Cuardaigh an Suíomh Ábhair Chabhrach

Tá an liosta d’ábhair chabhrach ar an leathanach seo le haghaidh Shuíomh Cuardaigh an OCC. Cuimsítear gach gné den Suíomh Cuardaigh anseo. Má tá tuilleadh cúnaimh uait, déan teagmháil leis an Aonad Eolais san OCC ag info@cro.ie nó trí na sonraí teagmhála eile atá ar fáil ar an leathanach Teagmhála a úsáid, le do thoil.

Conas a chuardaítear Comhlacht?

Téigh go dtí an leathanach Cuardaigh Comhlachta. Cuir ainm nó uimhir isteach chun eolas a fháil faoi ainm comhlachta nó gnólachta. Sainigh cuardaigh ainmneacha chomh beacht agus is féidir, le do thoil - tá bunachar sonraí LIVE CRO á chuardach agat, rud a bhíonn á úsáid go tiubh.

ar ais go barr

Cén cineál Comhlachtaí is féidir liom a chuardach?

Is féidir leat clár na nAinmneacha Comhlachtaí agus Gnólachtaí nó an dá rud a chuardach ag an am céanna. Tá gach comhlacht teoranta i gclár na gComhlachtaí. Is clár d’ainmneacha trádála é clár na nAinmneacha Gnólachtaí, ar ghlac duine aonair, comhpháirtíocht nó comhlacht corparáideach leis. Ní féidir leat Cumainn Tionscail agus Soláthair, Cara-Chumainn ná Ceardchumainn a chuardach. Tá cóip comhad pdf de chlár na gComhpháirtíochtaí Teoranta ar fáil ar an suíomh. Féach rannóg na bhFoilseachán agus na bhFoirmeacha. Chun cumann a lorg, féach Cuardach RFS.

ar ais go barr

Cén chaoi a n-oibríonn an cuardach Ainm Comhlachta?

Is féidir ainm comhlachta nó gnólachta a chuardach. Is ionann ainm gnó agus ainm trádála atá glactha ag duine aonair nó ag comhlacht/comhpháirtíocht. Is féidir leat cuardach le meaitseáil bheacht nó trí chuardach Sórtála Alfa, rud a bhaineann poncaíocht agus spásanna. Tá ceithre chuardach fhéideartha ainmneacha ann:

- Cuardaítear ainmneacha ina bhfuil na focail seo le 'Ina bhfuil na focail seo go léir' (molta)

- Cuardaítear ainmneacha a thosaíonn leis an bhfrása seo le 'Tosaíonn sé leis an bhfrása seo'

- Cuardaítear ainmneacha ina bhfuil an frása seo le 'Ina bhfuil an frása seo'.

- Is teaghrán é an cuardach sórtála alfa thíos a chruthaítear trí fhocail choitianta a bhaint, amhail ‘Éire’, ‘Teoranta’, ‘An’, ‘Agus’ srl. agus trí spásanna, uaschamóga, fleiscíní srl. a bhaint ó ainm an chomhlachta. Má theastaíonn uait cuardach sórtála alfa a dhéanamh, ba chóir duit déanamh amhlaidh. Is féidir cuardaigh ainmneacha a chaolú trí shonraí seoltaí a chur san áireamh.

ar ais go barr

Conas a oibríonn rogha na Sórtála Alfa?

Is féidir leat seiceáil tríd an gcuardach sórtála alfa a úsáid, rud a bhaineann poncaíocht, bearnaí idir na focail agus focail choitianta amhail "Éire", "Teoranta" agus "An". Is féidir an cuardach sórtála alfa a úsáid sa chás go bhfuil "SEO. TÁSTÁIL Teoranta" á chuardach, mar shampla. Ní gá ach "Seotástáil" a chur isteach sa chuardach alfa. Tá an "-" agus an "." bainte. I gcás go bhfuil comhlacht darb ainm "THE TRIED LOOKING & TESTED Limited" á lorg, ní gá ach "Triedlookingte" a chur isteach chun an ghnólacht a aimsiú.

ar ais go barr

Céard ba chóir dom a dhéanamh mura bhfuil mé in ann an Comhlacht atá uaim a aimsiú?

