Díolúine ó iniúchadh

Díolúintí atá ar fáil i ndáil le Ráitis Airgeadais
Cé nach mór don chuideachta Ráitis Airgeadais iomlána a chur faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil, ag brath ar chineál agus ar mhéid na cuideachta d'fhéadfadh sí a bheith in ann díolúine a éileamh ó Ráitis Airgeadais iomlána, nó Ráitis Airgeadais ar bith, a chomhdú leis an CRO. Cuideachtaí a chomhlíonann critéir shonracha, is féidir go bhféadfaidís ceann amháin nó níos mó de na díolúintí seo a leanas a éileamh:

  • Díolúine ó Iniúchadh i leith Cuideachta Bheag
  • Díolúine ó Iniúchadh i leith Cuideachta Dhíomhaoin
  • Eisceacht ar bhonn méid/giorrú
  • Díolúine ó Ráitis Airgeadais a Chomhdú

Is féidir leat úsáid a bhaint as an tábla thíos chun a sheiceáil cad iad na díolúintí atá ar fáil do do chineál cuideachta. Chomh luath agus a bhunóidh tú gur féidir le do chineál chuideachta leas a bhaint as díolúine, ní mór do na stiúrthóirí a sheiceáil go gcomhlíonann do chuideachta na critéir don díolúine. 

Cineálacha cuideachtaí agus díolúintí Iniúchadh  Díomhaoin Ráitis Airgeadais Méid/giorrú Líon na gcomhaltaí ar féidir leo seasamh ar iniúchadh
Cuideachta TEO (Cuid 2 d'Acht na gCuideachtaí 2014)  TÁ  TÁ  NÍL  TÁ Tá Comhalta amháin nó níos mó in ionannas ar a laghad 10% de na Cearta vótála
Scaireanna CGA (Cuid 16, Acht na gCuideachtaí 2014) Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe  TÁ  TÁ  NÍL  TÁ Tá Comhalta amháin nó níos mó in ionannas ar a laghad 10% de na Cearta vótála
CGA Ráthaíochta
(Cuid 16, Acht na gCuideachtaí 2014) Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe
 TÁ  TÁ  TÁ  TÁ Tá Comhalta amháin nó níos mó in ionannas ar a laghad 10% de na Cearta vótála
CTR
(Cuid 18, Acht na gCuideachtaí 2014) Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta
 TÁ  TÁ  TÁ  TÁ 1 chomhalta amháin
CPT
(Cuid 17, Acht na gCuideachtaí 2014) Cuideachta Phoiblí Theoranta
 NÍL  NÍL  NÍL  NÍL Neamhbhainteach 
CPN
(Cuid 19, Acht na gCuideachtaí 2014) Cuideachta Phoiblí Neamhtheoranta
 NÍL  NÍL  NÍL  NÍL Neamhbhainteach 
CPNT
(Cuid 19, Acht na gCuideachtaí 2014) Cuideachta Phoiblí Neamhtheoranta gan scairchaipiteal
 NÍL  NÍL  NÍL  NÍL Neamhbhainteach
CNT neamhainmnithe
(Cuid 19, Acht na gCuideachtaí 2014) Cuideachta Phoiblí Neamhtheoranta
 TÁ  TÁ  TÁ  TÁ Tá Comhalta amháin nó níos mó in ionannas ar a laghad 10% de na Cearta vótála
CNT ainmnithe
(Cuid 19, Acht na gCuideachtaí 2014) Cuideachta Phoiblí Neamhtheoranta
 TÁ  TÁ  NÍL  TÁ Tá Comhalta amháin nó níos mó in ionannas ar a laghad 10% de na Cearta vótála

An bhfuil gach cineál cuideachta incháilithe don díolúine ar bhonn méid/giorrú ó Ráitis Airgeadais iomlána a chomhdú?

