Athrú ar Scairchaipiteal

Caipiteal Cuideachta
Ní féidir le cuideachta aon scaireanna a leithroinnt mura mbeidh an leithroinnt údaraithe trí ghnáthrún nó le bunreacht na cuideachta.
Tá roinnt bealaí inar féidir le duine teacht chun a bheith ina scairshealbhóir i gcuideachta. Is iadsan, go príomha, ar leithroinnt scaireanna nua-eisithe ag an gcuideachta nó ar aistriú nó tarchur ó scairshealbhóir atá ann cheana féin.

Tá cearta réamhcheannaigh luaite in alt 69(6). Fágann sé sin nach féidir scaireanna a thairiscint gan na scaireanna a bheith tairgthe d’aon scairshealbhóir sa chuideachta ar dtús. Tá an tréimhse ina bhféadfar glacadh leis an tairiscint laghdaithe san Acht nua ó 21 lá go dtí 14 lá.

Níl feidhm ag an tairiscint réamhcheannaigh maidir le leithrannta scaireanna, áfach,

  • sa mhéid is go bhforáiltear sa bhunreacht, le rún speisialta nó i dtéarmaí eisiúna scaireanna a leithroinneadh cheana féin, a mhéid a fhoráiltear amhlaidh;
  • maidir le leithrannta scaireanna ar chomaoin a íocadh go hiomlán nó go páirteach, ar shlí seachas in airgead;
  • maidir le leithrannta scaireanna do shínitheoir nó sínitheoirí bhunreacht na cuideachta tráth corpraithe na cuideachta, arb iad na scaireanna ar ghlac an sínitheoir nó na sínitheoirí sin leo roimh an gcorprú sin;
  • maidir le leithrannta scaireanna do dhaoine de bhun théarmaí scéim scaire fostaithe arna bunú ag an gcuideachta;
  • maidir le leithroinnt scaireanna bónais.

Is amhlaidh fós go gcuirtear isteach leithrannta scaireanna ar fhoirm B5 agus gur chóir an fhoirm sin a chur isteach laistigh de 30 lá ón leithroinnt. Is cion chatagóir 4 é mainneachtain í a chomhdú in am. Is féidir an clár a cheartú faoi alt 174 d’Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás nach ndearnadh aon ghannsonrú nó róshonrú. Ba chóir an fhoirm B42a a chur isteach.

Glao ar Scaireanna
Faoi alt 77 d’Acht na gCuideachtaí 2014, ach amháin i gcás ina bhforáiltear dá mhalairt i mbunreacht na cuideachta, féadfaidh na stiúrthóirí ó am go ham glaonna a dhéanamh ar na comhaltaí i leith airgid a bheidh gan íoc ar scaireanna. Íocfaidh gach comhalta faoi réir ag fógra 30 lá ar a laghad a fháil. Is féidir glaonna a chúlghairm, a chur ar athló agus measfar glaonna a bheith déanta an tráth a ritheadh an rún ó na stiúrthóirí. Luaitear na forálacha a bhaineann le glaonna ar scaireanna in alt 77, alt 78 agus alt 79 d’Acht na gCuideachtaí.

Nasc: Foirmeacha                Nasc: Táille

Forghéilleadh Scaireanna 
Mura bhforáiltear dá mhalairt i mbunreacht na cuideachta, baineann alt 81 leis na nósanna imeachta maidir le forghéilleadh scaireanna. Bhí na rialacha sin leagtha amach roimhe seo i rialachán 33 – rialachán 39 de Thábla A.