Mura bhfuil tú in ann teacht ar shonraí an Chomhlachta atá uait, bain triail as rogha na Sórtála Alfa ar an leathanach Cuardaigh. Baineann an rogha cuardaigh Sórtála Alfa poncaíocht, spásanna agus focail amhail "as" agus "an" ón gcuardach.

ar ais go barr

An féidir liom Seoladh a chur san áireamh sa Chuardach?

Is féidir. Ach má theastaíonn uait cuardach le seoladh, is gá an paraiméadar ainmneacha a úsáid chomh maith. Sainíonn sé seo an cuardach i réimse ar leith.

ar ais go barr

An bhfuil aon rud ann ar chóir dom a bheith ar an eolas faoi nuair a bhím ag cuardach de réir Uimhir Comhlachta?

Tá - Is féidir leat ainm comhlachta nó gnólachta a chuardach le hUimhir Comhlachta. Is comhlachtaí seachtracha iad na comhlachtaí a bhfuil uimhreacha atá níos mó ná 900000 ag baint leo - Comhlachtaí a corpraíodh thar lear, ach a bhfuil Brainse nó Áit Ghnó cláraithe acu in Éirinn. Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcaithfidh tú ceist slándála a fhreagairt nuair a bhíonn tú ag cuardach de réir Uimhir Comhlachta, chun cosc a chur le gabháil na sonraí go léir ón OCC ag róbait uathoibríocha gabhála scáileáin.

ar ais go barr

Cé na cineálacha comhad inar féidir liom Doiciméid a ordú?

Cé na cineálacha comhad inar féidir liom Doiciméid a ordú?

Ní bhíonn asphrionta comhlachta ar fáil ach mar chomhaid PDF. Má theastaíonn uait PDF a oscailt, is gá duit Adobe Reader a íoslódáil ó shuíomh gréasáin Adobe.

Is féidir gach doiciméad eile a ordú mar PDF nó TIF. Is féidir TIF a oscailt le hAmharcóir Íomhánna amhail Microsoft Picture and Fax Viewer, Microsoft Document Imaging nó feidhmchlár comhchosúil ar bith. Tá feidhmchlár suiteáilte ar an gcuid is mó ríomhairí pearsanta a ligfidh duit breathnú ar chomhaid TIF.

ar ais go barr

Cén cineál doiciméad is féidir liom a cheannach leis an suíomh gréasáin Cuardaigh?

Cén cineál doiciméad is féidir liom a cheannach leis an suíomh gréasáin Cuardaigh? Is féidir leat Asphriontaí Comhlachta a cheannach, chomh maith le doiciméid ar bith atá stóráilte againn go leictreonach le haghaidh comhlachta. Déantar scanadh ar gach doiciméad nach mór san OCC tamall gearr tar éis dóibh a bheith faighte agus is féidir leatsa iad seo a cheannach.

.

ar ais go barr

Céard iad na muirir ar na cineálacha éagsúla doiciméad?

Seo a leanas na muirir ar dhoiciméid faoi láthair:

Asphrionta Comhlachta - €3.50

Doiciméid Taiscthe - €2.50

Teastais Dhúblacha - Saor in Aisce. Tá siad seo beartaithe le haghaidh úsáid earnála poiblí amháin. Féach ar chabhair le Teastas Dúblach Gréasáin, le do thoil.

ar ais go barr

Céard é an tagairt atá de dhíth nuair a bhím ag cur mo sheoladh ríomhphoist isteach?

Céard é an tagairt atá de dhíth nuair a bhím ag cur mo sheoladh ríomhphoist isteach?

