Ainm a athrú

Is féidir le cuideachta a hainm a athrú trí rún speisialta agus nuair a fhaigheann sí cead scríofa ó Chláraitheoir na gCuideachtaí.

Ainm a athrú

Ní mór rúin speisialta le haghaidh ainm a athrú a chló nó a chlóscríobh agus an dáta a chur leo agus ní mór an t-ainm céanna a bheith ar an deimhniú ionchorpraithe is atá ar an gcuideachta. Ní chóir rún ar bith eile a lua ar an bhfoirm seo. Ní mór cóip den mheabhrán agus de na hairteagail chomhlachais athcheartaithe, a thaispeánann ainm nua na cuideachta, a chur isteach in éineacht leis an rún agus le Foirm G1Q. Is féidir Foirm G1Q a chomhlánú ar líne ag https://core.cro.ie agus táille €50 a íoc ina leith seachas táille €100 a íoc i leith iarratais pháipéir. Féach Bileog Faisnéise Uimh. 8, "Athrú ar Ainm Cuideachta".

Nasc: Foirmeacha          Nasc: Táille CRO

Moltar d’iarrthóirí scrúdú a dhéanamh ar chlár na gcuideachtaí le fáil amach an bhfuil an t-ainm atá molta acu cosúil le hainm atá cláraithe cheana. Is féidir é seo a dhéanamh saor in aisce ag Cuardach Cuideachta.

Nuair a chláróidh tú, eiseoimid deimhniú athraithe ainm. Ní féidir leis an gcuideachta an t-ainm nua a úsáid go dtí go n-eiseofar an deimhniú seo. Tagann an t-ainm nua in éifeacht ar an dáta a eisítear an deimhniú.

Ní chuirimid na hainmneacha atá molta i gcomparáid le hainmneacha ar chlár na n-ainmneacha gnó nó clár na dtrádmharcanna. Moltar d’iarrthóirí, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh ar na cláir seo lena chinntiú nach bhfuil an t-ainm gnó nó trádmharc in úsáid cheana, toisc gur féidir le duine ar bith a éilíonn go bhfuil ceart aige/aici chun an t-ainm sin, beart bréagthairiscinte a dhéanamh lena leasanna a chosaint.

Deimhnithe Digiteacha um Athrú Ainm Cuideachta agus um Athchlárú Cineál Cuideachta 
Is mar dhoiciméid “atá deimhnithe go digiteach” a eiseofar Deimhnithe um Athrú Ainm Cuideachta agus Deimhnithe um Athchlárú Cineál Cuideachta as seo amach.  Tar éis clárú, seolfar iad amach mar dhoiciméad pdf ach úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist a iontráladh sa chuid dar teideal “Seoladh ríomhphoist na cuideachta” ar fhoirm G1Q agus ar fhoirm D20. Is féidir le hiarratasóirí na deimhnithe digiteacha sin a chur ar fáil go díreach trí ríomhphost do thríú páirtithe amhail bainc agus institiúidí eile airgeadais, de réir mar is gá.

Taispeáint ainm cuideachta

Ní mór do gach gnólacht a hainm a phéinteáil nó a ghreamú lasmuigh de gach oifig nó áit ina ndéantar gnó fiú amháin más teach an stiúrthóra a bhíonn i gceist. Ní mór don ainm a bheith sofheicthe agus inléite araon.

Ní mór ainm na cuideachta a thaispeáint i gcarachtair inléite ar na fógraí agus na doiciméid oifigiúla eile foilsithe ag an gcuideachta agus ar na billí malairte, nótaí gealltanais, formhuinithe, seiceanna agus orduithe go léir sínithe ag an gcuideachta nó thar a ceann agus ar na sonraisc, fáltais agus litreacha creidmheasa go léir de chuid na cuideachta.