Ní bhaineann an díolúine méid le Cuideachtaí Poiblí Teoranta (CPT) ná Cuideachtaí Poiblí Neamhtheoranta (CPN/CPNT) ná le haon chuideachta a thagann faoi réim aon fhorála den Chúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 2014. Is féidir le gach cineál eile cuideachta atá aicmithe mar chuideachtaí beaga nó meánmhéide díolúine a éileamh ó Ráitis Airgeadais iomlána a chomhdú agus Ráitis Airgeadais ghiorraithe a chomhdú ina ionad sin (alt 353).  

An bhfuil gach cineál cuideachta incháilithe don díolúine ó iniúchadh do chuideachta bheag nó do chuideachta dhíomhaoin?

Níl na cuideachtaí seo a leanas i dteideal ceachtar díolúine:
(a) Cuideachtaí Poiblí Teoranta, Cuideachtaí Poiblí Neamhtheoranta agus Cuideachtaí Infheistíochta
(b) Foras creidmheasa nó gnóthas árachais
(c) Cuideachta dá dtagraítear sa Chúigiú Sceideal, Acht na gCuideachtaí 2014

Tá mionsonraithe sna hailt seo a leanas maidir leis na díolúintí atá ar fáil do chineálacha agus méideanna éagsúla cuideachtaí, agus maidir leis na coinníollacha a bhfuil feidhm acu: 

Cuideachtaí Beaga
Is féidir le cuideachta bheag a shásaíonn coinníollacha áirithe trí chineál díolúine a éileamh: 

  • Díolúine ó Ráitis Airgeadais iomlána a chomhdú ("Ráitis Airgeadais ghiorraithe") (alt 352)
  • Díolúine ó thuarascáil iniúchóirí a chomhdú (an "díolúine ó iniúchadh") (alt 360)
  • Díolúine do chuideachta dhíomhaoin (ar fáil do chuideachtaí beag beann ar a méid) (alt 365) 

Díolúine ó Ráitis Airgeadais iomlána a chomhdú (an díolúine "ar bhonn méid/giorrú") (alt 352)
Chun a bheith incháilithe mar chuideachta bheag agus leas a bhaint as an díolúine seo, ní mór do chuideachta DHÁ CHEANN nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh sa bhliain airgeadais reatha agus sa bhliain airgeadais roimhe sin (murab é an chéad bhliain airgeadais aici) (alt 350(2), 350(3) agus 350(5) d'Acht na gCuideachtaí 2014): 

  • Ní sháraíonn iomlán an chláir comhardaithe €6m
  • Ní sháraíonn an láimhdeachas €12m
  • Ní sháraíonn líon na bhfostaithe 50

(Níl díolúine ar fáil do chuideachtaí poiblí ach amháin i gcás CTRanna (Cuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta)).

Cuideachtaí beaga a éilíonn an "díolúine ar bhonn méid/giorrú", níl mór dóibh iad seo a leanas a chomhdú:

  • Clár Comhardaithe na cuideachta (leis an "ráiteas um dhíolúine do chuideachta bheag" – féach thíos)
  • Sliocht as tuarascáil na stiúrthóirí á shonrú céard é leas na stiúrthóirí i scaireanna agus i mbintiúir
  • Tuarascáil iniúchóirí (leis an gcuid de thuarascáil na n-iniúchóirí atá de dhíth nuair a bhítear ag éileamh na díolúine do chuideachta bheag (Alt 356(1) d'Acht na gCuideachtaí 2014)
  • Nótaí leis na Ráitis Airgeadais (alt 314 go dtí alt 323 d'Acht na gCuideachtaí 2014)  

Ráitis "díolúine ar bhonn méid/giorrú" i gcás cuideachta bheag:
Cuideachta a bhfuil an "díolúine ar bhonn méid/giorrú" á héileamh aici, ní mór di Tuarascáil na nIniúchóirí do na stiúrthóirí a chomhdú agus ní mór di an méid seo a leanas a lua ar a Clár Comhardaithe:

Sonraíonn mise/muidne, i mo cháil nó inár gcáil mar stiúrthóir nó stiúrthóirí (ainm na cuideachta) –

Gur bhraith an chuideachta ar an díolúine atá in alt 352 d'Acht na gCuideachtaí 2014; go ndearna an chuideachta é sin ar na forais go bhfuil sí i dteideal tairbhe a bhaint as an díolúine mar chuideachta bheag agus deimhním nó deimhnímid go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe ullmhaithe go cuí de réir alt 353 d'Acht na gCuideachtaí 2014.