Ceanglaítear go ndéanfadh stiúrthóir nó rúnaí na cuideachta ráiteas á rá go bhfuil an scair forghéilllte go cuí ar dháta luaite a bheidh ina fhianaise dhochloíte ar na fíorais. Roimhe seo, rinneadh é sin trí mheán dearbhú reachtúil, in Achtanna na gCuideachtaí roimhe seo.
Cuirtear isteach Foirm B7 sa chás ina ndearna an chuideachta aon cheann díobh seo a leanas:

  • a scairchaipiteal a chomhdhlúthú agus a roinnt ina scaireanna de mhéid is mó ná a scaireanna láithreacha;
  • aon scaireanna a thiontú ina stoc;
  • stoc a ath-chomhshó ina scaireanna;
  • a scaireanna nó aon cheann díobh a fhoroinnt;
  • aon scaireanna infhuascailte a fhuascailt;
  • aon scaireanna tosaíochta a fhuascailt; aon scaireanna a chur ar ceal, ar shlí seachas i ndáil le laghdú caipitil cuideachta (alt 84).

Cuirtear isteach an fhoirm B7 laistigh de 30 lá. Is cion chatagóir 3 é mainneachtain é sin a dhéanamh. 

Cuirtear isteach Foirm B4 sa chás ina ndéantar méadú ar chaipiteal údaraithe na cuideachta. Ní mór an fhoirm a chur isteach laistigh de 30 lá. Is cion chatagóir 3 é mainneachtain é sin a dhéanamh.

Clárú na sonraí um chearta speisialta.
Faoi alt 90 d’Acht na gCuideachtaí 2014, ba cheart Foirm B11 a chur isteach chuig an CRO sa chás ina leithroinneann cuideachta scaireanna ag a bhfuil cearta nach bhfuil luaite ina bunreacht nó in aon rún nó comhaontú a bhfuil feidhm ag alt 198 ina leith agus ba chóir an seachadadh sin a chur i gcrích laistigh de 30 lá. Baineann an méid sin le scaireanna sa chás ina bhfuil an t-aon difríocht amháin i ndáil le díbhinní (laistigh de thréimhse 12 mí ón leithroinnt roimhe sin). Ba chóir foirm B12 a chur isteach sa chás ina ndéantar athrú ar na cearta chun aon scaireanna atá ann cheana féin, seachas trí athrú bunreachtúil nó le rún. Cuirtear foirm B13 faoi bhráid na CRO sa chás ina ndéantar ainm (nua) nó ainmníocht eile a shannadh d’aon chineál scaireanna ar shlí seachas trí athrú bunreachtúil nó le rún
ón gcuideachta.

Aistriú scaireanna
Cuirtear iad seo i gcrích i gcomhlíonadh alt 94 agus alt 95 d’Acht na gCuideachtaí 2014 agus aon srianta a bhfuil feidhm acu i mbunreacht cuideachta. Ní fhaigheann an CRO fógra maidir leis an aistriú scaireanna tráth an aistrithe agus is í an t-aon fhoirm amháin ina léireofaí an fhaisnéis nuashonraithe an fhoirm B1 – tuairisceán bliantúil, a bhfuil d’oibleagáid ar gach cuideachta í a chomhdú. Ní foirm de chuid an CRO í an fhoirm Aistrithe Stoic agus níor cheart í a chur isteach chuig an CRO.

Tá cumas na stiúrthóirí chun diúltú an t-aistriú scaireanna a chlárú le fáil in alt 95. Scoirfear an cumas sin 2 mhí tar éis an dáta ar a seachadfar ar an gcuideachta an ionstraim aistrithe, agus ní mór do na stiúrthóirí fógra faoin diúltú a sheoladh chuig an aistrí ionchasach.
I gcás ina bhfaighidh duine bás, is é nó í ionadaí pearsanta an éagaigh an t-aon duine amháin atá aitheanta ag an gcuideachta a bhfuil aon teideal aige nó aici chun na scaireanna (mura bhforáiltear dá mhalairt i mbunreacht na cuideachta).

Fuascailt Scaireanna
Is féidir le cuideachta a scaireanna féin a fháil trí cheannach, nó, i gcás scaireanna infhuascailte, trí fhuascailt nó ceannach faoi alt 105 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Is féidir an fhuascailt a dhéanamh faoi cibé téarmaí a shonrófar i mbunreacht na cuideachta, mar a shonraítear sna cearta a ghabhann leis na scaireanna atá i gceist nó le rún speisialta.

