Athrú ar na Rialacha um Chlárú Talún (An t Údarás Clárúcháin Maoine)

3ú Iúil 2012

SOILÉIRIÚ AR NA RIALACHA UM CHLÁRÚ TALÚN SAN ÚDARÁS CLÁRÚCHÁIN MAOINE

Maidir leis na teagmhálacha a rinneadh le CRO i ndáil leis an athrú ar na Rialacha um Chlárú Talún ar tugadh feidhm dó ar an 1 Márta 2012 áit a n-áiríonn nó a gcuimsíonn an t-urrús arna thabhairt ag cuideachta talamh cláraithe, fuair CRO comhairle dlí sheachtrach maidir leis an ábhar.

Foirm 114 (anois foirm 51): Dearbhaíodh don CRO go bhfuil an Fhoirm agus na téarmaí agus na coinníollacha cuimsithe i dteannta a chéile in ionannas le hidirbheart muirearaithe aonair, agus nach bhfuil sé riachtanach sonraí an idirbhirt sin a sheachadadh do CRO ach aon uair amháin agus nach bhfuil sé riachtanach ach aon iontráil amháin a dhéanamh i gclár muirear alt 103.

Foirm 115 (anois foirm 52): (Muirear sonrach um réamhíocaíochtaí reatha agus na todhchaí ag eascairt ó chruthú mhorgáiste/bhintiúr tráchtála):

Dearbhaíodh do CRO go bhfuil Foirm 115 agus an Morgáiste/Bintiúr in ionannas le hidirbheart urrúis aonair atá scaipthe thar dhá ghníomhas/dhoiciméad (nó níos mó) agus mar sin nach bhfuil sé riachtanach ach comhdú a dhéanamh aon uair amháin ar Fhoirm C1/8E áit a ndéanann cuideachta Foirm 115 ó Chlárlann na Talún a chomhlánú chomh maith leis an Morgáiste/Bintiúr ar an dáta céanna.

Má chuirtear C1/8E i gcomhad i dtaobh an Mhorgáiste/Bhintiúir agus má chuirtear C1/8E eile i gcomhad i dtaobh Fhoirm Chlárlann na Talún, a bhfuil an dáta céanna air agus atá ar an Morgáiste/Bintiúr, cuireadh in iúl don Chláraitheoir nach bhfuil sé mar oibleagáid uirthi an dara comhdú a iontráil i gclár muirear alt 103. Dá réir sin seolfaidh CRO an C1/8E breise i dtaobh Fhoirm Chlárlann na Talún ar ais chuig an té a chuir i láthair é ar an mbunús gur comhdú dúbailte atá ann, toisc gur cuireadh an ghné talún cláraithe den mhuirear san áireamh sa C1/8E a cuireadh i gcomhad i dtaobh Morgáiste/Bintiúir. Ní chláróidh CRO comhdú dúbailte den sórt sin.

Nuair a chríochnaítear Foirm 115 ó Chlárlann na Talún ar dháta eile seachas dáta an Mhorgáiste/Bhintiúir, tá dhá mhuirear ar leithligh i gceist, agus mar sin ba cheart Foirm C1/8E a chur i gcomhad agus déanfaidh CRO dhá mhuirear a chlárú i leith na cuideachta atá i gceist.

Nuair is talamh cláraithe amháin atá i gceist leis an réadmhaoin a rinneadh a mhuirearú ag cuideachta, tá sé inghlactha Foirm C1/8E a chur i gcomhad agus cóip dheimhnithe d’Fhoirm Chlárlann na Talún a sholáthar do CRO mar fhíorú, in ionad cóipe deimhnithe den Mhorgáiste/Bhintiúr a chur i gcomhad a bhfuil an dáta céanna air agus atá ar Fhoirm Chlárlann na Talún. Arís eile, níl sé riachtanach ach aon C1/8E amháin a sheachadadh do CRO sa chás seo.

Maidir le haon chás áit a n-áiríonn an réadmhaoin arna muirearú ag an gcuideachta réadmhaoin eile chomh maith le talamh cláraithe, ba cheart cóip dheimhnithe den Mhorgáiste/Bhintiúr a chur ar fáil do CRO chomh maith le Foirm C1/8E mar fhíorú, agus níor cheart cóip dheimhnithe d’Fhoirm Chlárlann na Talún a chur ar fáil.

3ú Iúil 2012

-----------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

Rinneadh athrú le déanaí ar chleachtas Chlárlann na Talún chun a bpróiseas clárúcháin a éascú i dtaobh muirear i leith talún cláraithe.

Maidir le bintiúir nó morgáistí tráchtála a forghníomhaíodh ar an 1 Márta 2012 nó ina dhiaidh, áit a bhfuil muirear sonrach ar thalamh cláraithe ceaptha chun bheith mar chuid den urrús, ní mór Foirm 115 ó Chlárlann na Talún a sheoladh chuici. Ní gá a thuilleadh an gníomhas muirir iarbhír a chomhdú le Clárlann na Talún. Is í Foirm 114 an fhoirm nua a úsáidfear chun muirear i ndáil le talamh cláraithe a chlárú le Clárlann na Talún le húsáid anois agus sa todhchaí. Leagan simplí giorraithe den mhuirear atá i bhfoirmeacha nua Chlárlann na Talún. Féach láithreán gréasáin an Údarás Clárúcháin Maoine le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil. Ní rachaidh na hathruithe riaracháin sin i bhfeidhm ar nósanna imeachta sa CRO.

Go háirithe, ní eascróidh ceanglas chun Foirm C1 breise a chur i gcomhad leis an CRO ón nós imeachta nua a thug an PRA isteach. Is gá Foirm C1 a chur i gcomhad nuair a chruthaíonn cuideachta urrús. Ní chruthóidh an chuideachta sin aon mhuirear breise nuair a dhéanfaidh sí Foirm Chlárlann na Talún a chomhlánú chun an muirear a chlárú le Clárlann na Talún. Níl Foirm 114/115 ó Chlárlann na Talún in ionannas le tarlúint urrúis ar leithligh ach eascraíonn siad ón ngníomhas muirir agus sliocht den ghníomhas muirir sin atá iontu go bunúsach. Níor cheart ach aon C1 amháin a chur i gcomhad leis an CRO áit ar tharla gníomhas muirir agus ar cuireadh Foirm 114/115 i gcomhad le Clárlann na Talún. Áit nár shínigh ach páirtí amháin san idirbheart an C1, ní mór cóip dheimhnithe den ghníomhas a chruthaíonn an muirear a chur faoi iamh (ní hé Foirm 114/115 atá i gceist ach an príomhghníomhas muirir) leis an C1.

I gcás go seoltar Foirm C1 atá sínithe ag páirtí amháin chuig an CRO le Foirm 114/115 ní dhéanfaidh CRO í sin a chlárú. Ní bheidh an té a chuir an fhoirm i láthair in ann clárú a fháil ach má chuirtear cóip dheimhnithe den ghníomhas muirir ar fáil do CRO in éineacht leis an C1.

Leathanach Morgáistí/muirir