Cuntais Chustaiméara an CRO

Soláthraíonn an CRO seirbhís do chustaiméirí trínar féidir leat Cuntas Custaiméara a oscailt ar féidir leat airgead a thaisceadh ann agus táillí a mhuirearú ina leith gach uair a dhéanfaidh tú doiciméad a chomhdú nó doiciméid a ordú ón áis chuardaigh ar shuíomh Gréasáin an CRO - www.cro.ie.

Féadfar taiscí a chur le cuntas ar líne le cárta creidmheasa nó cárta dochair, le seic, nó le Nóta Creidmheasa de chuid an CRO. Ní mór Cuntais a choimeád ar sochar i gcónaí. Ansin féadfar an Cuntas a úsáid mar seo a leanas:

  • Nuair a chomhdaítear doiciméid leictreonacha leis an CRO trí phacáistí bogearraí, déantar na táillí a mhuirearú go huathoibríoch ar Chuntas Custaiméara.
  • Sa chás ina bhfuil ríomhchomhdú á dhéanamh trí CORE, ba chóir don té atá ag comhdú an doiciméid tic a chur sa bhosca agus PIN a chur isteach chun asbhaint na táille as an gCuntas a údarú ag céim na gabhála.
  • Sa chás ina bhfuil doiciméid láimhe/páipéir á gcomhdú, féadfar an táille a íoc le seic, le hairgead tirim, le dréacht bainc nó le hordú poist/airgead, nó féadfar í a chur de mhuirear ar Chuntas Custaiméara.
  • Nuair a bhaintear úsáid as an áis um Chuardach cuideachta, is féidir íocaíocht a dhéanamh le cárta creidmheasa nó cárta dochair trí shuíomh Gréasáin an CRO.

Cuntais a Oscailt

Tá dhá bhealach inar féidir Cuntas a oscailt.

1. Féadfar cuntais a oscailt ar líne: téigh go dtí Cuntas ar líne agus roghnaigh 'Níl cuntas agat? Cláraigh anois', comhlánaigh an fhaisnéis agus cliceáil ar 'Cuir an t-iarratas isteach'

2. Féadfar cuntais a oscailt leis an bhfoirm Ac1, atá le fáil ag Cuntas Taisce a Oscailt, agus féadfar an fhoirm sin a chomhlánú sula ndéanfar í a phriontáil. Seol an fhoirm chomhlánaithe go dtí Rannóg na gCuntas Custaiméara, CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.

Nuair a bheidh an Cuntas oscailte, seolfar ríomhphost ina mbeidh uimhir an Chuntais agus an PIN. Teastóidh na sonraí sin chun íocaíochtaí a dhéanamh ón gCuntas ar líne agus chun an Cuntas a nascadh le cuntas https://core.cro.ie i gcomhair ráiteas.

Tabhair faoi deara gurb ann do rogha maidir le tic a chur chun íocaíocht a dhéanamh i leith comhdú a dhéanamh ar fhoirmeacha láimhe. Má chuirtear tic leis an rogha sin, seolfar leabhar Foirmeacha Údaraithe Íocaíochta ar an bpost chuig seoladh an Chuntais. Níor cheart na foirmeacha sin a iarraidh ach amháin sa chás ina mbeidh doiciméid á gcur faoi bhráid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí de láimh.

Má táthar ag oscailt Cuntas Custaiméara CRO chun úsáid a bhaint as áis Chuardaigh an CRO, agus don chuspóir sin amháin, ní bheidh gá le Foirm Údaraithe Íocaíochta agus níor cheart leabhar foirmeacha a ordú.

Airgead a Lóisteáil sa Chuntas

Is féidir airgead a lóisteáil sa Chuntas le Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair ar líne ag Cuntas ar líne. Tabhair faoi deara go gcaithfidh na cártaí a bheith cumasaithe maidir le 3D.

Tabhair faoi deara nach féidir leis an CRO glacadh le híocaíocht Chárta Creidmheasa ar an teileafón.

CORE

Ar an scáileán tar éis duit logáil isteach, roghnaigh Uirlisí CORE. Roghnaigh Cuir Cuntas leis agus taispeánfar scáileán ina n-iarrfar Uimhir an Chuntais agus PIN

Ráitis agus Idirbhearta le Déanaí ar CORE

Tá fáil ar na sonraí go léir maidir le Cuntas Custaiméara, lena n-áirítear idirbhearta agus ráitis le déanaí, ar www.core.ie. Beidh ort clárú le CORE más rud é nach bhfuil sin déanta agat cheana féin. Nuair a bheidh tú cláraithe agus logáilte isteach, cliceáil ar 'Mo Chuntais', cliceáil ar 'Cuir leis', agus cuir isteach d'uimhir chustaiméara agus do PIN. Nascfar do shonraí Cuntais le do chuntas CORE. Ní bheidh ort an méid sin a dhéanamh ach uair amháin agus beidh do chuid sonraí go léir ar fáil gach uair a logálfaidh tú isteach go dtí CORE agus a roghnóidh tú 'Mo Chuntais'.

Féadfar https://core.cro.ie a úsáid chun foirmeacha a ríomhchomhdú leis an CRO.

Athruithe ar Chuntas

Is féidir athruithe a dhéanamh ar aon sonraí Cuntais (m.sh. seoladh, sonraí teagmhála) trí ríomhphost a sheoladh chuig cro.customer.accounts@dbei.gov.ie atá marcáilte lena chur faoi bhráid rannóg na gCuntas Custaiméara, nó trí scríobh chuig Rannóg na gCuntas Custaiméara, CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.

Foirmeacha Údaraithe Íocaíochta a Úsáid

Cuirtear in iúl dóibh siúd a bhfuil Cuntas Custaiméara acu go mbeidh gá le Foirm Údaraithe Íocaíochta sna cásanna seo a leanas:

  • (a) Gach comhdú páipéir ina bhfuil an táille á mhuirearú ar Chuntas, agus
  • (b) ríomhchomhduithe trí CORE sa chás NÁR chuir an té a bhfuil doiciméad á chomhdú aige nó aici tic sa bhosca agus nár cuireadh isteach PIN maidir le híocaíocht a dhéanamh trí Chuntas nuair a bhí an doiciméad á ghabháil, ach go mbeartaítear ina dhiaidh sin íoc trí Chuntas.

Ní bhíonn gá le Foirm Údaraithe Íocaíochta sna cásanna seo a leanas:

  • (c) ríomhchomhduithe trí phacáistí bogearraí (déantar na táillí a mhuirearú go huathoibríoch ar Chuntas sa chás sin), agus
  • (d) ríomhchomhduithe trí CORE sa chás inar chuir an té a bhfuil doiciméad á chomhdú aige nó aici tic sa bhosca agus gur cuireadh isteach PIN chun asbhaint na táille ón gCuntas a údarú ag céim na gabhála.

Tabhair faoi deara nach mór úsáid a bhaint as foirm oifigiúil Údaraithe Íocaíochta, arna heisiúint ag an CRO, i ngach cás ina bhfuil ceann ag teastáil.

Tá leabhair de na foirmeacha sin ar fáil ach iad a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig cro.customer.accounts@dbei.gov.ie nó litir a chur chuig an CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.

Féadfar féachaint ar iarmhéideanna na gCuntas Custaiméara agus airgead a chur leo ar líne le cárta creidmheasa nó cárta dochair ag https://core.cro.ie.