Ceannach Scaireanna
Faoi réir srianta i mbunreacht na cuideachta, is féidir le cuideachta a scaireanna féin a cheannach faoi alt 105 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Tá aon fháil den sórt sin faoi réir ag an íocaíocht a dhéanamh as brabúis atá ar fáil lena ndáileadh nó, i gcás ina mbeartaíonn an chuideachta na scaireanna a chealú, as fáltais ó eisiúint nua scaireanna a dhéanfar chun críche na fála. Laistigh de 30 lá tar éis sheachadadh na scaireanna a fuarthas ar an gcuideachta, ní mór Foirm H5 a sheoladh chuig an CRO.

Nasc: Foirmeacha                Nasc: Táille

Scaireanna a fháil i gCuideachta Shealbhaíochta
Faoi alt 114 d’Acht na gCuideachtaí 2014, féadfaidh cuideachta scaireanna a cheannach i gcuideachta arb í a cuideachta shealbhaíochta í faoi réir coinníollacha áirithe, eadhon –
(a) go ndéanfar an chomaoin i leith na scaireanna sin a fháil a sholáthar as na brabúis de chuid na fochuideachta atá ar fáil le dáileadh;
(b) ar na scaireanna sin d’fháil agus fad a bheidh na scaireanna ar seilbh ag an bhfochuideachta –
(i) ní fheidhmeoidh an fhochuideachta aon chearta vótála maidir leis na scaireanna agus beidh aon fheidhmiú airbheartaithe ar na cearta sin ar neamhní;
(ii) an modh lena gcaithfear leis na scaireanna arna sealbhú amhlaidh ag an bhfochuideachta –
I) foráiltear do ráitis airgeadais aonáin na fochuideachta in alt 320(2) (ina bhfuil foráil freisin lena gcuirtear srian ar bhrabúis ar fáil lena ndáileadh trí thagairt don chur chuige cuntasaíochta i leith na scaireanna sin dá bhforáiltear ansin); agus
(II) foráiltear do ghrúpráitis airgeadais, más ann, na cuideachta sealbhaíochta in alt 320(3).

Ní mór an conradh a bheith údaraithe roimh ré ag an dá pháirtí.
Sainmhínítear cuideachta shealbhaíochta in alt 8 den Acht nua agus sainmhínítear cuideachta mar chuideachta shealbhaíochta na cuideachta eile más rud é go bhfuil an ceann eile sin ina fochuideachta aici, agus sa chás sin amháin.

Scaireanna Cisteáin
Scaireanna arna bhfáil ag cuideachta faoi cheannachán a fuarthas faoi alt 105, déanfar iad a chealú nó a shealbhú ag an gcuideachta mar scaireanna cisteáin. Ní bheidh d’éifeacht ag cealú ar bith, áfach, go laghdófar méid scairchaipitil údaraithe na cuideachta. Ní féidir le luach ainmniúil na scaireanna cisteáin arna sealbhú ag cuideachta a bheith níos mó ná 10 faoin gcéad dá caipiteal cuideachta. Chomh fada agus a shealbhóidh cuideachta scaireanna cisteáin,
tá na cearta vótála (más ann) a ghabhann leis na scaireanna sin ar neamhní agus níl aon díbhinn iníoctha ach an oiread

Ordú um Nochtadh
Ciallaíonn ordú um nochtadh ordú ón gCúirt do dhuine ar bith faisnéis maidir le húinéireacht scaireanna a thabhairt. Is féidir le duine ar bith ag a bhfuil leas airgeadais i gcuideachta iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú um nochtadh. Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara fógra ar Fhoirm H2 in éineacht le cóip
den ordú a sheoladh tríd an bpost cláraithe laistigh de sheacht lá tar éis an t-ordú a dhéanamh chuig an CRO, chuig an gcuideachta etc.

Nasc: Foirmeacha              Nasc: Táille