Tá céatadán ard de chustaiméirí an CRO ag baint leas cheana féin as na buntáistí a bhaineann le comhdú leictreonach, rud atá ag cruthú coigilteas suntasach ó thaobh costais pháipéir, costais phriontála, costais phostais agus táillí comhdúcháin de le blianta beaga anuas. B’ionann agus geall le 80%, nó níos mó ná sin, an céatadán d’fhoirmeacha B1, B2, B10 agus B73 a comhdaíodh go leictreonach leis an CRO sa bhliain 2016. Is iad seo na príomhbhuntáistí a bhaineann leis na doiciméid sin a chomhdú
go leictreonach:
Athruithe ar Fhoirmeacha B2, B10 agus B73 a chomhdú Is é an t-aon athrú amháin atá ann ná nach mbeifear in ann foirmeacha B2, B10 agus B73 a chomhdú ar pháipéar tar éis an 1 Meitheamh 2017. Athruithe ar Fhoirm B1 a chomhdú tar éis an 1 Meitheamh Ón 1 Meitheamh 2017 i leith, is go leictreonach amháin a bheifear in ann foirm B1 agus cuntais airgeadais a chomhdú agus íoc as tuairisceán bliantúil. Mar sin féin, ní mór an leathanach sínithe a phriontáil, a shíniú agus a chur isteach de láimh chuig an CRO fós (mura sínítear é go digiteach ach ROS a úsáid).
I gcás deontóirí a chomhdaigh foirmeacha B1 go leictreonach san am atá thart, is iad seo na príomhathruithe a bheidh ann ón 1 Meitheamh ar leith: Comhad PDF de Ráitis Airgeadais:
Íocaíocht Leictreonach:
Foirm a chomhdú go leictreonach den chéad uair Is féidir gach foirm a chomhdú go leictreonach ach úsáid a bhaint as an gcóras comhdúcháin ar líne dar teideal CORE https://core.cro.ie/ atá i bhfeidhm ag an CRO nó as pacáiste bogearraí rúnaíochta. Chun foirm a chomhdú go leictreonach ar CORE, ní mór duit clárú mar úsáideoir nua ar dtús. A luaithe atá tú cláraithe, is féidir leat logáil isteach. Ina dhiaidh sin, beidh tú in ann dul chuig “Foirm a Chomhdú”, an fhoirm atá le cur isteach (e.g. B1) a roghnú agus í a chomhlánú. Tá naisc ann ar CORE chun cabhrú leat má thagann tú ar aon deacrachtaí agus tú ag comhdú ar líne. Foirm B1 atá comhdaithe go leictreonach a shíniú Agus foirm B1 á comhdú aici, tá trí bhealach ann inar féidir le cuideachta an fhoirm a shíniú. Is bunaithe ar an mbealach roghnaithe a chinnfear cé na doiciméid eile, más ann dóibh, nach mór iad a sheachadadh chuig an CRO.
1 Síniú de Láimh Ní mór an leathanach sínithe a bheith priontáilte amach agus sínithe ag Stiúrthóir agus ag Rúnaí. Ní mór an leathanach sínithe a sheoladh ansin chuig an CRO, Bóthar Uí Bhriain, Co. Cheatharlach. Ní bheidh an cur isteach críochnaithe go dtí go mbeidh an leathanach sínithe de láimh faighte ag an CRO.
2 Déanfaidh Gníomhaire Comhdúcháin Leictreonaigh na cuideachta an fhoirm a shíniú go digiteach ach úsáid a bhaint as Deimhniú ROS (Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim): Dhá leathanach – (1) Leathanach Paiste (a soláthrófar le CORE/pacáiste bogearraí é) atá le seachadadh le (2) Deimhniú Foriomlán do na ráitis airgeadais uaslódáilte, atá sínithe ag Stiúrthóir agus ag Rúnaí
3 Déanfaidh Stiúrthóir agus Rúnaí foirm B1 a shíniú go digiteach ach úsáid a bhaint as Deimhnithe ROS (Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim): Gan pháipéar – Leictreonach go hIomlán – ní bheidh aon doiciméad le seachadadh go fisiciúil chuig an CRO Sínithe ar Ráitis Airgeadais Maidir le ráitis airgeadais arna gcur faoi bhráid an CRO, ní gá go mbeidh síniú lámhscríofa na Stiúrthóirí ná na nIniúchóirí iontu. Ina ionad sin, ní mór go mbeidh na nithe seo a leanas i ráitis airgeadais arna gcomhdú leis an CRO:
Nithe tábhachtacha atá le tabhairt faoi deara agus foirm B1 á comhdú:
Tuilleadh Faisnéise