Thar ceann an bhoird:


Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:             Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:
Stiúrthóir                                                       Stiúrthóir
Dáta                                                              Dáta

Díolúine ó thuarascáil iniúchóra a chomhdú (an "díolúine ó iniúchadh") (alt 360 d'Acht na gCuideachtaí 2014) Díolúine ó Iniúchadh i leith Cuideachta Bheag

Ionas go mbeidh cuideachta i dteideal díolúine ó iniúchadh i leith cuideachta bheag, ní mór don chuideachta na critéir seo a leanas a chomhlíonadh i leith na bliana airgeadais lena mbaineann agus na bliana roimhe sin – alt 280 d'Acht na gCuideachtaí 2014. 

  • Ní mór don chuideachta a bheith incháilithe mar "cuideachta bheag" 
  • Ní mór nach mbeadh an chuideachta in aon cheann de na 18 rang cuideachtaí atá liostaithe sa Cúigiú Sceideal d'Acht na gCuideachtaí 2014
  • Ní mór tuairisceán bliantúil na cuideachta, a bhfuil Ráitis Airgeadais ceangailte leis, a chomhdú in am an bhliain atá i gceist agus an bhliain roimhe sin (alt 363 d'Acht na gCuideachtaí 2014). 

Cuideachtaí beaga a éilíonn an díolúine ó iniúchadh agus an díolúine ar bhonn giorrú, níl mór dóibh iad seo a leanas a chomhdú:

  • Clár Comhardaithe na cuideachta (le (a) go (e) den "ráiteas um dhíolúine ó iniúchadh" san áireamh ag bun an Chláir Comhardaithe)
  • Sliocht as Tuarascáil na Stiúrthóirí á shonrú céard é leas na Stiúrthóirí i scaireanna agus i mbintiúir
  • Nótaí leis na Ráitis Airgeadais 

Ráiteas Samplach le cur san áireamh ar Chlár Comhardaithe má tá an díolúine ó iniúchadh AGUS an díolúine i leith cuideachta bheag (giorrú) á n-éileamh:
Sonraíonn mise/muidne, i mo cháil nó inár gcáil mar stiúrthóir nó stiúrthóirí (ainm na cuideachta): 

  • (a) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine dá bhforáiltear le Caibidil 15 de Chuid 6 d'Acht na gCuideachtaí 2014, 
  • (b) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine ar na forais go gcomhlíonann sí na coinníollacha a shonraítear in alt 358, 
  • (c) nár sheirbheáil scairshealbhóirí na cuideachta fógra ar an gcuideachta faoi alt 334(1) de réir alt 334(2), 
  • (d) go n-admhaímid oibleagáidí na cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí 2014, chun taifid chuntais chuí a choimeád agus Ráitis Airgeadais a ullmhú a thugann léargas fíorcheart ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta ag deireadh a bliana airgeadais agus ar a sochar nó a dochar don bhliain sin agus chun na forálacha d'Acht na gCuideachtaí 2014 a bhaineann le Ráitis Airgeadais a chomhlíonadh thairis sin a mhéid atá na forálacha sin infheidhmithe maidir leis an gcuideachta, 
  • *(e) gur bhraith an chuideachta ar an díolúine a shonraítear in alt 352 d'Acht na gCuideachtaí 2014; go ndearna an chuideachta é sin ar na forais go bhfuil an chuideachta i dteideal tairbhe a bhaint as an díolúine mar chuideachta bheag agus go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe ullmhaithe go cuí de réir alt 353 d'Acht na gCuideachtaí 2014. 

