Micreachuideachta

Tháinig Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017, i bhfeidhm le héifeacht ón 1 Meitheamh 2017.
Is le halt 15 a leasaítear Cuid 6 d’Acht na gCuideachtaí, 2014. Cuirtear Caibidil nua 1A (ailt 280A – 280H) isteach leis an alt, ar caibidil í lena bhforáiltear do na critéir trína gcáileoidh cuideachtaí mar “cuideachtaí beaga”, “cuideachtaí meánmhéide” nó “cuideachtaí móra”. Tugtar catagóir nua cuideachta isteach leis freisin, is é sin, “micreachuideachta”.

Díolúine

Is féidir cuideachtaí beaga bheith díolmhaithe ó na ceanglais iomlán a bhaineann le cuntais bhliantúla maidir le haon bhliain airgeadais lena mbaineann más rud maidir leis an mbliain sin agus an bhliain airgeadais atá díreach roimh an mbliain sin, go gcomhlíonann an chuideachta dhá cheann de na trí choinníoll mar seo a leanas:

Iomlán a cláir chomhardaithe gan bheith níos mó ná €350,000
Láimhdeachais gan bheith níos mó ná €700,000
Líon na ndaoine i bhfostaíocht gan bheith níos mó ná 10

(Baineann Alt 280D d’Acht na gCuideachtaí 2014. agus alt 15 Companies (Accounting) Act 2017) Ní mór dá cuid iniúchóirí deimhniú go bhfuil teideal díolúine ag cuideachta ar bhonn a méide.

Ráitis "díolúine ar bhonn méid/giorrú" i gcás micreachuideachta:
Cuideachta a bhfuil an "díolúine ar bhonn méid/giorrú" á héileamh aici, ní mór di Tuarascáil na nIniúchóirí do na stiúrthóirí a chomhdú agus ní mór di an méid seo a leanas a lua ar a Clár Comhardaithe:

Sonraíonn mise/muidne, i mo cháil nó inár gcáil mar stiúrthóir nó stiúrthóirí (ainm na cuideachta) –

Gur bhraith an chuideachta ar an díolúine atá in alt 352 d'Acht na gCuideachtaí 2014; go ndearna an chuideachta é sin ar na forais go bhfuil sí i dteideal tairbhe a bhaint as an díolúine mar chuideachta micro agus deimhním nó deimhnímid go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe ullmhaithe go cuí de réir alt 353 d'Acht na gCuideachtaí 2014.

Thar ceann an bhoird: 
 
Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:             Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:
Stiúrthóir                                                       Stiúrthóir
Dáta                                                              Dáta

Ionas go mbeidh cuideachta i dteideal díolúine ó iniúchadh i leith cuideachta micro, ní mór don chuideachta na critéir seo a leanas a chomhlíonadh i leith na bliana airgeadais lena mbaineann agus na bliana roimhe sin – alt 280D d'Acht na gCuideachtaí 2014. 

  • Ní mór don chuideachta a bheith incháilithe mar "micreachuideachta".
  • Ní mór tuairisceán bliantúil na cuideachta, a bhfuil Ráitis Airgeadais ceangailte leis, a chomhdú in am an bhliain atá i gceist agus an bhliain roimhe sin (alt 363 d'Acht na gCuideachtaí 2014).

Cuideachtaí beaga a éilíonn an díolúine ó iniúchadh agus an díolúine ar bhonn giorrú, níl mór dóibh iad seo a leanas a chomhdú:

  • Clár Comhardaithe na cuideachta (le (a) go (e) den "ráiteas um dhíolúine ó iniúchadh" san áireamh ag bun an Chláir Comhardaithe)
  • Sliocht as Tuarascáil na Stiúrthóirí á shonrú céard é leas na Stiúrthóirí i scaireanna agus i mbintiúir
  • Nótaí leis na Ráitis Airgeadais

Ráiteas Samplach le cur san áireamh ar Chlár Comhardaithe má tá an díolúine ó iniúchadh AGUS an díolúine i leith cuideachta micro (giorrú) á n-éileamh:
Sonraíonn mise/muidne, i mo cháil nó inár gcáil mar stiúrthóir nó stiúrthóirí (ainm na cuideachta):

