Is féidir cuideachtaí beaga bheith díolmhaithe ó na ceanglais iomlán a bhaineann le cuntais bhliantúla maidir le haon bhliain airgeadais lena mbaineann más rud maidir leis an mbliain sin agus an bhliain airgeadais atá díreach roimh an mbliain sin, go gcomhlíonann an chuideachta dhá cheann de na trí choinníoll mar seo a leanas:
(Baineann Alt 280A d’Acht na gCuideachtaí 2014.) Ní mór dá cuid iniúchóirí deimhniú go bhfuil teideal díolúine ag cuideachta ar bhonn a méide.
Ráitis "díolúine ar bhonn méid/giorrú" i gcás cuideachta bheag: Cuideachta a bhfuil an "díolúine ar bhonn méid/giorrú" á héileamh aici, ní mór di Tuarascáil na nIniúchóirí do na stiúrthóirí a chomhdú agus ní mór di an méid seo a leanas a lua ar a Clár Comhardaithe: Sonraíonn mise/muidne, i mo cháil nó inár gcáil mar stiúrthóir nó stiúrthóirí (ainm na cuideachta) – Gur bhraith an chuideachta ar an díolúine atá in alt 352 d'Acht na gCuideachtaí 2014; go ndearna an chuideachta é sin ar na forais go bhfuil sí i dteideal tairbhe a bhaint as an díolúine mar chuideachta bheag agus deimhním nó deimhnímid go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe ullmhaithe go cuí de réir alt 353 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Thar ceann an bhoird: Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora: Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora: Stiúrthóir Stiúrthóir Dáta Dáta
Ionas go mbeidh cuideachta i dteideal díolúine ó iniúchadh i leith cuideachta bheag, ní mór don chuideachta na critéir seo a leanas a chomhlíonadh i leith na bliana airgeadais lena mbaineann agus na bliana roimhe sin – alt 280A d'Acht na gCuideachtaí 2014.
Cuideachtaí beaga a éilíonn an díolúine ó iniúchadh agus an díolúine ar bhonn giorrú, níl mór dóibh iad seo a leanas a chomhdú:
Ráiteas Samplach le cur san áireamh ar Chlár Comhardaithe má tá an díolúine ó iniúchadh AGUS an díolúine i leith cuideachta bheag (giorrú) á n-éileamh: Sonraíonn mise/muidne, i mo cháil nó inár gcáil mar stiúrthóir nó stiúrthóirí (ainm na cuideachta): (a) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine dá bhforáiltear le Caibidil 15 de Chuid 6 d'Acht na gCuideachtaí 2014, (b) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine ar na forais go gcomhlíonann sí na coinníollacha a shonraítear in alt 358, (c) nár sheirbheáil scairshealbhóirí na cuideachta fógra ar an gcuideachta faoi alt 334(1) de réir alt 334(2), (d) go n-admhaímid oibleagáidí na cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí 2014, chun taifid chuntais chuí a choimeád agus Ráitis Airgeadais a ullmhú a thugann léargas fíorcheart ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta ag deireadh a bliana airgeadais agus ar a sochar nó a dochar don bhliain sin agus chun na forálacha d'Acht na gCuideachtaí 2014 a bhaineann le Ráitis Airgeadais a chomhlíonadh thairis sin a mhéid atá na forálacha sin infheidhmithe maidir leis an gcuideachta, *(e) gur bhraith an chuideachta ar an díolúine a shonraítear in alt 352 d'Acht na gCuideachtaí 2014; go ndearna an chuideachta é sin ar na forais go bhfuil an chuideachta i dteideal tairbhe a bhaint as an díolúine mar chuideachta bheag agus go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe ullmhaithe go cuí de réir alt 353 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Thar ceann an bhoird: Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora: Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora: Stiúrthóir Stiúrthóir Dáta: Dáta: (*Sa ráiteas thuas, úsáid alt (a) – alt (d) más rud é go bhfuil díolúine ó iniúchadh a héileamh agus cuir alt (e) leis má tá an díolúine i leith cuideachta bheag/giorrú á héileamh. Is féidir le cuideachta bheag ceachtar den dá dhíolúine thuas nó iad araon a éileamh ina cuid Ráiteas Airgeadais má tá sí incháilithe.)
Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, faoi alt 347(2) d'Acht na gCuideachtaí 2014, nach bhfuil gá a thuilleadh le sínithe i lámhscríbhinn ar na Ráitis Airgeadais arna gcomhdú leis an CRO – ina ionad sin, ní mór go mbeadh ainmneacha CLÓSCRÍOFA na sínitheoirí, agus an dáta sínithe, ar gach ceann de na doiciméid lena gcomhdhéantar na Ráitis Airgeadais arna gcomhdú mar chuid de thuairisceán bliantúil. Faoi alt 347, ní mór go gcomhlíonfadh cóip de dhoiciméad na coinníollacha seo a leanas: • tá sí ina cóip dhílis den doiciméad bunaidh ach amháin sa mhéid go bhfuil an síniú nó na sínithe agus aon dátaí atá ag gabháil leis nó leo i bhfoirm chlóscríofa seachas i scríbhinn, ar an gcóip, agus • tá deimhniú ag gabháil léi ar a bhfuil síniú stiúrthóra agus rúnaí i bhfoirm leictreonach nó i scríbhinn, á rá go bhfuil an chóip ina cóip dhílis den doiciméad bunaidh (clúdóidh deimhniú amháin gach ceann de na doiciméid lena mbaineann).
Tuarascáil na nIniúchóirí
Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith i dTuarascáil na nIniúchóirí.
Sonrófar i dtuarascáil reachtúil na n-iniúchóirí freisin cibé, dar leo, an bhfuil nó nach bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dtuarascáil na stiúrthóirí don bhliain airgeadais ag teacht leis na Ráitis Airgeadais reachtúla. Chomh maith leis sin, beidh sa tuarascáil, i ndáil le gach ní dá dtagraítear sna pointí thuas, ráiteas nó tuairim, de réir mar a bheidh, a bheidh neamhcháilithe nó cáilithe agus ina mbeidh tagairt d'aon nithe ar mian leis na hiniúchóirí reachtúla aird a dhíriú orthu gan an tuarascáil a cháiliú. Is féidir le ráiteas tuairime a bheith cáilithe, lena n-áirítear go feadh tuairim chodarsnach nó séanadh tuairime, i gcás ina mbeidh easaontas nó teorainn i raon feidhme na hoibre. Chomh maith leis sin, faoi alt 336(8) d'Acht na gCuideachtaí 2014, más rud é, i gcás aon Ráiteas Airgeadais reachtúil, nár comhlíonadh ceanglais alt 305 – alt 312, ní mór go gcuirfeadh na hiniúchóirí reachtúla san áireamh ina dtuarascáil, a mhéid is go bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh go réasúnach, ráiteas ina mbeidh na sonraí is gá. (Déileáiltear in alt 305 – alt 312 le luach saothair/leasanna/nochtadh sochar stiúrthóra agus le nochtadh banc ceadúnaithe). Faoi alt 336(2), ba chóir go mbeadh réamhrá sa tuarascáil ina sainaithnítear Ráitis Airgeadais an aonáin, agus nuair is cuí, na Ráitis Airgeadais ghrúpa, is ábhar an iniúchta, agus an creat tuairiscithe airgeadais a cuireadh i bhfeidhm ina n-ullmhú agus freisin cur síos ar raon feidhme an iniúchta agus na caighdeáin iniúchóireachta ar dá réir a rinneadh an t-iniúchadh a sheoladh.