Is féidir an tagairt a cuireadh isteach a úsáid chun do ceannachán a aithint, más gá duit teagmháil a dhéanamh leis an OCC agus doiciméad nach bhfuair tú a fháil. Úsáidfear é chomh maith i líne ábhair an ríomhphoist a gheobhaidh tú tar éis duit ceannachán a dhéanamh.

ar ais go barr

Cén fhad ar chóir dom fanacht chun doiciméid a fháil?

Cén fhad ar chóir dom fanacht chun doiciméid a fháil?

Is gnách go seoltar doiciméid leictreonacha mar ríomhphost taobh istigh de 1 uair amháin ó ordaíodh iad.

ar ais go barr

An féidir Teastais Dhúblacha Ghréasáin a ordú saor in aisce?

Is féidir. Is féidir leat Teastais Dhúblacha Ghréasáin a ordú saor in aisce ó scáileán na dTeastas Dúblach Gréasáin. Tá siad seo ann le haghaidh úsáid earnála poiblí amháin. Má theastaíonn uait an Teastas Dúblach Gréasáin a ordú, is gá don Uimhir Comhlachta nó uimhir Ainm Gnólachta a bheith ar eolas agat. Iarrfar ort ansin an tAinm Comhlachta/Gnólachta a dheimhniú, chomh maith le do sheoladh ríomhphoist a chur isteach.

ar ais go barr

Ba mhaith liom cuntas a oscailt leis an OCC. Conas is cóir dom é seo a dhéanamh?

Má theastaíonn uait Cuntas a oscailt leis an OCC ar mhaithe le doiciméid a cheannach nó comhdú ar líne, féach ar na treoracha maidir le cuntas taisce a oscailt, le do thoil. Is gá foirm a/c1 a chomhlánú agus a sheoladh isteach chuig an OCC in éineacht le híocaíocht.

ar ais go barr

Céard ba chóir dom a dhéanamh má rinne mé dearmad ar mo shonraí Logála Isteach le haghaidh mo Chuntais?

Má tá d’Uimhir Custaiméara ar eolas agat, ach mura bhfuil cuimhne agat ar do UAP (PIN), is féidir leat socrú a dhéanamh ionas go seolfar do shonraí Logála Isteach chugat i ríomhphost. Cuir isteach d’Uimhir Custaiméara agus an Seoladh Ríomhphoist a bhaineann le do chuntas ar an leathanach dar teideal Dearmad Déanta ar Shonraí Logála Isteach. Seolfar do shonraí chugat i ríomhphost taobh istigh de 10 nóiméad.

Mura bhfuil cuimhne agat ar d’Uimhir Custaiméara ná ar an Seoladh Ríomhphoist a úsáideann tú le do chuntas de ghnáth, beidh ort dul i dteagmháil leis an Aonad Eolais san OCC trí ghlaoch gutháin a chur ar 00353 (0)1 8045200 nó Íosghlao ar 1890 220 226. (Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfadh rátaí éagsúla a bheith á ngearradh ag soláthraithe seirbhíse éagsúla nuair a bhíonn tú ag glaoch ar uimhreacha 1890)

ar ais go barr

Cén fáth a logáiltear amach as suíomh an OCC mé uaireanta tar éis dom a bheith neamhghníomhach ar feadh roinnt nóiméad?

Cén fáth a logáiltear amach as suíomh an OCC mé uaireanta tar éis dom a bheith neamhghníomhach ar feadh roinnt nóiméad?

Logálfar thú amach as an Suíomh Cuardaigh tar éis tréimhse de bhreis is cúig nóiméad, mar bheart slándála chun do chuntas a chosaint. Glanfar aon nithe atá i do Chiseán amach chomh maith mura ndéantar aon ghníomhú taobh istigh de chúig nóiméad.

ar ais go barr

Cé na cártaí creidmheasa a nglacann an OCC leo?

Glacann an OCC le Visa agus MasterCard.

ar ais go barr