Chinn litreach na cuideachta

Ní mór na sonraí seo a leanas a thaispeáint ar litreacha gnó na cuideachta:

  • ainm iomlán na cuideachta (tabhair faoi deara gurb iad na giorrúcháin atá ceadaithe ná "Ltd" do "Limited", "Teo" do "Teoranta", "Plc" do "Public Limited Company", srl.)
  • réamhainm (nó inisealacha) agus sloinnte na stiúrthóirí, a sean-réamhainmneacha agus a sean-sloinnte agus a náisiúntacht, murab Éireannaigh iad.

Ní mór na sonraí breise seo a leanas a thaispeáint ar litreacha. Ní mór iad a thaispeáint freisin ar na foirmeacha ordaithe a bhíonn ag cuideachtaí teoranta ó thaobh fiachais de, cibé an mbíonn siad i bhfoirm pháipéir nó meán eile ar bith:

  • foirm dhlíthiúil na cuideachta
  • áit chlárúcháin m.sh. Cláraithe i mBaile Átha Cliath, Éire agus a huimhir chlárúcháin i.e. de réir Dheimhniú Ionchorpraithe na cuideachta.
  • seoladh na hoifige cláraithe (nuair a thaispeántar é seo ar an doiciméad cheana, ní mór a léiriú gurb í seo an oifig chláraithe)
  • i gcás cuideachta atá eisiata ón dualgas "Cuideachtaí Príobháideacha faoi Theorainn Ráthaíochta" nó "Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe" a úsáid ina hainm, ní mór a léiriú gur cuideachta theoranta í
  • i gcás cuideachta atá á fhoirceannadh, ní mór é seo a lua
  • nuair a dhéantar scairchaipiteal cuideachta a lua ar chinn litreach nó foirmeacha ordaithe na cuideachta, is é an scairchaipiteal íoctha ar gá a thaispeáint

Séala cuideachta

Ní mór do gach cuideachta séala a bheith aici, ina mbíonn a hainm curtha síos go soiléir. Bíonn an rúnaí freagrach go minic as séala na cuideachta a choimeád slán.

Díolúine Ainm Cuideachta

Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe" nó "Cuideachta Faoi Theorainn Ráthaíochta: Féadfar an nath "Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe" nó "Cuideachta Faoi Theorainn Ráthaíochta" a fhágáil ar lár ó ainm na cuideachta sa chás ina bhfuil an chuideachta ina Cuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe nó ina Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta, agus ina sonraítear i mbunreacht na cuideachta gurb ionann na cuspóirí agus cur chun cinn na tráchtála, na healaíne, na heolaíochta, an oideachais, an chreidimh nó na carthanachta.

Ina theannta sin, ní mór go sonrófaí i mbunreacht na cuideachta

(a) nach mór brabúis na cuideachta (más ann dóibh) nó ioncam eile na cuideachta a chur i bhfeidhm i leith chur chun cinn na gcuspóirí;
(b) go bhfuil íoc díbhinní/dáiltí leis na comhaltaí toirmiscthe;
(c) nach mór na sócmhainní go léir a bheadh ar fáil do na comhaltaí murach an coinníoll seo a aistriú ar a foirceannadh go dtí cuideachta arb ionann a cuspóirí agus cur chun cinn na tráchtála, na healaíne, na heolaíochta, an oideachais, an chreidimh nó na carthanachta.

Déanann cuideachtaí den sórt sin foirm G5 a chomhdú in éineacht leis an iarratas ar chorprú. Ní mór do chuideachtaí atá á gcomhshó go stádas CGA an fhoirm G5 a chur isteach in éineacht lena n-iarratas ar chomhshó chuig an gcineál nua cuideachta ar mian leo a bheith díolmhaithe ina leith.

Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, nach mór do chuideachta atá díolmhaithe ón oibleagáid chun úsáid a bhaint as na focail mar chuid dá hainm, a thaispeáint ar a cuid litreacha agus foirmeacha ordaithe gurb amhlaidh gur cuideachta den sórt sin í.