Cuideachta Eachtracha

Brainse

Doiciméid chuntasaíochta.

Cuirtear de cheangal ar na cuideachtaí go léir, lena n-áirítear cuideachtaí príobháideacha, ag a mbíonn brainse acu sa Stát, na doiciméid seo a leanas a chomhdú:

  • cuntais na cuideachta don tréimhse, lena n-áirítear cuideachtaí le fochuideachta amháin nó níos mó, cuntais chomhdhlúite an ghrúpa
  • tuarascáil bhliantúil na stiúrthóirí don tréimhse
  • tuarascáil na n-iniúchóirí ar chuntais na cuideachta
  • tuarascáil na n-iniúchóirí ar thuarascáil na stiúrthóirí

Ní mór Foirm F7 a chur isteach leis na doiciméid chuntasaíochta. (alt 1303/1305 Acht na gCuideachtaí 2014)

Nasc: Foirmeacha            Nasc: Táillí CRO

Tá brainse cuideachta seachtraí de chuid na Ríochta Aontaithe atá cláraithe le CRO agam. An mbeidh orm clárú arís?
Ní chaithfidh cuideachtaí seachtracha atá corpraithe sa Ríocht Aontaithe clárú leis an CRO arís. Nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe LEE, beidh cuideachtaí seachtracha na Ríochta Aontaithe faoi réir na gceanglas na tuairisceáin bhliantúla a chomhdú a bhaineann le reachtaíocht thír neamh-LEE. Tá feidhm ag ailt 1305/1306 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir leis an tuairisceáin bhliantúla. Tá feidhm ag Alt 1304 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le hathruithe ar bith ar fhaisnéis na cuideachtaí a chur isteach.

Morgáistí/muirir

Ní mór sonraí morgáistí/muirear áirithe a chruthaíonn an chuideachta a sheachadadh don CRO tráth nach déanaí ná 21 lá ón dáta a chruthaítear an muirear. Mura ndéantar na sonraí. For further information on procedures to be followed and the forms to be used, féach Morgáistí/muirir

Athrú Eile

Foirm F2 - Athrú ar an gcairt (meabhrán & airteagail, srl.). Laistigh de 30 lá

Foirm F3 - Tuairisceán ar athruithe stiúrthóirí/rúnaí/nó duine údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh do chuideachta nó Athrú ar sheoladh dhuine atá ina c(h)ónaí sa Stát atá údaraithe glacadh le himeachtaí thar ceann na cuideachta nó athrú ar sheoladh dhuine atá ina c(h)ónaí sa Stát ar gá dó/dí comhlíonadh a chinntiú. Laistigh de 30 lá

Foirm F4 - Athrú ar sheoladh brainse sa Stát €15. Cóip Leictreonach Saor Laistigh de 30 lá

Nasc: Foirmeacha               Nasc: Táillí CRO           Nasc: CORE

Dúnadh brainse

Fógra maidir le leachtú/dócmhainneacht/dúnadh brainse

Éilítear ar bhrainsí sonraí a fhógairt maidir le foirceannadh na cuideachta, ceapadh leachtaitheora, foirceannadh leachtaithe, imeachtaí dócmhainneachta, socruithe, comhshuímh nó aon imeachtaí analógacha lena bhfuil a chuideachta faoi réir agus dúnadh an bhrainse.

F14 - Tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis na himeachta.

Nasc: Foirmeacha