Deimhniú Dúblach

Deimhniú Dúblach a Fháil gan Síniú Bunúsach

Féadann tú Deimhniú Dúblach a fháil le haghaidh úsáide earnála poiblí amháin - saor in aisce, go simplí trí sheoladh r-phoist agus uimhir agus ainm na cuideachta/an ghnó a iontráil. Iarrfar ort an t-ainm a dheimhniú sula leanfaidh tú le do sheoladh r-phoist a iontráil. Déanfar é sin mar féadann tú ainm gnó nó deimhniú cuideachta a ordú agus ba cheart duit cinntiú go bhfuil an ceann ceart roghnaithe agat sula leanfaidh tú ar aghaidh. Féadann tú d’uimhir a sheiceáil leis an tSaoráid Cuardaigh Cuideachta a úsáid.

Nasc le Saoráid Deimhnithe Dúblacha

Seoltar an deimhniú dúblach i bhformáid PDF sa r-phost. Bheadh Acrobat Reader de dhíth chun amharc ar dhoiciméid PDF agus is féidir é a íoslódáil saor in aisce o láithreán gréasáin Adobe - www.adobe.comLinks to external website.

Deimhniú Dúblach a Fháil a bhfuil Síniú Bunúsach air

Tá trí bhealach ann chun an deimhniú seo a fháil.

Nóta Tábhachtach: Custaiméirí ar mian leo doiciméid a cheannach ón Oifig Phoiblí. Ní mór gach iarraidh chun litreacha stádais, deimhnithe dúblacha nó aon doiciméid dheimhnithe eile a cheannach a chur isteach roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig postalenquiries@dbei.gov.ie. Beidh na doiciméid ar fáil lena mbailiú/lena seoladh sa phost laistigh de 24 huaire ón iarraidh a fháil.

1. Buail isteach ar an oifig phoiblí ag Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, áit a bhfaighidh tú deimhniú gearr (gan seanainmneacha ar an deimhniú). Uaireanta ní féidir deimhniú fhada a ghiniúint (ag taispeáint gach seanainm) ag am an iarratais. Sna cásanna sin cuirfear an deimhniú ar fáil i gcionn dhá nó trí lá oibre agus is féidir é a thógáil ansin nó é a chur sa phost chuig an gcustaiméir.

2. Scríobh chuig Fiosrúcháin Phoist, An Oifig um Chlárú Cuideachta, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, ag lua ainm agus uimhir na cuideachta/an ghnó (má tá ar fáil). Más cuí, léirigh más mian leat seanainmneacha na cuideachta a thaispeáint ar an deimhniú dúblach.

3. Má tá cuntas agat leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, féadann tú d'iarratas a sheoladh mar r-phoist chuig: postalenquiries. Luaigh ainm do chuntais, údarú íocaíochta ó do chuntas agus más mian leat go seolfar an deimhniú chugat nó go dtógfar é.

Is €12 táille ar Dheimhniú Dúblach.