Bogearraí rúnaíochta

D'oibrigh roinnt soláthraithe Pacáistí Rúnaíochta leis an CRO chun na formeacha a chuimsiú atá ar fáil le comhdú go leictreonach ina gcuid pacáistí m.sh. an Thairiseaán Bliantúil B1.

Seo thíos liosta de na soláthraithe a bhfuil foirmeacha leictreonacha cuimsithe ina gcuid bogeattaí.

  • Computershare Governance Services
  • The Company Shop / ICSA Software
  • Relate Software
  • Sage Ireland
  • Cuideachta bogearraí ar bith ar mian leo bogearraí oiriúnach a sholáthair do chliaint, ní mór dóibh na sonraíochtaí atá ceangailte thíos a íoslódáil agus a léamh agus teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Ríomhchomhdaithe.

    Sonraíocht B1: pdf logo B1 Specification (0.04 MB, Adobe PDF)

    Déanfar fíorú na dtuairisceán a oibriú trí chlárú na láithreoirí ag CRO, láithreoirí a sheolfaidh na tuairisceáin isteach agus iad ag úsáid ríomhshínithe atá sannta d’oifigigh na cuideachta (stiúrthóirí agus rúnaí).

    Láithreoirí

    Duine nó comhlacht ar mian leo tuairisceáin a chomhdú tar cheann cliant, déanfaidh siad amhlaidh a chlárú leis an CRO. Bainfidh láithreoirí úsáid as ardleibhéal slándála chun tuairisceáin a sheoladh isteach sa dóigh gur féidir leis an CRO aitheantas an tseoltóra a chinntiú ar gach tuairisceán.

    Sínithe

    Stiúrthóir nó rúnaí ar mian leo ríomhshíniú a dhéanamh ar thuairisceáin:

    Tá freagracht ar oifigigh na cuideachta cinntiú go mbaintear úsáid as Deimhniú ROS mar is ceart.

    Doiciméid:

    • a sholáthraíonn GRR a bhfuil údarás cuideachta faighte aige/aici, agus
    • a sholáthraíonn deimhniú ROS de chuid sínitheoirí deimhnithe an GRR,

    bíonn na doiciméid seo sínithe ag an nGRR sin de réir Achtanna na gCuideachtaí agus an Achta um Thráchtáil Leictreonach 2000.

    Cad é atá de dhíth orm chun an tseirbhís seo a úsáid?

    Chun leas a bhaint as an tseirbhís seo beidh na nithe seo a leanas de dhíth ar láithreoirí:

    • Cuntas leis an CRO a bhfuil sochar ann; Féach Oscailt Cuntais
    • pacáiste bogearraí rúnaíochta na cuideachta a bhfuil tacú ann don fheidhmiúlacht seo; rochtain ar an idirlíon;
    • deimhniú cliaint digiteach a mbaintear úsáid as chun ríomhaitheantas a chur ar láithreoir; ar éirí le próiseáil d’iarratais, déanfaidh an CRO deimhniú digiteach pearsanta a eisiúint don teagmhálaí atá ainmnithe ar an bhfoirm seo trí r-phost. Is é an CRO an tÚdarás Deimhniúcháin (CA) an deimhnithe seo. Is ionann deimhniú digiteach pearsanta agus cárta aitheantais agus is le húsáid i gcomhar leis an táirge bogearraí rúnaíochta cuí é. Déanfaidh sé aitheantas seoltóir na ríomhdhoiciméad ábhartha a dheimhniú.
    • le clárú mar láithreoir ag úsáid na Foirme J1a;

    Cad é mar oibríonn sé?

    Déanann an láithreoir tuairisceán bliantúil a ullmhú mar is gnáth agus é ag baint úsáide as pacáiste bogearraí rúnaíochta na cuideachta a bhfuil tacú ann do r-chomhdú don CRO.

    Déanfar an tuairisceán a shíniú ag baint úsáide as Deimhniú ROS a tugadh don stiúrthóir/rúnaí, ag úsáid mheicníochta a sholáthraíonn soláthraí na mbogearraí rúnaíochta.