(a) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine dá bhforáiltear le Chuid 6 d'Acht na gCuideachtaí 2014,

(b) go bhfuil an chuideachta ag baint leasa as an díolúine ar na forais go gcomhlíonann sí na coinníollacha a shonraítear in alt 358,

(c) nár sheirbheáil scairshealbhóirí na cuideachta fógra ar an gcuideachta faoi alt 334(1) de réir alt 334(2),

(d) go n-admhaímid oibleagáidí na cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí 2014, chun taifid chuntais chuí a choimeád agus Ráitis Airgeadais a ullmhú a thugann léargas fíorcheart ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta ag deireadh a bliana airgeadais agus ar a sochar nó a dochar don bhliain sin agus chun na forálacha d'Acht na gCuideachtaí 2014 a bhaineann le Ráitis Airgeadais a chomhlíonadh thairis sin a mhéid atá na forálacha sin infheidhmithe maidir leis an gcuideachta,

*(e) gur bhraith an chuideachta ar an díolúine a shonraítear in alt 352 d'Acht na gCuideachtaí 2014; go ndearna an chuideachta é sin ar na forais go bhfuil an chuideachta i dteideal tairbhe a bhaint as an díolúine mar chuideachta bheag agus go bhfuil na Ráitis Airgeadais ghiorraithe ullmhaithe go cuí de réir alt 353 d'Acht na gCuideachtaí 2014.  

Thar ceann an bhoird: 
 
Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:         Ainm CLÓSCRÍOFA an tSínitheora:
Stiúrthóir                                                   Stiúrthóir
Dáta:                                                         Dáta:

(*Sa ráiteas thuas, úsáid alt (a) – alt (d) más rud é go bhfuil díolúine ó iniúchadh a héileamh agus cuir alt (e) leis má tá an díolúine i leith cuideachta bheag/giorrú á héileamh. Is féidir le cuideachta bheag ceachtar den dá dhíolúine thuas nó iad araon a éileamh ina cuid Ráiteas Airgeadais má tá sí incháilithe.)

Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, faoi alt 347(2) d'Acht na gCuideachtaí 2014, nach bhfuil gá a thuilleadh le sínithe i lámhscríbhinn ar na Ráitis Airgeadais arna gcomhdú leis an CRO – ina ionad sin, ní mór go mbeadh ainmneacha CLÓSCRÍOFA na sínitheoirí, agus an dáta sínithe, ar gach ceann de na doiciméid lena gcomhdhéantar na Ráitis Airgeadais arna gcomhdú mar chuid de thuairisceán bliantúil.

Faoi alt 347, ní mór go gcomhlíonfadh cóip de dhoiciméad na coinníollacha seo a leanas:

• tá sí ina cóip dhílis den doiciméad bunaidh ach amháin sa mhéid go bhfuil an síniú nó na sínithe agus aon dátaí atá ag gabháil leis nó leo i bhfoirm chlóscríofa seachas i scríbhinn, ar an gcóip, agus
• tá deimhniú ag gabháil léi ar a bhfuil síniú stiúrthóra agus rúnaí i bhfoirm leictreonach nó i scríbhinn, á rá go bhfuil an chóip ina cóip dhílis den doiciméad bunaidh (clúdóidh deimhniú amháin gach ceann de na doiciméid lena mbaineann).

Faoi théarmaí alt 325 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, arna leasú le halt 41 d’Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017, ní cheanglaítear ar mhicreachuideachtaí tuarascáil stiúrthóirí a ullmhú ar an gcoinníoll go ndéanfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi alt 328 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, a áireamh mar nóta nó mar fhonóta leis an gclár comhardaithe. (alt 328 - ceannach nó diúscairt a gcuid scaireanna).

Tá cuideachtaí beaga agus micreachuideachtaí díolmhaithe ó cheanglais alt 326(3) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, lena bpléitear le hionstraimí airgeadais. Tá siad díolmhaithe freisin ó cheanglais alt 327(1) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, lena bpléitear le hathbhreithnithe gnó. 

