cuireadh Rialacháin 2019 ón Aontas Eorpach (Comhpháirtíochtaí Cáilithe: Cuntasaíocht agus Iniúchóireacht) in ionad Rialacháin 1993 lena ndearnadh comhpháirtíochtaí teoranta a rialú. 

Áirítear le comhpháirtíochtaí teoranta cáilithe faoi Rialacháin 2019 ón Aontas Eorpach (Comhpháirtíochtaí Cáilithe: Cuntasaíocht agus Iniúchóireacht) (I.R. Uimh. 597 de 2019):

Rialachán 5(1) - Sna rialacháin sin, ciallaíonn ‘comhpháirtíochtaí cáilithe’ -
(b) comhpháirtíocht theoranta, a bhfuil na comhpháirtithe ginearálta uile dá cuid ina -
(i) gcuideachtaí teoranta,
(ii) ina gcuideachtaí neamhtheoranta (ULCanna) ainmnithe,
(iii) ina gcomhpháirtíochtaí seachas comhpháirtíochtaí teoranta, a bhfuil na baill uile iontu ina gcuideachtaí teoranta nó ina gcuideachtaí neamhtheoranta (ULCanna) ainmnithe
(iv) ina gcomhpháirtíochtaí teoranta, a bhfuil na comhpháirtithe ginearálta uile dá gcuid ina gcuideachtaí teoranta nó ina gcuideachtaí neamhtheoranta (ULCanna) ainmnithe, nó
(v) ina gcompháirtíochtaí, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí teoranta, a n-áirítear leis na baill dhíreacha nó indíreacha dá gcuid comhcheangal de ghnóthais dá dtagraítear i gclásail (i) go (iv), sa chaoi go mbíonn cosaint an dliteanais theoranta ag úinéirí tairbhiúla deiridh na comhpháirtíochta.

Cuid 26 d’Acht na gCuideachtaí 2014


Ní mór do chomhpháirtíochtaí cáilithe a chomhlíonann na critéir faoi Chuid 26 tuarascáil maidir le híocaíochtaí a dhéantar le Rialtais a chur isteach.

Déantar Foirm PR2 a chomhlánú agus ní mór í a chomhdú laistigh de 11 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Le cuid 26, cuirtear ceangal ar chomhpháirtíochtaí cáilithe (coibhéiseach le cuideachtaí móra, grúpaí móra agus “eintitis leasa phoiblí”) atá gníomhach sna tionscail mianadóireachta agus eastósctha nó i lománaíocht foraoisí príomhúla chun tuarascálacha bliantúla a ullmhú agus a chomhdú le hOifig um Chlárú Cuideachtaí (Sceideal 18 CA 2014) maidir le híocaíochtaí a dhéantar le Rialtais.

Díolúintí atá ar fáil
Tá díolúintí ar fáil faoi Chaibidil 4 Cuid 26 d’Acht na gCuideachtaí 2014: (cuir comhpháirtíochtaí teoranta in ionad cuideachtaí).

  • Tá díolúine ar fáil ó thuairisc maidir le híocaíochtaí a ullmhú do fhochuideachta/cuideachta sealbhaíochta má bhíonn an tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis san áireamh i dtuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí arna hullmhú ag an gcuideachta sealbhaíochta. (alt 1454)
  • Tá díolúine ar fáil ó thuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis/tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí a tháirgeadh má bhíonn fiontar le sealbhaíocht níos airde ag an gcuideachta atá bunaithe i Stát AE eile, agus go mbíonn tuairisc chomhdhlúite táirgthe ag an ardchuideachta a bhfuil eolas na cuideachta Éireannaí san áireamh inti.
  • Beidh díolúine le fáil do na stiúrthóirí freisin áit a bhfuil an chuideachta faoi réir ag riachtanais choibhéiseacha tuairiscithe agus go bhfuil na híocaíochtaí nochta sa tuairisc eile seo. (alt 1455).
  • Tá díolúine ar fáil ón tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis/tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí a tháirgeadh má bhíonn fiontar le sealbhaíocht níos airde ag an gcuideachta atá bunaithe i Stát AE eile, áit a mbíonn tuairisc chomhdhlúite faoi riachtanais choibhéiseacha tuairiscithe táirgthe ag an ardchuideachta a bhfuil eolas na cuideachta Éireannaí san áireamh inti. (alt 1456).
  • Tá díolúine ar fáil faoi alt 1460 AC 2014 arna leasú áit a mbíonn díolúine ag na stiúrthóirí áit a gcuireann an chuideachta faoi bhráid ina ionad sin cóip den tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis (tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí) arna hullmhú de réir na riachtanas coibhéiseach tuairiscithe laistigh de 28 lá tar éis d’íocaíocht dá leithéid bheith curtha ar fáil don phobal faoi na riachtanais choibhéiseacha tuairiscithe. 

Cuideachtaí arna Liostú i Sceideal 18 le hAcht na gCuideachtaí 2014 (arna leasú)

 

CuidA - Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht
Rannán Grúpa Rang Tuairisc

Aicmiú Tionscail de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta Athbhreithniú 4

02 02.2 02.20 Lománaíocht 0220
CuidB - Mianadóireacht agus Cairéalú
Rannán Grúpa Rang Tuairisc

Aicmiú Tionscail de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta Athbhreithniú 4

05 Mianadóireacht guail agus ligníte
05.1 Mianadóireacht guail chrua 0510
05.2 05.20 Mianadóireacht lignite 0520
06 Eastóscadh amhpheitriliam agus gáis nádúrtha
06.1 06.10 Eastóscadh amhpheitriliam 0610
06.2 06.20 Eastóscadh gáis nádúrtha 0620
07 Mianadóireacht mianta miotail
07.1 07.10 Mianadóireacht iarnmhianta 0710
07.2 Mianadóireacht mianta miotail neamhfheiriúla
07.21 Mianadóireacht úráiniam agus mianta tóiriam 0721
07.29 Mianadóireacht mianta miotail neamhfheiriúla eile 0729
08 Mianadóireacht agus cairéalú eile
08.1 Cairéalú cloch, gainimh agus cré
08.11

Cairéalú cloch ornáideacha agus cloch tógála, aolchloch, gipsim, cailce agus slinne

0810 (cuid díobh)
08.12 Oibriú claiseanna grin agus gainimh; mianadóireacht créanna agus caoilín 0810 (cuid díobh)
08.9 Mianadóireacht agus cairéalú nach bhfuil aicmithe aon áit eile
08.91 Mianadóireacht mianraí ceimiceacha agus leasacháin 0891
08.92 Eastóscadh móna 0892
08.93 Eastóscadh salainn 0893
08.99 Mianadóireacht agus cairéalú eile nach bhfuil aicmithe aon áit eile 0899