    In áit an fhoirm thuairisceáin bhliantúla a phriontáil amach, féadann tú rogha seolta a roghnú. Seolfaidh sé seo an tuairisceán ríomhshínithe don CRO. Tabharfaidh do bhogearraí féin an leathanach clúdaigh le seoladh le haon cheangaltán, m.sh, Cuntais.

    Beidh tú in ann stádas do thuairisceán a sheiceáil ag úsáid do bhogearraí rúnaíochta. Cuirfear in iúl duit faoi aon doiciméid a seoladh ar ais tríd do bhogearraí rúnaíochta, ag brath ar an dóigh a n-oibríonn do phacáiste bogearraí rúnaíochta. Ní mór gach ceangaltán a fháil sa CRO laistigh de 28 lá a fuarthas an ríomhtheachtaireacht. I gcás ina n-éilítear ceangaltáin agus nach bhfuarthas iad laistigh de na 28 lá déanfar an doiciméad a scriosadh agus measfar nach bhfuarthas é.

    Cad é mar a íocfar as an tseirbhís?

    Déanfar dochar do chuntas CRO an láithreora ar chlárú ábhair a cuireadh isteach, is é sin, ar sheiceáil an doiciméid agus ar ghlacadh leis don CRO.

    Cathain go meastar go bhfuarthas tuairisceán sa CRO?

    Measfar go bhfuarthas tuairisceán nuair a fhaightear leathanach clúdaigh in éineacht le haon cheangaltán a éilítear sa CRO. Ní mór iad seo a fháil sa CRO laistigh de 28 lá a fuarthas an ríomhtheachtaireacht.

    Cad é a tharlóidh má tá pionóis ar chomhdú déanach i gceist?

    Déanfar an táille ar chomhdú déanach a ríomh agus a shocrú mar atá dlite ag am a bhfuarthas an ríomhtheachtaireacht sa CRO. Cuirfear méid an phionóis ar chomhdú déanach in iúl tríd do phacáiste bogearraí rúnaíochta féin. Ní bhreacfar do dhochar pionós ar chomhdú déanach go dtí go bhfaightear na cuntais.

    An gcaithfidh mé pacáiste bogearraí rúnaíochta a úsáid?

    Ní hea, is féidir foirmeacaha a chomhdú go leictreonach trí https://core.cro.ie

    An mbeidh athrú ar shonraíocht do struchtúr an chomhaid?

    Tá na sonraíochtaí le haghaidh forimeacha forbartha i gcaighdeán XML ordaithe ar a d'fhéadhfadh go n-athrófaí iad ach tabharfar fógra má dhéantar amhlaidh.

    An féidir le cuideachta bheith mar a láithreoir féin?

    Is féidir.

    Cén fáth nach féidir liom cuntais a ríomhchomhdú?

    Ní formáid do chuntais socraithe againn fós.

    Tugann CRO tacaíocht don tionscnamh XBRL, tionscal chun formáid chaighdeánach a shainiú chun sonraí cuntas a chomhdú agus nuair a dhéanfar formáid do chuntais a fhorbairt de réir cheanglais Achtanna na gCuideachtaí Éireannacha, beidh áthas orainn ríomhchuntais a ghlacadh isteach. Táimid i mbun pléite leis an ngairm chuntasaíochta chuige sin.

    Cad é a dhéanfaidh mé má bhíonn ceisteanna eile agam?

    Féadann tú r-phost a sheoladh chugainn ag an Rannóg Ríomhchomhdaithe.

    Téarmaí agus Coinníollacha

    Cuireann an leathanach seo sonraí ar fáil a bhaineann le ríomhchomhdú doiciméad ina n-iomláine leis an CRO.

    Foirmeacha a éilítear le clárú

    • J1a - Iarratas chun gníomhú mar Ghníomhaire reachtúil ríomhcomhdaithe

    Nasc: Foirmeacha