    Thar ceann an bhoird: 
     
    Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:                   Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:
    Stiúrthóir                                                             Stiúrthóir
    Dáta:                                                                   Dáta:

    (*Sa ráiteas thuas, úsáid alt (a) – alt (d) más rud é go bhfuil díolúine ó iniúchadh a héileamh agus cuir alt (e) leis má tá an díolúine i leith cuideachta bheag/giorrú á héileamh. Is féidir le cuideachta bheag ceachtar den dá dhíolúine thuas nó iad araon a éileamh ina cuid Ráiteas Airgeadais má tá sí incháilithe.) 

Díolúine ó Iniúchadh do Ghrúpchuideachta Bheag (alt 280B/359, Acht na gCuideachtaí 2014)


Baineann Díolúine ó Iniúchadh le haon ghrúpchuideachta má cháilíonn an grúpa ina iomláine mar Ghrúpa Beag. Ní mór go gcomhlíonfadh an grúpa ar fad agus a chuid foghnóthas go léir,  ina n-iomláine, dhá cheann de na 3 choinníoll seo a leanas d’fhonn Díolúine ó Iniúchadh i leith Grúpchuideachta a éileamh:

  • Ní sháraíonn iomlán an chláir comhardaithe, i ndáil leis an gcuideachta shealbhaíochta agus comhaltaí eile an ghrúpa, ina iomláine, €6 milliún.
  • Ní sháraíonn láimhdeachas na cuideachta sealbhaíochta agus chomhaltaí eile an Ghrúpa, ina iomláine, €12 milliún.
  • Ní sháraíonn meánlíon na ndaoine atá fostaithe ag an gcuideachta shealbhaíochta agus ag comhaltaí eile an ghrúpa, ina iomláine, 50 duine.

Ní mór na coinníollacha thuas a chomhlíonadh sa bhliain atá i gceist (ní mór na coinníollacha a chomhlíonadh freisin sa bhliain roimhe sin murab amhlaidh gurb í an chéad bhliain airgeadais atá i gceist i gcás na cuideachta sealbhaíochta).

Ní mór tuairisceán bliantúil na cuideachta, a bhfuil Ráitis Airgeadais ceangailte leis, a chomhdú i gceart agus in am don bhliain atá i gceist. Má dhéantar comhdú déanach ar thuairisceán bliantúil, cailleann an chuideachta an teidlíocht díolúine ó iniúchadh a éileamh sa dhá bhliain ina dhiaidh sin. Níl díolúine ó iniúchadh ar fáil sa chás ina mbeidh cuideachta shealbhaíochta nó foghnóthas laistigh de chatagóir áirithe (alt 362 d’Acht na gCuideachtaí 2014)

NÍL cuideachta shealbhaíochta agus na comhaltaí eile de Ghrúpa i dteideal na díolúine ó iniúchadh i leith Grúpa Beag má tá an chuideachta ina cuideachta a thagann faoi réim aon fhoráil de Sceideal 5, seachas cuideachta dá dtagraítear i mír 5 nó mír 16 de Sceideal 5 nó cuideachta urrúsaithe (alt 362(2) d’Acht na gCuideachtaí 2014).

Is Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe a bheidh i bhformhór na gcuideachtaí i mír 5 agus mír 16 de Sceideal 5 agus, ós rud é go bhfágann alt 994 d’Acht na gCuideachtaí 2014 nach bhfuil feidhm ag Cuid 6 d’Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás gach Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe ar forais chreidmheasa nó gnóthais árachais iad, níl siad i dteideal díolúine ó iniúchadh a éileamh faoi Chuid 6.