Tuarascáil na nIniúchóirí

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith i dTuarascáil na nIniúchóirí. 

  • Cibé acu an bhfuair siad nó nach bhfuair siad an fhaisnéis agus na mínithe go léir ba ghá, fad ab eol dóibh agus mar a chreid siad chun críocha a n-iniúchta.
  • Cibé acu, dar leo, an raibh nó nach raibh taifid chuntasaíochta na cuideachta leordhóthanach ionas go bhféadfaí na Ráitis Airgeadais a iniúchadh go héasca agus go cuí,
  • Cibé acu, dar leo, an bhfuarthas nó nach bhfuarthas faisnéis agus tuairisceáin is leordhóthanach dá n-iniúchadh ó bhrainsí den chuideachta nár thug siad cuairt orthu, 
  • I gcás Ráitis Airgeadais aonáin, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil clár comhardaithe na cuideachta agus, ach amháin sa chás ina bhfuil leas bainte as an díolúine faoi alt 304, an cuntas sochair agus dochair ag teacht leis na taifid chuntasaíochta agus na tuairisceáin,
  • Cibé acu, dar leo, an dtugtar nó nach dtugtar iontu léargas fíorcheart – i gcás clár comhardaithe aonáin, ar shócmhainní, dliteanais agus staid airgeadais na cuideachta amhail ag deireadh na bliana airgeadais – i gcás cuntas sochair agus dochair aonáin, ar shochar agus dochar na cuideachta don bhliain airgeadais
    - i gcás Ráitis Airgeadais ghrúpa, ar na sócmhainní, na dliteanais, agus an staid airgeadais amhail ag deireadh na bliana airgeadais agus ar an sochar agus dochar do bhliain airgeadais na ngnóthas ar áireamh sa chomhdhlúthú ina iomláine, a mhéid a bhaineann le comhaltaí na Cuideachta,
  • Cibé an bhfuil nó nach bhfuil na Ráitis Airgeadais reachtúla ullmhaithe go cuí de réir an chreata tuairiscithe airgeadais iomchuí agus, go háirithe, de réir cheanglais Acht na gCuideachtaí 2014 (agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 4 den Rialachán IAS)

Sonrófar i dtuarascáil reachtúil na n-iniúchóirí freisin cibé, dar leo, an bhfuil nó nach bhfuil an fhaisnéis a thugtar i dtuarascáil na stiúrthóirí don bhliain airgeadais ag teacht leis na Ráitis Airgeadais reachtúla.

Chomh maith leis sin, beidh sa tuarascáil, i ndáil le gach ní dá dtagraítear sna pointí thuas, ráiteas nó tuairim, de réir mar a bheidh, a bheidh neamhcháilithe nó cáilithe agus ina mbeidh tagairt d'aon nithe ar mian leis na hiniúchóirí reachtúla aird a dhíriú orthu gan an tuarascáil a cháiliú. Is féidir le ráiteas tuairime a bheith cáilithe, lena n-áirítear go feadh tuairim chodarsnach nó séanadh tuairime, i gcás ina mbeidh easaontas nó teorainn i raon feidhme na hoibre.

Chomh maith leis sin, faoi alt 336(8) d'Acht na gCuideachtaí 2014, más rud é, i gcás aon Ráiteas Airgeadais reachtúil, nár comhlíonadh ceanglais alt 305 – alt 312, ní mór go gcuirfeadh na hiniúchóirí reachtúla san áireamh ina dtuarascáil, a mhéid is go bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh go réasúnach, ráiteas ina mbeidh na sonraí is gá. 

 Faoi alt 336(2), ba chóir go mbeadh réamhrá sa tuarascáil ina sainaithnítear Ráitis Airgeadais an aonáin, agus nuair is cuí, na Ráitis Airgeadais ghrúpa, is ábhar an iniúchta, agus an creat tuairiscithe airgeadais a cuireadh i bhfeidhm ina n-ullmhú agus freisin cur síos ar raon feidhme an iniúchta agus na caighdeáin iniúchóireachta ar dá réir a rinneadh an t-iniúchadh a sheoladh.