Bróicéirí Árachais agus Tuairisceán Bliantúil

Cuireadh in iúl do Chláraitheoir na gCuideachtaí go bhfuil seans ann nach mbíonn bróicéirí árachais áirithe ag gníomhú i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá orthu faoi Acht na gCuideachtaí 2014 lántacar ráiteas airgeadais a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí in éineacht lena dtuairisceán bliantúil.

Leagtar síos le halt 280A d’Acht na gCuideachtaí 2014 na critéir cháilitheacha le haghaidh cuideachtaí beaga agus meánmhéide ar mian leo díolúine giorraithe a éileamh ó lánchuntais a chomhdú faoi théarmaí alt 352 den Acht.

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go n-eisiatar le fo-alt 11(b) d’alt 280a den Acht cineálacha áirithe cuideachtaí ón díolúine sin a éileamh. Foráiltear don méid seo a leanas le halt 280a:

“Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta sa chás-
(a) ……
(b) gur cuideachta a thagann faoi aon fhoráil (a mhéid is infheidhme maidir le cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna) de Sceideal 5.”
Dá bhrí sin, ní féidir le cuideachtaí Sceideal 5 cáiliú mar chuideachtaí beaga ná mar chuideachtaí meánmhéide faoi théarmaí alt 250. Ní féidir leo díolúine giorraithe ná díolúine ó iniúchadh a éileamh faoi théarmaí ailt 352 agus 358 den Acht ach oiread Liostaítear i Sceideal 5 a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí 2014 na cuideachtaí atá eisiata.