Cad is cuideachta urrúsaithe ann?
Is ionann cuideachta urrúsaithe agus cuideachta atá incháilithe chuige sin de réir bhrí alt 110 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, nó mar Chorparáid um Shásra Airgeadais. Más roimh an 1 Eanáir 2005, féach Airteagal 1(1) de Rialachán (CE) uimh. 24/2009 de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Más tar éis an 1 Eanáir 2005, féach Airteagal 1(1) de Rialachán (CE) uimh. 1075/2013 de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

An cás ina seirbheálfar fógra faoi alt 334 maidir le Grúpa Beag
• Má iarrann duine amháin nó níos mó de scairshealbhóirí na cuideachta, a bhfuil méid nach lú ná 10% de na cearta vótála acu (comhalta amháin i gcás cuideachta ráthaíochta (CTR)), nach mbainfidh an chuideachta leas as an díolúine agus má dhéanann sé nó sí nó siad fógra a sheirbheáil i scríbhinn chuige sin ar an gcuideachta sa bhliain airgeadais díreach roimh an mbliain airgeadais lena mbaineann nó le linn na bliana airgeadais lena mbaineann ach tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dheireadh na bliana sin, ní mór go ndéanfaí iniúchadh ar an gcuideachta. (Alt 334 d’Acht na gCuideachtaí 2014)
• Má dhéantar an fógra a sheirbheáil ar an gCuideachta Shealbhaíochta, ní féidir leis an nGrúpa leas a bhaint as díolúine ó iniúchadh.
• Má dhéantar an fógra a sheirbheáil ar fhochuideachta, ní féidir leis an bhfochuideachta leas a bhaint as díolúine ó iniúchadh.

Ráiteas um Dhíolúine ó Iniúchadh i leith Grúpchuideachta
Nuair a bhítear ag baint leasa as an díolúine, ní mór do stiúrthóirí na cuideachta na ráitis seo a leanas a áireamh ar chlár comhardaithe na cuideachta – luaitear alt 358 d’Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás seachas grúpa, alt 359 d’Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás Grúpa:

Sonraíonn muidne, stiúrthóirí (ainm na cuideachta) –

(a) “go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine dá bhforáiltear le Caibidil 15 de Chuid 6 d’Acht na gCuideachtaí 2014” (ní mór na focail shonracha sin a úsáid),
(b) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine ar na forais go gcomhlíonann sí na coinníollacha a shonraítear in alt 359,
(c) “ní dhearnadh aon fhógra faoi fho-alt (1) d’alt 334, de réir fho-alt (2) den alt sin, a sheirbheáil ar an gcuideachta” (agóid chomhaltaí), agus
(d) go n-admhaíonn na stiúrthóirí oibleagáidí na cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí 2014, chun –
(i) taifid chuntais chuí a choimeád agus Ráitis Airgeadais a ullmhú a thugann léargas fíorcheart ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta ag deireadh a bliana airgeadais agus ar a sochar nó a dochar don bhliain sin, agus (ii) chun na forálacha d’Acht na gCuideachtaí 2014 a bhaineann le Ráitis Airgeadais a chomhlíonadh thairis sin a mhéid atá na forálacha sin infheidhmithe maidir leis an gcuideachta.
(e) gur bhraith an chuideachta ar an díolúine a shonraítear in alt 352 d’Acht na gCuideachtaí 2014;
go ndearna an chuideachta é sin ar na forais go bhfuil an chuideachta i dteideal tairbhe a bhaint as an díolúine mar chuideachta bheag agus go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe ullmhaithe go cuí de réir alt 353 d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Thar ceann an bhoird:
Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:                                                           Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:
Stiúrthóir                                                                                                      Stiúrthóir
Dáta:                                                                                                            Dáta:
(*Sa ráiteas thuas, úsáid alt (a) – alt (d) más rud é go bhfuil díolúine ó iniúchadh a héileamh agus cuir alt (e) leis má tá an díolúine i leith cuideachta bheag/giorrú á héileamh. Is féidir le cuideachta bheag ceachtar den dá dhíolúine thuas nó iad araon a éileamh ina cuid Ráiteas Airgeadais má tá sí incháilithe.)

