Tá sé de dhualgas ar chuideachta shealbhaíochta a cuid Ráiteas Airgeadais féin agus Ráitis Airgeadais Ghrúpa chomhdhlúithe a chomhdú mura bhfuil sí díolmhaithe ó sin a dhéanamh. Díolúine ó chomhdhlúthú: cuideachta shealbhaíochta is foghnóthas de ghnóthas atá cláraithe sa LEE (alt 299, Acht na gCuideachtaí 2014) Cuideachta shealbhaíochta níos ísle is fochuideachta í, is féidir go mbeidh sí díolmhaithe ón gceanglas Ráitis Airgeadais Ghrúpa a ullmhú más rud é:
(Féach alt 300 d'Acht na gCuideachtaí 2014, maidir le díolúine ó chomhdhlúthú: cuideachta shealbhaíochta is foghnóthas de ghnóthas atá cláraithe lasmuigh den LEE). Díolúine d'Fhochuideachta óna cuid Ráiteas Airgeadais féin a chur i gceangal lena tuairisceán bliantúil (alt 357, Acht na gCuideachtaí 2014) (díolúine faoi Alt 17 mar a bhíodh): Cuideachta is foghnóthas de ghnóthas sealbhaíochta atá bunaithe faoi dhlíthe stát de chuid LEE, beidh sí díolmhaithe, maidir le haon bhliain airgeadais ar leith, ón gceanglas a cuid Ráiteas Airgeadais féin a chur i gceangal lena tuairisceán bliantúil agus féadfaidh sí Ráitis Airgeadais Ghrúpa a chur i gceangal leo ina n-ionad sin ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
Díolúine ó Iniúchadh do Ghrúpchuideachta Bheag (alt 359, Acht na gCuideachtaí 2014/alt 280b) Baineann Díolúine ó Iniúchadh le haon ghrúpchuideachta má cháilíonn an grúpa ina iomláine mar Ghrúpa Beag. Ní mór go gcomhlíonfadh an grúpa ar fad agus a chuid foghnóthas go léir, ina n-iomláine, dhá cheann de na 3 choinníoll seo a leanas d'fhonn Díolúine ó Iniúchadh i leith Grúpchuideachta a éileamh:
Ní mór na coinníollacha thuas a chomhlíonadh sa bhliain atá i gceist (ní mór na coinníollacha a chomhlíonadh freisin sa bhliain roimhe sin murab amhlaidh gurb í an chéad bhliain airgeadais atá i gceist i gcás na cuideachta sealbhaíochta) (alt 359(5) d'Acht na gCuideachtaí 2014). Ní mór tuairisceán bliantúil na cuideachta, a bhfuil Ráitis Airgeadais ceangailte leis, a chomhdú i gceart agus in am don bhliain atá i gceist agus don bhliain roimhe sin (alt 364 d'Acht na gCuideachtaí 2014). Níl díolúine ó iniúchadh ar fáil sa chás ina mbeidh cuideachta shealbhaíochta nó foghnóthas laistigh de chatagóir áirithe (alt 362 d'Acht na gCuideachtaí 2014) NÍL cuideachta shealbhaíochta agus na comhaltaí eile de Ghrúpa i dteideal na díolúine ó iniúchadh i leith Grúpa Beag má tá an chuideachta ina cuideachta a thagann faoi réim aon fhoráil de Sceideal 5 (féach Aguisín 5), seachas cuideachta dá dtagraítear i mír 5 nó mír 16 de Sceideal 5 nó cuideachta urrúsaithe (alt 362(2) d'Acht na gCuideachtaí 2014). Is Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe a bheidh i bhformhór na gcuideachtaí i mír 5 agus mír 16 de Sceideal 5 agus, ós rud é go bhfágann alt 994 d'Acht na gCuideachtaí 2014 nach bhfuil feidhm ag Cuid 6 d'Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás gach Cuideachta Gníomhaíochta Ainmnithe ar forais chreidmheasa nó gnóthais árachais iad, níl siad i dteideal díolúine ó iniúchadh a éileamh faoi Chuid 6. Cad is cuideachta urrúsaithe ann? Is ionann cuideachta urrúsaithe agus cuideachta atá incháilithe chuige sin de réir bhrí alt 110 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, nó mar Chorparáid um Shásra Airgeadais. Más roimh an 1 Eanáir 2005, féach Airteagal 1(1) de Rialachán (CE) uimh. 24/2009 de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Más tar éis an 1 Eanáir 2005, féach Airteagal 1(1) de Rialachán (CE) uimh. 1075/2013 de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh. An cás ina seirbheálfar fógra faoi alt 334 maidir le Grúpa Beag
Ráiteas um Dhíolúine ó Iniúchadh i leith Grúpchuideachta Nuair a bhítear ag baint leasa as an díolúine, ní mór do stiúrthóirí na cuideachta na ráitis seo a leanas a áireamh ar chlár comhardaithe na cuideachta – luaitear alt 358 d'Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás seachas grúpa, alt 359/280B d'Acht na gCuideachtaí 2014 i gcás Grúpa: Sonraíonn muidne, stiúrthóirí (ainm na cuideachta) – (a) "go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine dá bhforáiltear le Caibidil 15 de Chuid 6 d'Acht na gCuideachtaí 2014" (ní mór na focail shonracha sin a úsáid), (b) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine ar na forais go gcomhlíonann sí na coinníollacha a shonraítear in alt 359, (c) "ní dhearnadh aon fhógra faoi fho-alt (1) d'alt 334, de réir fho-alt (2) den alt sin, a sheirbheáil ar an gcuideachta" (agóid chomhaltaí), agus (d) go n-admhaíonn na stiúrthóirí oibleagáidí na cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí 2014, chun – (i) taifid chuntais chuí a choimeád agus Ráitis Airgeadais a ullmhú a thugann léargas fíorcheart ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta ag deireadh a bliana airgeadais agus ar a sochar nó a dochar don bhliain sin, agus (ii) chun na forálacha d'Acht na gCuideachtaí 2014 a bhaineann le Ráitis Airgeadais a chomhlíonadh thairis sin a mhéid atá na forálacha sin infheidhmithe maidir leis an gcuideachta. Thar ceann an bhoird: Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora: Stiúrthóir Stiúrthóir Dáta Dáta