Nuachtlitir

Nuachtlitir CRO

Foilseachán is ea nuachtlitir r-phoist CRO atá ar fáil do gach síntiúsóir. Foilsítear uair sa mhí í, agus eisítear ríomhirisí eatramhacha i gcás a dtugtar an láithreán gréasáin síos le haghaidh deisithe srl. Léiríonn an nuachtlitir athrú ar bith don reachtaíocht a chuireann isteach ar chleachtais CRO, na foirmeacha nua atá tugtha isteach, athruithe ar uaireanta oscailte srl.

Formaid/Sampla Nuachtlitreach

Eisítear nuachtlitir r-phoist CRO i bhformáid téacs amháin. Bíonn hipearnaisc i ngach r-phost téacs chuig codanna ábhartha an láithreáin gréasáin (más gá). Is féidir nach ligfidh d'fheidhmchlár r-phoist roinnt URL fada a chur ar líne amháin. Níl le déanamh ach an nasc iomlán a chóipeáil agus a ghreamú isteach i réimse seolta do bhrabhsálaí nó amharc ar chartlann na Nuachtlitreacha ar an láithreán.

Féach Cartlann na Nuachtlitreacha Eisiúint 185 mar shampla den r-phost a eisíodh.

Liostáil/Díliostáil

Le liostáil leis an tseirbhís r-phoist iontráil do sheoladh r-phoist , is féidir leat liostáil/díliostáil seol r-phost chuig Nuachtlitir CRO.

Ráiteas Slándála

Le clárú lenár seirbhís nuachtlitreach r-phoist, ná tabhair ach do sheoladh r-phoist dúinn, agus coimeádfaidh an CRO é seo chun an nuachtlitir a sheoladh duit. Má chuireann tú do liostáil leis an nuachtlitir r-phoist ar ceal am ar bith, coimeádfaimid do sheoladh r-phoist chun taifead a choimeád maidir le do liostáil leis an tseirbhís nuachtlitreach ach ní bhainfidh CRO úsáid as ar chúis ar bith eile.