Cuideachta Dhíomhaoin

Díolúine ó Iniúchadh i leith Cuideachta Dhíomhaoin (alt 365, Acht na gCuideachtaí 2014)
NÍ BHAINEANN an Díolúine ó Iniúchadh i leith Cuideachta Dhíomhaoin go sonrach le méid na cuideachta. Is féidir le cuideachta a bheith incháilithe chun an díolúine ó iniúchadh a éileamh ar bhonn í a bheith díomhaoin.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith amhlaidh maidir le stiúrthóirí na cuideachta: 

  • (i) Tá siad den tuairim gurb amhlaidh, i leith na bliana airgeadais lena mbaineann, go bhfuil an chuideachta díomhaoin agus go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha a shonraítear in (a) agus (b) thíos, agus 
  • (ii) Cinnfidh siad gur chóir don chuideachta leas a bhaint as an díolúine sa bhliain sin (agus déanfaidh siad an cinneadh sin a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann): 
  • (a) Níl aon idirbheart cuntasaíochta suntasach aici (is é sin, idirbheart a cheanglaítear faoi alt 281 agus alt 282 d'Acht na gCuideachtaí 2014 atá le breacadh síos i dtaifid chuntasaíochta na cuideachta; agus 
  • (b) Ní chuimsítear lena cuid sócmhainní agus dliteanas ach amháin sócmhainní agus dliteanais atá ceadaithe (.i. infheistíochtaí i scaireanna de chuid grúpghnóthas eile, agus suimeanna atá dlite dóibh nó uathu).

Agus cinneadh á dhéanamh cibé an bhfuil nó nach bhfuil cuideachta díomhaoin chun críocha alt 365, cuirtear an méid seo a leanas as an áireamh:

(a) aon idirbheart a eascraíonn as glacadh scaireanna sa chuideachta ag sínitheoir bunreachta mar thoradh ar ghníomhaíocht a rinne sé nó sí i dtaca le foirmiú na cuideachta; 
(b) aon idirbheart lena gcuimsítear na nithe seo a leanas—
(i) táille a íoc leis an gCláraitheoir ar athrú ainm na cuideachta;
(ii) táille a íoc leis an gCláraitheoir ar ath-chlárú na cuideachta; nó
(iii) táille a íoc leis an gCláraitheoir maidir le tuairisceán bliantúil a chlárú (lena n-áirítear aon táille de mhéid méadaithe de bhua rialachán faoi alt 889(6)).

An ceart atá ag comhaltaí chun easaontú leis an díolúine ó iniúchadh, ní bhaineann sé le cuideachta dhíomhaoin (alt 334(5) d'Acht na gCuideachtaí 2014).

Díolúine ó iniúchadh i leith cuideachta dhíomhaoin – ráitis atá le háireamh sa chlár comhardaithe (alt 365): Nuair a bhítear ag baint leasa as an díolúine i leith cuideachta dhíomhaoin, ní mór do stiúrthóirí na cuideachta na ráitis seo a leanas a áireamh ar chlár comhardaithe na cuideachta:

Sonraíonn mise/muidne, i mo cháil nó inár gcáil mar stiúrthóir nó stiúrthóirí (ainm na cuideachta):

(a) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine ó iniúchadh dá bhforáiltear le Caibidil 16 de Chuid 6 d'Acht na gCuideachtaí 2014; 
(b) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine ar na forais go gcomhlíonann sí na coinníollacha a shonraítear in alt 365(2)'; 
(c) go n-admhaímid oibleagáidí na cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí 2014, chun taifid chuntais chuí a choimeád agus chun Ráitis Airgeadais a ullmhú a thugann léargas fíorcheart ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta ag deireadh a bliana airgeadais agus ar a sochar nó a dochar don bhliain sin agus chun na forálacha d'Acht na gCuideachtaí 2014 a bhaineann le Ráitis Airgeadais a chomhlíonadh thairis sin a mhéid atá na forálacha sin infheidhmithe maidir leis an gcuideachta; 
(d) deimhnímid leis seo gur bhraitheamar ar an díolúine a shonraítear in alt 365 d'Acht na gCuideachtaí 2014 ar na forais go bhfuil an chuideachta i dteideal tairbhe a bhaint as an díolúine sin mar chuideachta dhíomhaoin.

Thar ceann an bhoird:

Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:                              Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:
Stiúrthóir                                                                         Stiúrthóir
Dáta:                                                                               Dáta: